7.4.17

Gradam iriseoireachta ag RnaL.

Bhí an bua aréir ag craoltóirí Raidió na Life Dónal Ó Catháin (ar chlé) agus Oisín Ó Catháin sa rannóg Raidió Trí Ghaeilge ag gradaim Smedias 2017!

Bronnadh an gradam ar an mbeirt mhac léinn ón Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath atá ina láithreoirí ar an gclár Craic Uí Chatháin gach Luan idir 18:00-19:00 ar Raidió na Life, ag searmanas bronnta galánta i Staid Aviva oíche Dhéardaoin.

Arsa Dónal agus Oisín (le chéile?): "Tá ríméad an domhain orainn bheith ag fáil an Ghradaim seo. Ainmníodh sinn i measc craoltóirí cumasacha, cuid mhaith acu ón stáisiún céanna linne i Raidió na Life. Bhí sé iontach aitheantas a fháil i measc phobal na meán Gaelach agus na meán náisiúnta. Rinneamar vox pop le Cian Mac Cárthaigh (iarChlár-Reachtaire Raidió na Life) ag tús na hoíche, agus ní rabhamar ag súil go mbeadh an duais againn níos déanaí san oíche! Is breá linn go háirithe an tsaoirse a thugann RnaL dúinn bheith ag déileáil le réimse leathan topaicí. Bíonn ábhair throma agus éadroma ar aon inár seó, chomh maith le ceol ailtéarnach agus neamhchoitianta den uile sheánra. Ní fhéadfaí a leithéid de rud a dhéanamh ar stáisiún tráchtála Béarla!"

“Táimid thar a bheith bródúil as Dónal agus Oisín as an gradam seo a bhuachaint," a dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life. " Beirt láithreoir óg le talann agus beocht iontach is ea iad. Clár den scoth is ea Craic Uí Chatháin agus é ar cheann de bhuaicphointí na gclár atá curtha i láthair ag mic léinn ollscoile ar an stáisiún. Déanaimid ar fad i Raidió na Life comhghairdeas ó chroí leo.”

Is iad na Smedias na gradaim náisiúnta bhliantúla d’iriseoireacht ag mic léinn tríú leibhéil na tíre.

Bhí beirt craoltóirí deonacha eile de chuid Raidió na Life ainmnithe sa rannóg Raidió trí Ghaeilge aréir freisin: Ailbhe Ní Riain (ar dheis), mac léinn in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha a chuireann An Meangadh Mór i láthair gach Céadaoin idir 16:30-18:00 agus Aindriú de Paor, mac léinn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a bhíonn le cloisteáil mar chomhláithreoir ar An Bricfeasta Blasta gach Luan agus Céadaoin idir 08:00-09:00.

Bhí craoltóir eile le Raidió na Life, Erin Lindsay, ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoireacht trí Ghaeilge – Scríofa’, fosta. Comhláithreoir í Erin ar Fios Feasa gach Céadaoin idir a 20:00-21:00 agus tá sí sa cheathrú bliain ar chúrsa céime iriseoireachta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Chaith Erin trí mhí ar thaithí oibre le Raidió na Life i 2016 mar chuid dá cúrsa céime. Fuair Dónal Ó Catháin ainmniúchán eile sa rannóg seo chomh maith.

Tá foireann Raidió na Life iontach bródúil ní hamháin as na Cathánaigh as ucht an gradam mór do Raidió trí Ghaeilge a bhuachaint aréir, ach as na saorálaithe go léir a hainmníodh sna gradaim i mbliana. Léirigh an líon mór ainmniúchán a fuair craoltóirí éagsúla ó Raidió na Life sna Smedias an nasc tábhachtach atá ag Raidió na Life le mic léinn agus le daoine óga atá agus a bhíonn ag foghlaim ceird na craoltóireachta is na hiriseoireachta.

Éist le Raidió na Life ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath, beo ar líne anseo agus ar an aip An Seinnteoir Raidió, atá ar fáil saor in aisce do ghléasanna soghluaiste ar iTunes agus ar Google Play.

No comments:

Post a Comment