15.9.17

Gleann Bheatha.

(ár dturas ó thuaidh ar lean!) 
Agus muid ó thuaidh thugamar cuairt ar Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Bhíomar ann go déanach sa lá an chéad uair a bhíomar ann dhá bhliain ó shin ach bhí sé ró dhéanach mórán a fheiscint. An uair seo chuamar ann luath go leor le níos mó a fheiscint.

Tá sé timpeal leath uair a chloig ó Ghaoth Dobhair ar bhóthar atá an deas ann féin tré cheantair tá an uaigneach agus fiáin, chuir sé fásach i ndeisceart California dom ach é a bheith níos fuaire agus níos glaise! Ansin d'athraigh an timpeallacht agus muid ag tiomáin anuas ón macaire árd agus bhí sceacha agus crainn ann arís. Ansin tobann go leor bhí an geata istig go dtí an páirc náisiúnta.

Tá carr chlós mór ann agus bhí slua ann romhainn. Siúlamar go dtí an ionad na gcuairteoirí. Tá an-chuid eolas faoin áit ansin. Is cuimhin liom nuiar a chéad bronnadh an áit ar an stáit agus nár chuala mé trácht ar an áit cheana. Cheap nach mbeadh mórán seachas portach nó dhó sa cheantair. Ach ní mar sin atá sé. Tá loch mór ann, Loch Bheatha agus tailte thár timpeall air. Tá eolas ar stair na háite agus conas a tógadh an "caisleán" ann.

Chinneamar ar siúl chomh fada leis an gcaisleáin. Siúlóid 4 km atá ann agus tá rogha ag daoine bus a fháil nó siúl ann. Tá sé spéisiúl siúl ann mar léirítear go mall cad tá déanta agus atá a dhéanamh ann le caomhniú na háite. Níl an loch le feiscint ina iomláine agus tú ag tosú ar an siúl ach diadh ar ndiadh osclaítear an vista álainn go dtí cheann an ghleanna.

Tá an timpeallacht fiáin go leor go dtí go mbíonn tú níos chongaraí do caisleáin agus ansin osclaítear timpealacht eile ar fad. Tá gairdíní deasa ann nach bhfuil ró fhormálta agus nach bhfuil ró mhór. Tá cosáin iont faoi na crainnte agus tá sé an chiúin agus suimhneach.

Tá an caisleáin féin a togadh san 19ú aois ar thaobh na locha agus tá caifé istigh ann agus bia deas ann. Is féidir turas treoraithe a fháil don gcaisleán ach níor bhacamar leis san. Ar chúl an chaisleáin tá gairdín iata nó garraí timpealaithe ag fallaí a chuir íontas orainn. Tá chuile short planda, fataí, torthaí, bláthanna de gach shaghas. Bhí na cabáistí is mó dá chonaic mé riamh ann, Cabáiste Ghort a'Choirce (ainmnithe i mBéarla- féach an pic ar bharr!). Chaitheamar an chuid am istigh ansin ag breathnú ar a bhí ann. Ba léir gur limistéar oibre í an ghairdín seo.

Shiúlamar níos faide istigh sa gleann ag súil go bhfaigheadh muid radharc d'iolar atá tár éis lionnú san áit tár éis gan a bheith ann le fada. Ach faraoir ní éirigh linn (ná leis an iolar!).

Má tá tusa ó thuaidh is fiú go mór cuairt a thbhairt ar an áit álainn seo atá i bhfolach i gcroí lár Thír Chonaill. Tá suíomh ar líne acu anseo (Béarla)

No comments:

Post a Comment