21.7.12

An sean is an nua!

Bhí cruinniú ag Aontas Esperanto na hEorpa i nGaillimh i mí Iúl 2012. Bhí cainráiteach ann ar ndóigh, ina measc Uachtarán na hÉireann, agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Seo mar a labhair sé ar an ocáid ag taispeáint a dhearcadh ar an teanga, a stair, a stádas agus a todhchaí, mar an teanga scríofa is sine i dtuaisceart na hÉorpa ós comhair comhdháil ag céiliúradh an teanga is nua ar domhain.



A dhaoine uaisle,

Is mór an onóir agus an phribhléid dom cuireadh a fháil le labhairt libh ag bhur gcomhdháil anseo i nGaillimh. Gabhaim buíochas le lucht eagraithe na comhdhála agus go háirithe le mo chara, an Dr Seán Ó Riain, as an gcuireadh labhairt libh anseo inniu.

Ba mhaith liom cur leis an bhfáilte atá curtha cheana féin roimh na cuairteoirí idirnáisiúnta go hÉirinn agus fáilte a chur romhaibh ar fad go Gaillimh. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe agus taitneamh as bhur gcuid ama inár measc.

An Dr LL Zamenhof
Aireagóir Esparanto 1887
Níl amhras ar bith orm ach go mbaineann luachanna uaisle leis na haidhmeanna atá luaite le gluaiseacht Esperanto, mar atá siad dearbhaithe i bhforógra Phrág – an tacaíocht don chumarsáid dhaonlathach, don oideachas domhanda, do mhúineadh éifeachtach teangacha, do chearta teanga agus do shaoirse an duine.  Tuigim gur 125 bliain ó shin a chéadseoladh Esperanto mar theanga agus go bhfuil cainteoirí aici anois i 115 tír ar fud an domhain. Is mór an dul chun cinn atá déanta ón chéad chomhdháil domhanda de lucht Esperanto sa bhFrainc i 1905.

Tá áthas ormsa mar Choimisinéir Teanga deis a bheith agam léargas a thabhairt daoibh ar staid na dteangacha anseo sa tír seo agus eolas a roinnt libh faoi na cúraimí atá orm féin.

Teangaí in Éirinn
Ba mhaith liom a rá ar dtús gur tír ilteangach í Éire. Tá na céadta teanga á labhairt anseo. Go deimhin, i suirbhé a rinne ceann d’ollscoileanna na tíre seo cúpla bliain ó shin, tháinig siad ar líon na dteangacha a bhí á labhairt anseo ag an am, 167 ar fad.

Ach is ceart dom a mhíniú go soiléir nach bhfuil stádas mar theangacha oifigiúla ach ag péire de na teangacha sin, Gaeilge agus Béarla.

An Ghaeilge
Aithnítear i mBunreacht na hÉireann gurbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil ós í an teanga náisiúnta í. Teanga náisiúnta í sa mhéid is gurbh í an teanga stairiúil í a labhraíodh anseo le suas le dhá mhíle bliain. Agus maireann sí fós mar theanga bheo phobail i gceantair áirithe theoranta, ar chósta an Iarthair den chuid is mó. Tháinig an teanga sin anuas ó ghlúin go glúin sna ceantair sin, gan bhriseadh, gan bhearna agus is é an dúshlán mór atá romhainn í a chosaint, a chaomhnú agus a chur chun cinn mar theanga bheo.

Tá an limistéar Gaeltachta is mó agus is láidre ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail ar leic an dorais agaibh anseo ag bhur gcomhdháil  i nGaillimh – ceantar Chonamara. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt don oiread agus is féidir agaibh cuairt a thabhairt orainn sa cheantar Gaeltachta sin fad is atá sibh inár measc anseo agus tuilleadh tuisceana a fháil ar ár dteanga náisiúnta. Tá sí ar an teanga scríofa is sine i dTuaisceart na hEorpa a mhaireann fós mar theanga bheo phobail.

Ach, ar ndóigh, tá stádas mar theanga oifigiúil eile ag an mBéarla anseo agus is í sin an teanga is mó as a mbaintear úsáid i mbeagnach gach gné de shaol na tíre. I ndeireadh an 12ú haois a tháinig an Béarla chun na tíre seo den chéad uair le hionradh na Normannach agus tá sí ag neartú léi anseo ó shin. Is faoin 16ú agus 17ú haois a thosaigh na heachtraí ba mhó tionchar ó thaobh mheath na teanga nuair a thit an tsochaí chumhachtach Ghaelach as a chéile de réir mar a threisigh réimeas na Sasanach in Éirinn.

Faoi dheireadh an 18ú haois, pobal aonteangach Gaeilge a bhí i leath de dhaonra na tíre, ar bhochtáin iad a bhformhór. Rinne an Gorta Mór ó 1846-9, agus an eisimirce a lean de, léirscrios ar an bpobal seo. Faoi dheireadh na haoise sin, ní raibh ach aon faoin gcéad den phobal ar chainteoirí aonteangacha Gaeilge iad. Sin é an leagan amach a bhí ar chúrsaí nuair a bunaíodh an Stát. Agus bhí caomhnú agus cur chun cinn na teanga mar chuid de pholasaí an Stáit ó shin i leith. Ach is í firinne an scéil go raibh an uair sin agus go bhfuil fós an Béarla in uachtar i mbeagnach gach gné de shaol na tíre, agus gurbh í atá mar ghnáth-theanga ag formhór mór an phobail i gcoitinne.

Is ábhar bróid dúinn, áfach, go bhfuil Gaeilge fós ag céatadán suntasach den phobal anseo. Sa daonáireamh deiridh a foilsíodh níos luaithe i mbliana, léirigh 1.77 milliún duine go raibh Gaeilge acu, os cionn 41% den phobal.  San áireamh sna staitisticí sin tá réimse leathan cumais i gceist ó dhaoine nach bhfuil acu ach beagán bídeach den teanga go dtí cainteoirí dúchais, líofa.

Fós féin, feictear domsa go dtaispeánann an figiúr sin an leibhéal ard tacaíochta agus measa atá ag an bpobal i gcoitinne ar an teanga, agus gur mhian le cuid mhór acu a bheith áirithe ina measc sin a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu.

Sa bhreis air sin, tá a fhios againn go bhfuil sciar mór eile den phobal ar mian leo go mairfeadh an teanga fiú mura bhfuil sí ar a dtoil acu féin. Léirigh suirbhé gairmiúil eile cúpla bliain ó shin go raibh 93% de phobal na tíre a thacaigh le caomhnú nó le cur chun cinn na Gaeilge: faoi bhun 7% a bhí glan ina coinne.

Mar a dúirt mé, ó bunaíodh an Stát anseo 90 bliain ó shin bhí athbheochan na Gaeilge aitheanta i gcónaí mar phrionsabal tábhachtach ag gach Rialtas. Is ceacht de chuid na staire é gur éirigh le hiarrachtaí agus scéimeanna áirithe níos fearr ná a chéile.

Ar na buntáistí agus deiseanna oifigiúla atá ann don teanga, tá aitheantas mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach, aitheantas i mBunreacht na tíre mar phríomhtheanga oifigiúil, cead í a úsáid i dTithe an Oireachtais (sin tithe na parlaiminte) agus i ngach cúirt sa tír.

Tá Acht Teanga mar thaca aici a chuireann dualgas áirithe ar gach ceann de 650 comhlacht stáit cuid dá seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, agus oifig neamhspleách le cinntiú go bhfuiltear ag cloí le forálacha an Achta sin. Achtaíodh na scórtha Achtanna parlaiminte eile a thugann aitheantas don teanga i gcúrsaí pleanála, oideachais, craoltóireachta, Gaeltachta agus eile.

Tá sé de dhualgas ar fhormhór gach dalta scoile staidéar a dhéanamh ar an teanga ar feadh c.1,500 uair an chloig le linn na dtrí bliana déag a bhíonn siad ag freastal ar scoil – ó chúig bliana go dtí ocht mbliana déag d’aois agus tacaíocht a bheith á tabhairt don oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge agus an teanga a bheith á múineadh in iliomad ollscoileanna, lasmuigh den tír seo féin.

Tá, ar ndóigh, Aire agus Roinn Rialtais againn a bhfuil an teanga mar chúram ar leith orthu, stáisiún náisiúnta raidió atá ag craoladh sa teanga ar fud na tíre agus an domhain mhóir, stáisiún teilifíse a bhfuil cuid mhór dá chraoladh laethúil i nGaeilge le drámaíocht, siamsaíocht, nuacht, spórt agus eile.

Tá dhá nuachtán sheachtainiúla ar fáil i nGaeilge agus irisí agus foilseacháin eile.

Tá foras stáit trasteorann againn leis an teanga a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann chomh maith le heagraíocht forbartha Gaeltachta. Tá córas nua pleanála teanga do na limistéir Ghaeltachta á bheartú faoi Acht nua atá ar tí a rite sa pharlaimint anseo.

Laistigh den chóras oideachais tá aitheantas agus tacaíocht á dtabhairt do Ghaelscoileanna, scoileanna a chuireann a gcuid oideachais ar fad ar fáil trí Ghaeilge, tá scéimeanna tacaíochta ann le haghaidh chur chun cinn na litríochta, na drámaíochta agus na n-ealaíon eile trí Ghaeilge agus, ar ndóigh, tá eagraíochtaí, coistí agus comhairlí de gach cineál ann ag scrúdú staid na teanga agus ag forbairt bealaí lena cur chun cinn.

Is beag suáilce nó sochar, sonas nó gradam oifigiúil nach bhfuil bronnta ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile in imeacht na mblianta, ach is ceist eile ar fad é an bhfuil foirfeacht agus lánéifeacht i gceist leo seo ar fad.

Teanga i mbaol
Fós féin, is teanga í atá faoi bhrú agus i gcontúirt. Ní dócha go raibh sí chomh leochaileach aon uair is atá anois sna ceantair Ghaeltachta. Tá an-bhrú ar aos óg na Gaeltachta ó mhórmheáin chumarsáide an Bhéarla – saol an cheoil, na siamsaíochta, an fhaisin agus na scannán – síorbhrú cultúrtha gan stad gan staonadh.

Níl amhras ar bith orm ach gur scáfar an beart é dá ligfí don teanga bás a fháil anois. B’uafásach an chailliúint é an tsaíocht agus an saibhreas seanchais agus cultúir a chaillfí dá bharr agus ba bhoichte mar náisiún agus mar phobal muid. Cuid dár n-oidhreacht í an teanga agus níor thug aon náisiún neamhspleách, ceannasach uathu riamh dá dtoil féin gné chomh lárnach sin dá ndúchas.

Mhair an teanga trí bhlianta crua agus dearóile – curtha ar aghaidh gan bhriseadh ó ghlúin go glúin – agus ba dhona an mhaise é a cheapadh go dtiocfadh briseadh anois ar shlabhra sin na staire. An nasc teanga sin a shíneann siar isteach sna cianta, b’fhurasta an rud go ligfí dó briseadh ach ba thruamhéalach an toradh a bheadh ar an gcliseadh sin.

Níl an Ghaeilge ina haonar mar theanga atá i mbaol, ar ndóigh, agus áiríonn na saineolaithe teangeolaíochta go bhféadfadh 90% de theangach an domhain a bheith i mbaol a gcaillte. Meastar go bhfuil thart ar 6,700 ar dhromchla an domhain ach go bhféadfadh an líon sin a bheith laghdaithe go dtí 700 faoi cheann 100 bliain eile. Is ionann sin agus níos mó ná teanga amháin ar dhromchla an domhain a bheith á cailliúint gach seachtain, seachtain i ndiaidh seachtaine, ar feadh 100 bliain.

Tá cuid de na saineolaithe den bharúil go bhfuil seans ann go mbeidh an Ghaeilge ar cheann de na teangacha a mhairfidh thar thairseach an chéid seo chugainn. Luaitear dhá shlat tomhais leis sin: tacaíocht ó stát neamhspleách agus pobal líonmhar cainteoirí.

Tá an dá rud sin fós ag an teanga seo agus, cé nach ábhar sóláis ar bith dúinn líon na dteangacha atá i mbaol a gcaillte, agus nár chóir dúinn talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cogadh buaite againn féin, is féidir linn dóchas éigin a bheith againn nach bhfuilimid tar éis cliseadh fós.  Agus is lóchrann beag dóchais dúinn i gcónaí gur féidir linn a mhaíomh nár saolaíodh fós an cainteoir dúchais deireanach. An dúshlán atá romhainn ná a chinntiú go mbeidh dóthain cainteoirí dúchais ann i gcónaí agus ina dteannta líonraí go leor de dhaoine ar fud na tíre a roghnóidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide.

Tá léargas tugtha ag an teangeolaí an Dr. James McCloskey, Éireannach ó dhúchas, atá ag obair in Ollscoil Chalifornia i Santa Cruz ar bhás teanga. Deir sé an méid seo ina shaothar Glórtha in Éag Voices Silenced:
“Gach teanga a ghéilleann do na brúnna eacnamaíochta, polaitíochta agus cultúrtha atá ag luí orthu inniu, agus a thugann suas a hanam, bheireann sí léi chun na huaighe stór fairsing, iliomadach eolais agus seanchais – iarracht iomlán phobail thar na cianta dul i ngleic le deacrachtaí agus le rúndiamhra na beatha.

Tá nócha faoin chéad den stór eolais, tuairimíochta agus géarchúise ar tí a chaillte. Is mór an chaill don chine daonna uilig díobhadh an stór eolais, cuimhneacháin, grinn agus saoithiúlachta. Is scáthmhar agus is léanmhar cúinge an mheoin atá fágtha.

Deir an Dr. McCloskey an méid seo freisin:
 “Níl rud ar bith is éasca ná teanga a chur ar aghaidh
chuig glúin eile más cainteoir dúchais thú agus má tá an mhuintir óg sásta í a thógáil uait. Is fíor fosta nach bhfuil rud ar bith is éasca ná snaidhm sin na hurlabhra ó ghlúin go glúin a scaoileadh.  Ach a thúisce an tsnaidhm sin scaoilte, níl rud ar bith is deacra ina dhiaidh sin ná an teanga sin a thabhairt ar ais ina beatha. Ró-mhall a thuigtear an méid sin go minic. 'With that single break in the chain of generational transmission, language and all that goes with it, becomes a walking ghost.'”


Creidim go bhfuil deis againn ar fad, agus dualgas orainn dá réir, a chinntiú nach dtarlóidh sé sin.

Cad tá le déanamh!
Glactar leis nach mairfidh an Ghaeilge mar rogha theanga an phobail sa Ghaeltacht mura bhfuil stádas ag an teanga agus í á húsáid i ngach gné de shaol na tíre, i dtithe na parlaiminte, sna cúirteanna, in obair laethúil na seirbhíse poiblí, i gcúrsaí gnó, creidimh agus spóirt, mar shampla.

Agus ní mhairfidh sí sna réimsí sin den saol mura bhfuil pobail Ghaeltachta ann a bhfuil sí mar theanga bheo phobail acu. Tá an dá ghné seo fite fuaite ina chéile agus iad ag brath go hiomlán ar a chéile.

Creidim go bhfuil ceithre rud riachtanach d’fhorbairt na teanga:

  • Cumas teanga a thabhairt don phobal i gcoitinne, tríd an gcóras oideachais ar fud na tíre, agus ó dhúchas i gcás na Gaeltachta; 
  • Deis úsáide a sholáthar, deiseanna sa chóras riaracháin phoiblí san áireamh; 
  • Ceannaireacht agus dea-shampla d’úsáid na teanga; 
  • Agus cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. 

Tráth, faraor, a bhfuil ár bhflaitheas eacnamaíoch idir dhá cheann na meá, ba dhona an mhaise é gan an deis a thapú ár bhféiniúlacht agus ár bhflaitheas cultúrtha agus teanga a chur ar shlí a shábhála.

Tá sé de bhuntáiste againn, ar bhealach amháin, agus ag an am céanna de mhí-ádh orainn go bhfuilimid buailte, gualainn ar ghualainn, le ceann de na teangacha is forásaí agus is treise fás dá raibh riamh ann, nuair atá an próiseas sin ar a dtugtar domhandú ag brú teangacha ar leataobh agus á gcur de dhroim seoil. An dúshlán atá ann dúinn i gcónaí ná a chinntiú go gcruthaítear agus go gcinntítear i gcónaí áit agus spás dár dteanga náisiúnta i saol nua-aimseartha ár linne.

Mar Choimisinéir Teanga is féidir a rá go bhfuil roinnt cúraimí ar leith ormsa – seirbhís ombudsman a sholáthar don phobal le déileáil le gearáin ón bpobal i dtaca le deacrachtaí le seirbhísí stáit trí Ghaeilge, feidhmiú mar oifig ghéilliúlachta le cinntiú go bhfuil eagraíochtaí an Stáit ag comhlíonadh a ndualgas i leith na Gaeilge agus, ar deireadh, comhairle a sholáthar don phobal faoina gcearta teanga agus d’eagraíochtaí stáit faoina ndualgais teanga.

Tá údarás agus cumhachtaí tugtha le dlí dom leis an obair sin a dhéanamh agus tá orm feidhmiú go neamhspleách i mbun mo chúraimí. Trí chomhoibriú agus comhpháirtíocht a dhéantar formhór na hoibre agus is maith sin.


An Cosav
Tá caidreamh maith againn freisin le coimisinéirí teanga i ndlínsí eile, i gCeanada, sa Bhreatain Bheag agus sa Chosaiv, áit a bhfuil muid tar éis a bheith ag gníomhú ar bhonn deonach le bliain anuas ag cabhrú le hEagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip, an OSCE, agus le Rialtas na Cosaive le hatheagar a chur ar struchtúr agus ar fheidhmiú oifig an choimisinéara teanga ansin. Tá an Chosaiv mar stát i mbun atheagair nó athshlánú uirthi féin tar éis na coimhlinte a d’fhág os cionn 11,000 duine marbh. Tá 3,000 duine fós ar iarraidh. Moslamaigh iad c.90% den 1.7 milliún duine ansin. Is iad an Albáinis agus an tSeirbis an dá theanga is coitianta ansin, cé go bhfuil teangacha dúchais eile ansin fosta. Labhraíonn thart ar 90% den phobal Albáinis agus thart ar 7% den phobal Seirbis. Tá stádas mar theangacha oifigiúla ag an dá theanga sin sa bhunreacht acu agus ceadaítear aitheantas mar theangacha oifigiúla do theangacha dúchais eile má tá dlús áirithe cainteoirí i bpobail ar leith.

Achtaíodh Acht Teanga ansin (LAW ON THE USE OF LANGUAGES) i mí Iúil 2006. Dá thoradh sin, bunaíodh Coimisiún Teanga na Cosaive ach ar chúiseanna casta go maith níor oibrigh nó níor fheidhmigh an córas mar is ceart dóibh. Chuige sin, d’iarr an OSCE orainn sraith de dhian-cheardlanna a eagrú dóibh leis na pearsana cuí ón Chosaiv agus ón OSCE féin le struchtúir nua a aithint agus a thabhairt i bhfeidhm.

D’iarr Oifig an Phríomh-Aire i bPristina orainne ina dhiaidh sin a bheith mar chuid de Ghrúpa Oibre idirnáisiúnta a chuirfeadh comhairle orthu le cuidiú leo i ndréachtú na leasuithe reachtúla agus na socruithe eile a bheadh riachtanach le bonn a chur faoin reachtaíocht teanga agus faoi oifig úr coimisinéir teanga ansin.  Tá áthas orm a rá go bhfuil éirithe go hiontach leis an tionscnamh sin. Tá dualgais, feidhmeanna agus struchtúir an choimisinéara úir ansin an-chosúil leis na cúraimí atá ormsa agus tá comhoibriú leanúnach geallta againn don oifig sin trí Oifig an Phríomh-Aire i bPristina.  Mar chuid den chomhoibriú sin, tá ráite agam le hOifig an Phríomh-Aire ansin go dtabharfaidh muid cuireadh go hÉirinn don choimisinéir teanga úr nuair a bheas an duine sin ceaptha acu thall.
Aithnítear sa Chosaiv agus iad ag teacht as coimhlint fhuilteach gur gá go mbeadh cearta teanga mar chuid den chlár oibre a bhaineann le hathmhuintearas a chothú ansin athuair. Tá áthas orm go raibh deis againn a bheith páirteach leo san obair sin.

Agus ar bhealach, tugann sin ar ais mé go dtí tús mo chainte anseo agus na haidhmeanna uaisle atá agaibhse sa ghluaiseacht Esperanto, maidir le tacaíocht don chumarsáid dhaonlathach, do chearta teanga agus do shaoirse an duine.  

Esparanto & an Ghaeilge
Ba spéis liom a fheiceáil go bhfuil Cumann Esperanto na hÉireann tar éis samplaí de litríocht na Gaeilge a aistriú go Esperanto, sleachta as M’Asal Beag Dubh le Pádraig Ó Conaire, as Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, as saothar Pheig Sayers agus Mhuiris Uí Shúilleabháin. Tréaslaím an obair sin leo agus is maith an rud go mbeadh seoda litríochta as teanga na nGael – litríocht a théann siar na mílte bliain – á gcur ar fáil do léitheoirí nua i dteanga nua.

Tuigim, gan amhras, gur cur chun cinn Esperanto mar theanga an cúram agus an t-ábhar suime is mó agaibhse ag an chomhdháil seo.  Fós féin, ó tharla sibh a bheith linn anseo in Éirinn mheas mé go mbeadh sé tráthúil léargas a thabhairt daoibh ar staid reatha na dteangacha a labhraítear anseo. Tá mé an-bhuíoch díobh as éisteacht go foighneach liom ar an ócáid seo.  Agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe mhór as imeachtaí eile na comhdhála seo.

Meabhraím arís go mbeidh fíorchaoin fáilte roimh aon duine agaibh ar mhaith libh turas a thabhairt siar chun na Gaeltachta chugainn, go Conamara, áit a bhfuil an Ghaeilge á labhairt le 2,000 bliain agus a maireann sí fós mar theanga bheo phobail.

Go n-éirí le himeachtaí uile na comhdhála seo agus go raibh maith agaibh arís.

No comments:

Post a Comment