29.10.13

Ní rugbaí go Páirc Thuamhan!

Bhí macallaí na staire agus na ngártha glóracha le  brath go láidir i Luimneach aréir nuair a seoladh clár nua teilifíse faoi cheann de na háiteanna is aitheanta ar fad sa gcathair stairiúil sin.

Díríonn an clár Thomond  ar stair agus  ar sheanchas na staide rugbaí is paiseanta agus is aitheanta in Éirinn agus san Eoraip ar fad, b’fhéidir.   Is ionann stair Pháirc Thuamhain agus scéal iontach an rugbaí i gcúige Mumhan féin, go háirithe le scór bliain anuas sa ré ghairmiúil.

Tráth dá raibh, ba pháirc í seo ina mbíodh na ba ar féarach agus a bhí ar nós portaigh in aimsir fhliuch.  Anois, tá forbairt ollmhór déanta agus éachtaí iontacha imeartha feicthe ar an bpáirc ag lucht leanta dílis na Mumhan.  Is iomaí réalta rugbaí a tháinig thar Sionainn lán de dhóchas ach a chuaigh abhaile in ísle brí tar éis faobhar na foirne deirge a bhlaiseadh.

Dar ndóigh is anseo a fuair laochra Mumhan an ceann is fearr ar All Blacks na Nua Shéalainne i 1978, éacht nach ndearna aon fhoireann eile Éireannach roimhe ná ó shin, bua a spreag amhráin, dánta, dráma agus na mílte scéal.  Duine de laochra an lae sin, iar-imreoir agus tráchtaire aitheanta Tony Ward,  a sheol an clár seo, atá stiúrtha agus léirithe ag Shane Tobin.  Chuir buanna éachtacha eile i gcomórtas Chorn Heineken le blianta beaga anuas  (go háirithe in aghaidh Gloucester i 2003 agus Sale i 2006) le cáil na páirce mar dhúnáras neamhghéilliúil in aghaidh na n-eachtrannach.

Tá idir nua-agallaimh agus ábhar cartlainne sa gclár seo, agallaimh le staraithe, lucht leanta, imreoirí agus iriseoirí. Orthu sin atá páirteach, tá Alan English – údar agus iriseoir, John Broderick, anailísí rugbaí le TG4,  Frank Prendergast,  Vincent Ryan – staraí,  Gerry “Ginger” McLaughlin – laoch idirnáisiúnta rugbaí agus iar-Mhéara Luimnigh mar aon le laochra reatha na Mumhan Paul O’Connell, Donnacha Ryan, Niall Ronan, Peter O’Mahoney agus  Donnacha O’Callaghan.

1 comment: