14.8.17

Fadhb (?) na tuaithe!

Tá an t-iar-Chomhairleoir Contae as Conamara Seosamh Ó Cuaig ag cuartú tuairimí faoin moladh atá aige go dtoghfaí deichniúr Teachtaí Dála le ceantair thuaithe na tíre a chosaint. Bheadh súil aige go mbeadh an chomhghuaillíocht seo in ann cumhacht agus smacht a bheith acu ar pholasaithe a bhainfeadh le borradh a chur faoi réigiúin.

Bhí se ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin agus dúirt sé go bhfuil ceacht le foghlaim ag ceantair thuaithe ón margadh ar tháinig an DUP agus Rialtas na Breataine air le gairid. Dúirt sé go bhfuil daoine ag rá go bhfuil an chumhacht ar fad i mBaile Átha Cliath agus nach féidir tada a dhéanamh faoi, ach creideann seisean go bhféadfaí an chumhacht a chothromú níos fearr lena phlean féin dá dtoghfaí deichniúr Teachtaí Dála le breathnú amach do cheantair taobh amuigh de chathracha na tíre.

"Díospóireacht atá uainn. Chuir mé an litir seo (Béarla) chuig nuachtáin áitiúla ar fud na tíre ach níl a fhios agam cé mhéad acu a  d'fhoilsigh í, cés móite de nuachtáin i bPort Láirge, san Iarmhí, i gCábhán, i Ros Comáin agus i gCathair na Gaillimhe," a dúirt sé linne níos túisce!

No comments:

Post a Comment