1.5.18

Stair na hÉireann ón mbliain 600 go dtí an lá atá inniu ann.


Sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, The Cambridge History of Ireland aréir, ina bhfuil ceithre imleabhar agus a chlúdaíonn 1500 bliain de stair na hÉireann, ón mbliain 600 go dtí an lá atá inniu ann. Thug sé óráid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfoilseachán stairiúil agus ina theannta bhí eagarthóirí na n-imleabhar, na hOllúna Thomas Bartlett, Brendan Smith, Jane Ohlmeyer agus James Kelly. Cambridge University Press a rinne óstáil ar an imeacht.
Tá níos mó ná 100 príomhstaraí ó Éire agus mórthimpeall an domhain tar éis cur le The Cambridge History of Ireland (Béarla), an stair is cuimsithí agus is údarásaí a scríobhadh riamh maidir le hÉirinn. Iad fuinniúil, cuimsitheach agus inrochtana, clúdaíonn na ceithre imleabhar in Cambridge History of Ireland cúig aois déag de stair na hÉireann. Cuimsíonn an foilseachán an léann is déanaí, ag tabhairt léargais ar stair na hÉireann laistigh de chomhthéacsanna Atlantacha, Eorpacha, impiriúla agus domhanda níos leithne.

Ag labhairt dó ar thábhacht an fhoilseacháin, dúirt an tOllamh Thomas Bartlett, eagarthóir ginearálta agus eagarthóir ar an gceathrú imleabhar:

“Tá na himleabhair á bhfoilsiú le linn Deich mBliana na gCuimhneachán in Éirinn agus le teacht na Breatimeachta. Tá an Bhreatimeacht anois mar chúlra le cuimhneacháin chonspóideacha ar leith: comóradh 20 bliain ar Chomhaontú Aoine an Chéasta; 50 bliain ar na Trioblóidí; agus 100 bliain tar éis críochdheighilt na hÉireann agus briseadh amach an chogaidh chathartha. ”

“Tugann na ceithre imleabhar léargas ar Éire i gcomhthéacsanna Briotanacha, Eorpacha agus impiriúla níos leithne agus déantar measúnú ar an éifeacht a bhí ag Éire ar an domhan agus ag an domhan ar Éire. Léirítear arís agus arís eile a mhéad tionchair agus a bhí ag tíortha eile ar Éire, agus a cumas féin dul i gcion ar an domhan mór.”

Cruthaíonn na caibidlí sna ceithre imleabhar seo dearcthaí nua ar stair pholaitiúil, mhíleata, reiligiúnach, shóisialta, chultúrtha, intleachta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na hÉireann idir 600 agus 2016 agus déantar anailís ar ghníomhartha daoine agus na cúiseanna leo sin. Déantar plé ar shaincheisteanna cosúil le ceannas, teanga, féiniúlacht, imirce, foréigean, inscne, eacnamaíocht agus ocras i measc saincheisteanna eile atá chomh suntasach inniu agus a bhí sa Mheánaois.

Is gné dearfach den saothar é creat láidir na scéalaíochta polaitiúla mar aon leis an dúshlán a chuirtear faoi theorainneacha croineolaíocha traidisiúnta sa tslí is go gcruthaítear dearcthaí agus léargais nua.

Déantar scrúdú i ngach imleabhar ar fhorbairt na hÉireann laistigh de thréimhse áirithe, agus tairgtear léargas iomlán cuimsitheach ar shaol na hÉireann, lena n-áirítear taithí uathúil na tíre.

Is as Éire agus tíortha mórthimpeall an domhain do na rannpháirtithe, lena n-áirítear 39 ollscoil agus ionad taighde sa tSín, i SAM, sa Ríocht Aontaithe, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus san Iosrael.

Dúirt an tOllamh Jane Ohlmeyer, eagarthóir an dara imleabhar, mar chríoch: “Is ionann The Cambridge History of Ireland agus ‘tuiscint’ na glúine seo ar an léann le 40 bliain anuas. Is iarracht atá ann sintéis den taighde foilsithe agus neamhfhoilsithe atá déanta ó na 1970aidí ar aghaidh a chur ar fáil. Go gairid, is stair dár n-aois atá anseo; a spreagfaidh breis taighde agus machnaimh amach anseo.”

Céard tá ann!
Imleabhar 1. 600–1550Curtha in eagar ag Brendan Smith, Ollscoil Bristol
Cuireann an chéad imleabhar in The Cambridge History of Ireland an smaointeoireacht is déanaí maidir le phríomhghnéithe de chuid eispéireas meánaoiseach na hÉireann in iúl, agus béim leagtha ar a mhéad is a bhain forbairtí le hÉirinn amháin. Léirítear arís agus arís eile a mhéad tionchair agus a bhí ag tíortha eile ar Éire, chomh maith lena cumas féin dul i gcion ar an domhan mór. Tá cur chuige an leabhair comparáideach agus breathnaíonn sé lasmuigh d’Éire, agus meastar go raibh an tír mar chuid lárnach ach eisceachtúil d’Eoraip Chríostaí na Meánaoise.

Imleabhar 2. 1550–1730
Curtha in eagar ag Jane Ohlmeyer, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Féachann an dara imleabhar ar na blianta bunathraitheacha agus corraitheacha idir 1550 agus 1730, ag tabhairt léargas nua ar stair pholaitiúil, mhíleata, reiligiúnach, shóisialta, chultúrtha, intleachta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na hÉireann sa Nua-aois Luath. Ar an gcaoi chéanna leis na himleabhair go léir sa tsraith, cruthaíonn na rannpháirtithe anseo comhthéacsanna domhanda agus comparáideacha dá gcuid plé.

Imleabhar 3. 1730–1880
Curtha in eagar ag James Kelly, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Ba réanna leanúnachais chomh maith le hathraitheacha iad an t-ochtú agus naoú haois déag. Cé go ndéantar léiriú cuí orthu mar Ré ‘na Cinsealachta’, tá dhá chéim i gceist – an t-ochtú haois déag nuair a bhí an buaicphointe sroichte ag an gCinsealacht sin; agus an naoú haois déag nuair a rinne an uasaicme Phrotastúnach cosaint daingean in aghaidh teacht chun cinn an náisiúnachais Chaitlicigh nua-aimseartha. Clúdaíonn an t-imleabhar seo níos mó ná an scéalaíocht pholaitiúil choitianta agus déantar plé ar an eacnamaíocht, an tsochaí, an daonra, an imirce, an reiligiún, an teanga, foirmiú an stáit, an cultúr, an ealaín agus ailtireacht, agus na hÉireannaigh thar lear.

Imleabhar 4. 1880 go dtí an Lá Atá Inniu Ann
Curtha in eagar ag Thomas Bartlett, Ollscoil Aberdeen
Clúdaíonn an t-imleabhar deireanach in The Cambridge History of Ireland an tréimhse ó na 1880aidí go dtí an lá atá inniu ann. Baineann an léamh léirsteanach seo ar theacht chun cinn agus forbairt na hÉireann le linn na mblianta sin ba mhinic a bhí corraitheach úsáid as go leor léaráidí, le gnéithe speisialta ar íomhánna de na ‘Trioblóidí’ agus ar ealaín agus dealbhóireacht na hÉireann sa fichiú aois.

No comments:

Post a Comment