8.11.17

Ag cosaint an fhirinne sna meáin!

Tá  feachtas nua fógartha ag an EBU (Aontas Craolcháin na hEorpa), ina léirítear an dea-thionchar a imríonn na meáin phoiblí ar aon sochaí ina bhfuil siad ar fáil - Meáin ar Ardchaighdeán (Ilteangach).

Seo an chéad uair ag eagrais agus craoltóirí poiblí na hEorpa comh-fheachtas den chineál seo a eagrú agus iad ar aon téad agus d’aonghuth faoin leas a dhéanann na meáin phoiblí ag am ina bhfuil ‘nuacht bhréige’, éagothroime pholaitiúil, olltionchar na soláthraithe móra domhanda agus aighnis faoin easpa maoinithe do na craoltóirí poiblí ag cothú deacrachtaí go leor.

Léiriíonn an feachtas an bonn atá faoi na meáin phoiblí agus an tairbhe a dhéanann siad don sochaí.

Deir Ardstiúrthóir EBU Noel Curran: “Is iad na heagrais phoiblí is mó a dhéanann infheistíocht sa léiriúchán clos-amharc ar fud na hEorpa, san iriseoireacht Eorpach agus is mó a imríonn tionchar dearadh ar shaol laethúil na bpobal ar a bhfuil siad ag friotháil."

“Tá go leor ábhair ar fail anois don phobal ach ní ionann méid agus fiúntas agus tá an cás ar son na meán poiblí níos práinní fós dá bharr. Cinntíonn na meáin s’againne spás don ilchineálacht, don mhionteanga agus don tsúil eile. Molaim an feachtas seo” a dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4

Thacaigh Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ leis an bhfeachtas freisin: “Is ceart dúinn gach deis a thapú le tábhacht na meán poiblí don daonlathas a chur i láthair an phobail, mar go gcuireann nuacht fhírineach, agus anailís gan fuacht ná faitíos ar mhór-cheisteanna atá ag déanamh tinnis don phobal go mór le leas an tsochaí."

No comments:

Post a Comment