Seirbhisí Nuachta & Tuairimíochta

Chuir Foras na Gaeilge deireadh le Lá Nua, Foinse, agus Gaelscéal agus is cosúil nach bhfuil siad sásta aitheantas de short ar bith a thabhairt as so amach. Tá cinntí éile do-thuigthe déanta ag an bhForas i leith chúrsaí foilsitheoireachta, deireadh le Beo agus Gaelport a bhí a tabhairt seirbhís den scoth le blianta.

Fágann sin nach bhfuil ac nuachtáin amháin le fáil in Éirinn, sé sin Seachtain atá le fáil gach Céadaoin san Irish Independent ach níl sé le fáil ar líne. Is cosúil nach bhfuil an Stáit le h-aon cabhair a thabhairt d'iriseoracht clóite.

Deineadh iarracht nuachtán neamhspleach ó cabhair stáit a fhoilsiú i dTír Chonaill, Goitse, nuachtáin áitiúil ach theip air de bharr easpa tacaíochta.

Ta nascanna de na suíomhanna nuachta ar líne atá ann anois. Thíos faoi tá liosta de na h-Irisí atá fos le fáil. Thíos faoi sin tá nascanna chuig roinnt mhaith blaganna.


Nuacht ar líne
Nascanna anseo chuig na seirbhísí nuachta ar líne atá ar fáil go bhfios dom. Má tá eolas agat-sa ar aon chean eile abir lim agus déanfaidh mé iarracht nasc a chuir anseo.

Is tairseach nuálach nuachta é Nuacht24 a chuireann seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal na Gaeilge, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Mar chuid dár seirbhísí nuachta tá: Scéaltaí is Déanaí An nuacht reatha – ó scéaltaí Gaeilge, náisiúnta agus idirnáisiúnta go spórt, gnó agus na healaíona – ar fáil ar líne ar bhonn laethúil.

Seirbhís nuachta ag an gcraoltóir is ea Nuacht RTÉ a tháinig ar an saol go déanach sa bhliain 2014.
Is Eagras stáit é RTÉ.

Cuireann Tuairisc.ie seirbhís nuachta Gaeilge ar fáil do phobal uile na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear. Té sé mar aidhm againn oibriú i gcónaí ar leas an phobail trí nuacht, eolas, anailís agus siamsaíocht ar ardchaighdeán a bhailiú, a fhoilsiú agus a chur sa chúrsaíocht. Thosaigh siad an seirbhís ar líne i mí Deireadh Fomhair 2014.
Tá tacaíocht á fháil don tionscnamh seo ó Fhoras na Gaeilge acu.

Is ardán ar líne é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh, agus níos faide i gcéin, le físeáin agus scéalta rialta ar réimse leathan ábhar ó chúrsaí reatha agus spórt go ceol, imeachtaí cultúrtha agus na healaíona Gaeilge.
Tá Meon Eile á léiriú ag an chomhlacht léiriúcháin Below The Radar agus á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid NI Screen.

Is ardán neamhspleách ar chúrsaí reatha é 'An Tuairisceoir'
Is cosúil go raibh iriseoir 'An Tuairisceoir' le deireadh a chuir leis nuair a tháinigh RTÉ Nuacht agus "Tuairisc.ie" ar an saol. "Ach tar éis dom an dá sheirbhís a fheiceáil is a mheas de réir mo chumais féin, feictear domsa go bhfuil 'bearnaí ann sa mhargadh' agus go bhfuil spás ann do shuíomhanna neamhspleácha i gcónaí. Chan ionann sin agus aon locht a fháil ar an dá sheirbhís sin ach creidim go bhfuil gá le meáin ailtéarnacha i rith an ama."
Ní fhaigheann ‘An Tuairisceoir’ maoiniú de shaghas ar bith.


Is féidir fós nuacht ar shuíomhanna Gaelport agus Beo ó dúnadh iad sa bhliain 2014. Is dócha go mbeidh siad le fáil chomh fada is atá na seoltaí aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne sin le fáil.

Na hIrisí


Timire an Chroí Ró-Naofa, an iris Ghaeilge is faide i gcló, ann ó 1911. Bíonn ceithre eagrán i ngach bliain. Altanna ar Intinní an Phápa agus ar ábhair suimiúla eile, filíocht, léirmheasanna agus comórtaisí.


Is iris mhíosúil í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha agus a lán eile nach iad. Is iad lucht na heagraíochta idir-ollscoile, An Comhchaidreamh, a bhunaigh an iris sa bhliain 1942 agus tá scoth scríbhneoireachta na Gaeilge ar fáil inti ó shin i leith.


Is Gaeliris chultúir agus stílbheatha é NÓS a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha.
Is mian leo chomh maith pobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh.


Is iris nuachta de chuid Comhaltas Uladh, Chonradh na Gaeilge í An tUltach a bhíodh ag fáil cabhiar ó Fhoras na Gaeilge go dtí 2014.

Iris liteartha is ea Feasta a bhunaigh Conradh na Gaeilge tríd an gcomhlacht foilsitheoireachta, Clódhanna Teoranta, i 1948. Foilsitear Feasta gach mí.

Tá liosta cuimsitheach curtha le chéile ag Rossa Ó Snodaigh d’irisí agus de nuachtáin na Gaeilge a cuireadh i gcló ó 1795 i leith. Tá nasc chuige ó shuíomh An tUltach anseo.


Blaganna Spéisiúla


No comments:

Post a Comment