26.9.15

"Boladh na gcaorach..."


Deireann muid paidir speisialta i rith gach Aifrinn don bPápa agus don Easpag, agus deirtear a n-ainmneacha ós ard ag an sagart.

Uaireanta smaoiním ar cé h-é an duine seo an tEaspag. Téann an chuid fós ag Aifreann sa tír seo cé nach mbíonn na h-eaglaisí chomh lán don Aifreann Domhnaigh agus a bhíodh. Ach uiareanta chuirim ceist orm fhéin, "Cá bhfuil an Easpag?" 

Sea! Tá an sagart mar fear ionad do easpag sa paróiste ach, taobh amuigh de shearmanais sacraiminte Cóineartaithe, nuair a théann duine "faoi lámh easpaig," is beag seans atá ag an gnáth duine buaileadh leis an easpag.

Deireann Caiticiosma na hEaglaise Caitlici. Alt 893 (agus molaim d'éinne an caiticiosma a léamh le teagasc ceart na hEaglaise a thuiscint) faoin Easpag: "Naomhaíonn siad í (an Eaglais) lena n-eiseamláir, 'ní ag tiarnú ortha siúd atá faoin bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad' (1 Pead. 5,3). Is amhlaidh sin "a thagann siad, mar aon leis an tréad a thaobhaíodh leo chuig an bheatha shíoraí'(LG 26)" (Alt 893).

Ach sibhse a théann go rialta chuig Aifreann an Domhnaigh, caitheann a bfhaca sibh bhur n-easpag áitiúil. Nach bhfeacann muid an Pápa níos minicí ná ár n-easpag féin? Cinnte feictear easpaig áirithe ar teilifís ag caint faoi rudaí úafásacha de gnáth nó rudaí conspóideacha ach conas a "naomhaíonn" siad an tréad. Bhfuil rud ar bith níos éifeachtaí ná buaileadh le duine, duine a fheiscint nó bheith ag éisteacht leis? An leor an corr litir thréadach?
Easpag sa bhus

Bhí rud éigin spéisiúl á rá ag an bPápa faoi ról an té atá ornaithe san Eaglais dhá bhliain ó shin. "Is é seo atá á iarraidh oraibh," a dúirt sé. "Bheith mar aoirí le boladh na gcaorach."  Is ceannairí agus treorachaí agus múinteoirí iad cinnte, ach an aoirí iad dairíre muna mbíonn aithne acu ar a dtréadsa ortha agus aithne orthasan ag a dtréad? Nach ceart go mbeadh siad ag seasamh in aice linn agus muid ag fulaingt, á leathnú trócaire dúinn, ag tacú linn agus ár spreagadh?

Cinnte tá Easpaig mar sin ann, le "boladh na gcaorach," ach nach fíor é freisin gur cineál SB, stiúrthóir bainistíochta ar eagraíocht cuid eile acu? "An bainisteoir é...nach bhfuil ag chur a craiceann féin agus a chroí féin ar an líne...duine brónach, crosta... in ionad iad a bheith mar aoirí ag maireachtáil le "boladh na gcaorach", aoirí i measc na n-ealta, iascairí na bhfear,"  a dúirt Prionnsias.  (Maith dhom an aistriúchán garbh seo tá aistriú go Béarla dá chaint go léir ar fáil ar shuíomh na Vatacáine.)

Ar thug d'easpag cuairt ar do pharóiste, ar bhuail sé le na caoraigh?

13.9.15

An Iodáil ar an dTrá Thuaidh!

Ba lá speisialta dúinn inné ach bhíomar i mBaile Átha Cliath agus ní sa bhaile.

Chinneamar le dul amach chun céiliúradh beag a dhéanamh - béile deas i bproinnteach deas a bhí i gceist againn. Chualamar go raibh áit deas ar An dTrá Thuaidh. Is ó deisceart na cathrach agus mar sin is tír iargualt é tuaisceart na cathrach. Áit a bheadh marcáilte ar na sean learscáileanna "here be dragons!" Thógamar bus isteach chomh fada le Droichead Newcomen agus is ansin atá Da Mimmo (Béarla).

Áit an-bheag atá ann b'fhéidir leath dosáen nó beagáinín níos mó bóird inti. Tá na mílte caféanna no trattoria mar seo le fáil san Iodáil ach in Éirinn níl siad chomh coitianta. Is cosúil go mbaineann sé leis an gClann Iodálach Fuscairdi, as Casalattico ó dheas ón Róimh. Cheanníodar an áit seo sna seascaidí agus thosnaíodar ag díol iasc agus sceallóga, mar a rine an-chuid iodálaigh i mBaile Átha Cliath, agus áiteann eile ag an am. Cúig bliain ó shin rinne mac na clainne sin, Tino Fuscairdi, an chuid aistrithe ar an áit agus d'oscail sé Da Mimmo, mar Sapori D Italia (Blas na hIodáile). Agus d'éirigh leis, oh d'éirigh leis cinnte.

Chomh luath agus a chuamar isteach cuireadh fáilte is fiche romhain ag an mbainisteoir (Tino é feín?). Cuireadh chun suí muid agus léamar an gnáth bhia chlár agus bhí na béiltí speisialta ar chlár dubh. Mar is gnáth i proinntithe san iodáil cuireadh arán le beagáinín pesto agus gloine uisce ós ar gcomhair agus muid ag léamh. Roghnaíos Ravioli an lae agus d'ordaigh mo bhean orchiette (cluaisíní beaga - cineál pasta). Rognaíomar boidéal deas fíon "Gavi" - fíon geal a thatníonn linn.

Gan mórán moille, thainig an bia agus bhí sé ar fheabhas. Bhí an pasta agamsa díreach i gceart, "al dente" ach ní ró chrua agus bhi anlann trátaí agus uachtair (sílim) a bhí díreach ceart. Bhí blas íontach ann nach raibh ró láidir. Bhí blas nios láidre ag anlann orecchietti mo bhean le blas ó ispíní na hIodáile istig ann. Agus ar ndóigh chuir an fíon leis an béile go mór.

Ach fagaim na rudaí is deise chuig an deireadh. An milseog! Déarfaidh éinne le aithne orm an tabhacht atá leis an mír seo d'aon bhéile liom. Deirtear, agus ní shéanaim é, go ndeanaim mo rogha den bpríomh chúrsa tár iniúcadh a dhéanamh den chuid seo den mbia chlár. Ar aon nó rine me mo rogha - trimisiú! Ar bhlais tú riamh é? Neam! Neam! Agus is beag áit in Éirinn a deanann tirimisiú ná tirimisiú Da Mimmo. Nó b'fhéidir san Iodáil!

De gnáth sé an rud a deireann liom gur proinnteach fíor Iodálach é ná an cáife. D'fhoghlaim mé ceacht nuair a bhí mé san Iodáil gan cappuchino a ordú i ndiaidh béile ach cáife - cáifé mar a deineann na hIodálaigh é. Nó mar a deirtear taobh amuigh den tír sin - espresso. Mar sin ag deireadh gach béile tá sé de nós agam cupáin espresso a ordú agus diaidh ar ndiadh is cupán beag atá beagnach lán de uisce te donn - caife istigh ann ceart go leor ach an iomarca uisce. Ruad nach fíor cupán cáife Iodálach ann, rud nach gcuirtear ós do chomhair ag aon áit san  Iodáil.

Bhuel, a cháirde, is féidir liom a rá libh gur cáife ceart láidir, blasta, Iodáileach atá le fáil san áit seo.

Ná déan dearmad ar an ainm Da Mimmo ar an dTrá Mór i mBaile Átha Claith. Is fiú go mór bheith cróga agus dul ó thuaidh len é a thriail.

• Tá léarmheas i mBéarla scríofa ar Tripadviser agam! (30/9/2015)


9.9.15

1915 ag teacht!

An féidir leat canadh? Cónaí ort i mBaile Átha Cliath?

Fuair mé an nóta gearr seo ó cumann aisteoirí san Árd Chathair ar maidin. Tá clú agus cáil ag an ngrúpa seo ach go bhfios dom sé seo a céad uair a thugadar futhu ceoldráma a léiriú - muna bhfuil fhios agat a mhalairt!

Cinnte, 'siad Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa is buaine agus is beoga i mbun na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliat leis na blianta. Bunaíodh iad i 1967 nuair a tháinig Seán Ó Briain amach go Craobh Liam Bulfin de Chonradh na Gaeilge i Rath Maoinis i mBaile Átha Cliath ag timireacht do Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta na Gaeilge. Compántas amaitéarach atá ann go bunúsach ach tá léirithe leathghairimiúla déanta acu ar stáitsí Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá nua-dhrámaí á scríobh acu le fada an lá, agus tá Pádhraig Ó Giollagáin agus Aodh Ó Domhnaill ina bpríomhscríbhneoirí acu.

A Chara,

Tá 1915 ag teacht!

Beidh ceoldráma nuascríofa á chur ar stáitse ag Aisteoirí Bulfin ag tús mhí na Nollag. Cuirfear breis eolais amach faoi sin sna míonna atá amach romhainn.

Faoi láthair, áfach, tá aisteoirí (fir agus mná) a bhfuil cumas amhránaíochta acu á lorg againn chun páirt a ghlacadh sa léiriú nua seo. Beidh léamh scripte / éisteachtaí ar siúl Dé Céadaoin, an 9 Meán Fómhair, ag 6.30pm i Scoil Bhríde i Raghnallach (Luas: Coill na Feá).


Bheimis buíoch díot dá scaipfeá an scéal ar éinne ar d’aitheantas a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i gceoldráma Gaeilge i mBaile Átha Cliath.


Éinne a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa léiriú seo ba cheart dóibh scéala a chur chuig aisteoiribulfin@gmail.com nó chuig Aodh Ó Domhnaill (scríbhneoir an cheoldráma!) ag 087 3128224. Lánfháilte roimh bhaill nua!


Beannacht,

Méabh Ní Loingsigh
Oifigeach Caidrimh Poiblí
Aisteoirí Bulfin

Ma tá suim agat:
- Bi i dteanghmhail leo ag aisteoiribulfin@gmail.com
- Fág teachtaireacht ar an suíomh Facebook atá acu, nó
- Tar ag an léamh-scripte seo! Oscailte do cách! 6:30in ar an Céadaoin seo (9ú MF) i Scoil Bhríde, Raghnallach (stad Luas Coill na Feá).