7.7.17

Ad astra! Cuimhne bhuachalla óig ar réalteolaí!


Níor thug mé faoi deara na hainmneacha nuiar a ainmníodh foirgnimh nua in ollscoil éigin le deanaí. Bhí tuairiscí faoi sna nuachtáin agus iad ag déanamh mór den rud gur mná a bhí á chomóradh i dtrí chinn dóibh.

Fiú nuair a bhí tuít ó Harry McGee a rá go raibh duine acu gaolta leis níor thug mé faoi deara gur bhuail mé le ceann dóibh agus mé óg. Ní go dtí raibh giolch eile uaidh níos deanaí a dhírigh m'ard ar alt san a bhí san College News, "An Irish University Has Used A Brilliant Initiative When Opening 3 New Buildings," (Béarla).

Chuaigh mé chuig an alt agus léigh mé a raibh ann agus nuair a léigh mé an píosa ann faoi Mary Brück agus a chuid oibre i gcúrsaí réalteolaíochta.
Nuair a bhí mé óg bhí an-suim agam i gcúrsaí réalteolaíochta. Bhí mé ag léamh chuile rud faoi sna nuachtáin agus bhíodh cláracha do pháistí faoi ar Raidío Éireann. Is cuimhin go raibh bean ag caint ar an Raidío agus cheap mé gur Máire Brock a bhí uirthe. Ba cineál laoch don mbuachail beag 10 mbliana d'aois a bhí ionam ag an am. Is cuimhin liom go raibh sí ag obair lena a fhear chéile, Gearmánach san réadlann náisiunta (Béarla) i nDún Sionca. Mé ag ceapadh go rabhadar ina gcónaí ann chomh maith.

Rinne Uncail liom socrú dom dul go Dún Sionca agus rinneamar turas ar an áit. B'í "Máire Brock" a bhí mar treoirí dúinn. Is cuimhin liom gur mhínig sí dúinn an obair a bhí ar siúl le radaiteileascóp ann agus ag lorg eolais ar na réaltraí agus réaltnéalta. Ansin thóg sí amach chuig an teileascóp mór a bhí i foirgneamh le díon cruinneachánach air. B'shin an buach-pointe domsa - ag breathnú ar an ngealach tré  theiliscóp mór.

Mar dhuine óg is dócha nár thuigeas cé chomh mór is a bhí sí mar réalteolaí. Bhí sí an-dheas agus sásta bheith linn - ní raibh ach m'athair, m'uncail agus mé fhéin ann an oíche sin. Ba ocáid speisialta domsa í. Bhí sí foighneach leis an ceisteanna símplí a chuir mé uirthí agus ní dhearna mé dearmad ar an dturas sin thár na blianta. Anois is arís chonaic mé a h-ainm i dtuairiscí ó shin agus ansin tuairisc ar a bás beagnach 10 mbliain ó shin.

Tá áthas orm go bhfuil comóradh agus aitheantas a dhéanam uirthí i DCU agus níl se sin chomh fada san ó Réadlann Dhúin Sionca!

Bean deas séimh a bhí inti.

• Tá eolas fuithí le feiscint anseo sa chúntas irabháis ar shúiomh Cumann Réalteolaíochta Dhún Éideann. (Béarla)

@DublinCityUni @harrymcgee 

No comments:

Post a Comment