6.5.17

Bia sráide na bPalermitanach!

Bhiomar sa tSicil ar saoire le deanaí agus caitheamar trí lá ina príomhcathair Palermo. Cathair ársa sean atá ann agus tá cáil faoi leith ar a chuid chóicearachta. Chinneamar ar dul ann tár éis clár de chuid Rick Stein a fheiscint nuair a chaith sé deireadh seachtaine ann (Béarla) ag déanam iniúchadh ar nósanna agus bianna na cathrach.

Marco le Panelle, Cazzilli 
& Arancina
Nuair a thagann tuarasóir chuig cathar ar bith ní bhíonn sé ann ach seal - seal an ghearr go minic - agus ní bhíonn mórán seans acu eispéireas a bheith acu ar shaol na ndaoine féin a bheith acu. Chuir i gcás cén sort bia a itheann siad sa mbaile nó ar an sráid. Ní maith leat bia a cheannach ar an sráid de gnáth muna bhfuil fhios agat cé chomg sláintiúil is atá sé. Bhí seanrá ag nó Mhaimeo fadó, "I never eat a boiled egg unless I know the hen personally!"

Tá an t-ádh ag Palermo go bhfuil nós bia sráide go láidir ann. Tá trí margadh sráide bhia ann a bhíonn ar oscailt gach lá agus iad lá de chuile shaghas bheatha - glasraí, feoil, iasc a mbeadh eolas againn futha agus cuid eile nach mbeadh clú agat cad iad! Agus ní bheadh mórán fonn ort aon rud a ithe ó na seastán le bia réamh-bruite nó a bhí á n-ullmhú ar thaobh na sráide.

Sa chistin
Ach bhí an t-adh linn mar tá daoine ann a thugann ar thuras "Bhia Sráide" thú. Is mar sin a bhualamar le Marco Romeo ("Yes, you can call me “the boss” but I think my real name is much cooler - thank you mummy!") agus téann sé thár timpeal na cathrach gach lá faoin ainm Streaty (Iodáilis & Béarla) le dream beag turasóirí - ní bhíonn níos mó ná dáréag ann riamh aige.

Tá an áras ceoldrámaíochta is mó san iodáil i bPalermo, an Teatro Massimo agus is ós a comhair san a bhualmar le Marco agus thug sé Pasanna del Mangione (Pás Slogaire?) an duine dúinn.  Bhí ochtar again ann mar aon leis féin, beirt as Meiriceá (Washington a dúradar ach ní Washington Trump ach ón Stáit!), beirt ó Ghearmáin agus an ceathrar againn as Éirinn.

Chuamar ar dtús chuig an Capo (Ceann an Bhaile)  margadh a bhíonn ar oscailt ar chuile lá den bhliain seachas lá amháin. Tá sé ar oscailt fiú ar Lá Nollag. Dúnann sé ar an 17 Iúl gach bliain ar fhéile naomh na Cathrach, La Santuzza Naomh Rosalia. Is ansin a bhí an cead stop againn le thriall a dhéanamh ar thrí mhias do chuid na háite, Panelle (polenta na Sicile) agus Cazilli (cáca fataí) agus Arancina (Lithród déanta as ris thar timpeal ragu agu dáth oráiste ó safron agus domhainfhriochta). Bhí sean dul isteach i gcúl chistín agus breathnú ar iad á dhéanamh ag an Mama!
Sfincionello ó éinne?
Leanamar ar aghaidh ansin go bualamar le fear a bhí ag díol Sfincionello ar thaobh an Via Maqueda, ceann de príomh shráideann Phalermo. Pizza beag atá ansin le n-ithe agus tú ar an mbóthar. An bhlasta!

Sangue!
Uaidh sin chuamar chuig margadh sráide eile - Vucciria - atá in áit a bheadh an amhras agat faoi gan trácht ar aon rud a ithe nó a ól ann ach is ansin a chuamar istig i mbearr traidisiúnta, fir oibre ina seasamh ann ag ól agus ag caitheamh tobac, fiú istigh ann!. Chomh maith leis na gnáth deochanna, fíon, fuisce beor 7rl bhi trí deochanna ón áit, Sangue, Zibibbo agus Marsala. Bhaineas féin trial as an Sangue a bhí cosúil le seiris tirim. Tugadh schiticchio le n-ithe againn ann, cáis, arán, feoil fuair agus eile.

Bhí cuid againn beagáinín amhrasach faoin gcéad áit eile agus an bia a bhí a sholáthar dúinn ann. pani câ mèusa a tugtar air agus ceapfá gur hamburger atá ann. Ach an brí atá ar na focail Sicileach ná - arán agus liathán. Ní fhéacann sé ró dheas ach bhí blas maith as agus cé nach n-íosfainn gach lá é bheinn sásta é a ithe arís. Bhí cuid againn nach raibh sásta é a thriall fiú!

Agus ansin ag druidim chun deireadh rud éigin milis: Cannolo (Il cannolo Siciliano san Iodáilis). Is feadáin thaosráin iad atá líonta le stuif uachtarach le ricotta nó cáis mar sin. An deas agus éasca iad a ithe agus tú a siúl thar timpeall. Táid beagáining trom ó thaobh blasadh de ach thár a bheith go deas.

Criochnaíodh an turas taobh amuigh den hardeaglais stairiúil Phalermo a léiríon stair na catharach ó aimsir na Rómánach, na hArbach, na Normánach agus síos go dtí na nIodálach.

Bhí mo pás líonta agam agus bhí bia sráide na bPalermitanach samplaithe agam!

Thár aon rud eile cé gur chuid den Iodáil í an tSicil sí an tSicil í thár aon rud eile!

No comments:

Post a Comment