9.5.17

Aoi ag giolcaireacht ag an ngeata!


Nach bhfuil sé deacair éalú ó lucht na giolcaireachta?


Bhíodh geata isteach chuig ceann de na garraí atá againne anse ag Caorán na gCearc ach faraoir tá an geata imithe ar shlí na firinne - bhuail an mheirg é, rud a íonn go ró mhinic thiar anseo!

Fág sé poll beag san áit a raibh sé greamaithe leis an an ursain. Cúpla lá ó shin thug muid faoi deara go raibh fotht=ram ag teacht amach as - giolcaireacht íseal. Bhí nead istigh ann. Nead loin dhuibh atá ann agus tagann an dá éan le ruainne beg le nithe dóib siúd atá istigh ann. Rinne mé cupla iarracht griangraif a thógaint ach tá siad íontach chliste. Tagann máthar nó athair ní fios cé acu agus seasann sé nó sí ar an mballa ós cionn na h-ursaine, breathnaíonn timpeal agus ansin go gasta istigh ann.

Uaireanta eile nuair a cheaptar go bhfuil dainséar ann déanann siad eitilt chuig an taobh eile den ngarraí agus nuair a cheapann siad go bhfuil sé sábhailte go leor téann siad in aice leis an nead arís.

Seo pictiúir a ghlach mé ar maidin. Má fhéacann tú go géar ar an ceann ar bharr is féidir éan a fheiscint ag dul isteach sa poll. Sa ceann thíos tá sé nó sí ag teacht amach as!



No comments:

Post a Comment