24.6.17

Amuigh ag siúl!

Bhí tine mór anseo aréir - Féile tSin Sheáin a bhí ann. Bíon sean ag na comharsana teacht le chéile agus sean píosaí troscáin, fálú, adhmad cuile chineál bhrúscar fiú (shhh) sean-bhoinn. Tá an nós seo beo fós agus ón gCaorán anseo is féidir tinte móre eile a fheiscint ar Inis Mór, siar chomh fad leis an gCaethrú Rua agus soir i dtreo Bhaile na hAbhann. An oíche a bhí ann.

Shiúl mé thuas chuig an áit um thráthnóna le feiscont an raibh aon rud fágtha. Ní raibh mórán!

Ar an mbealach thug mé faoi deara an bláth beag fíneálta seo ar thaobh an mbóthar. Dáth bándearg le croí bán ann le staimíní buí nó ór ina lár chun na beacha a mhealladh. Feirdhris atá air nó chuna bheit léanta Rosa Caninis sa laidin!

Tá sé fluírseach go leor in Éirinn, planda ata dúchasach. Anseo tá b'fhéidir leath dosaen de na plandaí san áit céanna ar an mbóthar sin. Ní bhíonn bláthanna an ach ag an am seo ach níos deanaí tá mogóir róis ann níos deanaí sa bhliain. Tá tulleadh eolais (i mBéarla) le fáil anseo.

9.6.17

Faoileán, Faoileán ar an gcarr....



Agus muid ag dul isteach in Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe thugamar faoi deara go raibh Faoilán ina seasamh ar charr ann. Bhí sé ina sheasamh ar charr a bhí ós comhair an siopa iasc ann. An amhlaidh go raibh sé ag feitheamh ar "na grabhróga a thiteann ó bhord a máistrí?"

Rinneamar ag gcuid siopadóireachta agus nuair a thanaigh muid amach bhí sé fós ann agus cé go raibh daoine ag dul tháris d'fhán sé ann.

Níl fhios agam a bhfuair an créatúr aon cheo ón siopa ach má bhfuair bhí sé i bhfad níos simplí ná a bheith a lorg beatha "fo-thoinn!"

Oireachtas beo!


D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le TG4 go mbeo-chraolfar clár nua, Lár Stáitse a bheidh dírithe ar thaibh-ealaíona daoine óga ó Oireachtas na Samhna na bliana seo. Beidh an spotsholas ar ealaín an agallaimh bheirte sa chlár agus craolfar babhta craoibhe an aoisghrúpa 12 – 15 bliana chomh maith le roinnt iomaitheoirí ó chomórtais agus aoisghrúpaí eile, ina measc, aithriseoireacht, scéalaíocht agus lúibíní.

Craolfar an clár ar TG4 ar Aoine na féile, 3 Samhain 2017, ó 8.00 p.m. – 9.30 p.m agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar an Sheinnteoir TG4.

“Tá ríméad orainn an t-ardán nua seo a bheith á thabhairt ag TG4 do na healaíona béil traidisiúnta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is cuid fíor-thábhachtach iad dár n-oidhreacht cultúir agus teanga, agus feithicil luachmhar do shealbhú agus do bhuanú saibhreas Gaeilge i measc daoine óga. Tá súil againn go spreagfaidh an clár nua seo tuilleadh daoine óga le tabhairt faoi na healaíona béil.”

“Is deas linn an fhorbairt is deireanaí seo ar ár gclúdach Oireachtais a bheith dírithe ar an óige” a deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4. “Tugann an saibhreas teanga agus an deisbhéalaíocht a fheictear sna comórtais teanga-bhunaithe don óige, siamsaíocht don lucht féachana agus spreagann dóchas agus misneach i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá siad tráthúil ar gach bealach.”

I measc na gcraoltaí beo eile a bheidh ar TG4 le linn Oireachtas na Samhna beidh Nuacht TG4 trí oíche (Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine) agus na príomhchomórtais damhsa ar an sean-nós, Steip ar Shatharn na Féile. Déanfar sruthú beo ar shuíomh idirlín TG4 ar Oscailt Oifigiúil an Oireachtais, ar Bhronnadh na nGradam Cumarsáide agus ar na comórtais daoine fásta, ina measc, Corn Uí Riada, Sean-Nós na mBan, Sean-Nós na bhFear, Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhrán Saothair agus Sceitse.

Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh Oireachtas na Samhna ar siúl, ó Chéadaoin go Domhnach, 1 -5 Samhain 2017.

#OnaS17 @OirnaGaeilge