2.3.17

Meon na mBan!

Meon na mBan is teideal do chlár bríomhar úr do mhná a chraolfar gach Céadaoin ar Raidió na Life idir 18:00 - 18.30, a thosaigh aréir, an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2017.

Tá an clár ag díriú ar shaol na mban timpeall na cruinne, mná atá ar gach aois agus ó gach aicme agus cine. Beimid ag iniúchadh saol na mban in Éirinn agus timpeall na cruinne: céard atá ar siúl acu, cad atá á bhaint amach acu agus cad ‘tá á mhothú acu sa chlár nua seo.

Is í Ciara Ní Éanacháin atá ina príomhláithreoir ar an gclár agus bíonn an comhrá agus díospóireacht ar an gclár faoi stiúir aici lena stíl chainteach bhríomhar fuinniúil. Ó sheachtain go seachtain, beidh aíonna éagsúla ó mheitheal ban Raidió na Life sa stiúideo ag plé na gceisteanna is mó atá á gcur ag mná in Éirinn inniu.

Is file agus scríbhneoir iomráiteach í Ciara Ní Éanacháin. Sa bhliain 2012, chuir sí tús leis an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook. Bíonn sí ag scríobh go rialta don iris Nós agus bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil i mBaile Átha Cliath ‘Reic’(@reic ar twitter), ina mbíonn filíocht, amhráin agus rapcheol trí mheán na Gaeilge.

Ar an gcéad chlár pléadh na scéalta nuachta is mó a bhain le saol na mban in Éirinn le seachtain anuas. Don chéad chlár, bé Angela Seoighe a bheidh mar chomh-láithreoir le Ciara. Chaith Judy-Meg Ní Chinnéide súil siar ar stair agus éachtaí Beatrice Grimshaw, scríbhneoir ó Bhaile Átha Cliath a thaisteal i bhfad agus i gcéin ag tús an chéid seo caite. Tugadh léargas freisin ar shaol an fhuirseora le “Julie Jay”, Julie Johnson agus Bláithín de Búrca. Cuireadh an cheist: an bhfuil mná greannmhar? Agus pléadh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na mná a bhíonn i mbun fuirseoireachta in Éirinn.

Tá an clár léirithe ag Clár Reachtaire Raidió na Life Niamh Ní Shúilleabháin agus tá meitheal ban sa stáisiún ag tacú leis an gclár. Tá spriocanna na craoltóireachta raidió pobail i gceist go smior sa chlár seo agus é mar sprioc ag Raidió na Life go mbeidh rochtain níos mó ag mná ar na meáin agus ar ábhar cainte a bhaineann go sainiúil leo, sa chlár nua spéisiúil seo.

Tá Raidió na Life le fáil ar mhinicíocht 106.4 san Ard Chathair, agus bíonn an clár nua seo ar siúl gach Céadaoin idir 18:00-18:30. Is féidir teacht ar chláracha Raidío na life ar line ag www.raidionalife.ie nó ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Más maith le héinne teagmháil a dhéanamh leis an gclár seol ríomhphost chuig beo@raidionalife.ie nó glac páirt sa chomhrá ar Twitter agus Facebook leis an haischlib #Meon.

@raidionalife #Meon @reic @MiseCiara @memesnag @nosmag #SnaG17

No comments:

Post a Comment