19.3.17

Briathar, beart & oidhreacht.


Is cuimhin liom agus mé óg go raibh iomhá agam den bPiarsach mar naomh de short éigin. Idéalaí cumasach nach ndearna rud ar bith nach ar son na hÉireann is ar son na nGael é. Agus seans go raibh an ceart agam. Is cuimhin liom an chéad uair a bheith i gConamara mar a dúirt mé cheanna, bhí orm dul 'ar oilthreacht' go Ros Muc , chuig a theach ann - scrín náisiúnta an Ghaelachas. Áit naofa.

Is áit naofa é níos mó dom-sa anois ná riamh. Ní hamháin mar ba leis an fear féin é agus gur scríobh sé roinnt dá gcuid scéalta agus oireádaí ann (aitheasc Uí Dhonabháin Rosa ina measc) ach toisc go bhfuil daoine, cosúil liom fhéin caoga bliain ó shin, a thug chuairt ar an dteach le bheith páirteach sa mbrionglóid...

"O wise men, riddle me this: what if the dream come true?
What if the dream come true? and if millions unborn shall dwell
In the house that I shaped in my heart, the noble house of my thought? ..."

Ach ar bhealach ní raibh mórán eolas agam faoin bhfear féin. I rith na bliana seo caite bhí srath léachta ar an Raidío faoin bPiarsach bunaithe ar a chuid scríobhnóireachta, léachtaí agus eile. Níos deanaí foilsíodh leabhair bunaithe ortha. Bé an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh a bhí mar eagarthóir ar an mbailiúchán snasta seo: An Piarsach - Briathar, beart agus oidhreacht. (Cló Iar-Chonnacht, RTÉ Raidió na Gaeltachta).

Léigh mé é le déanaí.

Tá dhá aistí déag ann agus d'fhoghlaim mé roint rudaí nach raibh ar eolas agam faoin bhfear féin. Sa chéad cheann tá Roisín Ní Ghairbhí ag tagairt ar é ag fás aníos i mBaile Átha Cliath. Gur thosaigh sé ar bheathfhaisnéis a scriobh ina déanann sé cuir síos ar féin mar "the strange thing that I am."

Níl mé chun dul tré gach aiste ach tógadh mé na píosaí a thug mise suim faoi leith ionta. Bhí an-phíosa ag Ciarán Ó Coigligh ar an bPiarsach agus a chuid tuairimí ar chursaí oideachas. Bhí spéis faoi leith agam ach go h-áirithe ina dtuairimí ar dhá-theangachas. Bhí polasaithe oideachas faoi leith molta aige cenn don Ghaeltacht agus ceann eile don chuid eile den tír. Agus bhí tuairimí aige faoil na ceantreacha dhá theangach chomh maith. Nach trua nár chlaoi an Roinn Oideachas len a dhearcadh ó 1922 i leith!

Chuir aiste Sheosaimh Uí Chuaigh ag gáirí ós ard mé leis an bpíosa seo. D'fhiafraigh sé de dhuine dá ghaolta an bhfaca sé aon duine de mhuintir an Phiarsaigh thart ariamh.
"'Thug mé na malaí istech chuig an teach do bheirt deirfiúr leis uair amháin,' a dúirt sé. 'Cen sort beirt a bhí iontu,' arse mise. 'Diabhal mórán slaicht a bhí ortha feictear dhom,' ar seiseann - is é sin nach raibh siad ródhathúil. Bhí, agus tá, caighdeán ard ag fir Ros Muc sna cúrsaí sin,' a deireann Seosamh! cuimhní eile scríofa ag Seosamh anuireadh i dTuairisc.ie (Eanáir 2016)

Úna Ní Bhroiméil ag scríobh faoina thuras go Meiriceá. Bhí sé le hairgead a bhailiú do scoil. (Má bhí aon laige i bpairseantacht an Phiarsaigh ba i gcúrsaí airgeadais a bhí sé!).  Níor éirigh go ró mhaith ann é ach an rud a thug mise faoi dearadh ná na litreacha chuige óna dheartáir Liam (Willie) - "You had best do anything you can (and stay on) to get money...." "...Money is the thing. More and more I am coming to believe that it is the only fault with this whole business..." Is maith liom Liam! (Leabhair eile éinne?)

Tá an dá aiste ag an deireadh thár a bheith go maith. Joe Lee ar an athrú meoin a tháinig ar an bPiarsach ó thaobh cúrsaí míleata. Déanann sé pointe maith. Cé nach raibh i ndán don Éirí Amach ach teip de bharr a thárla do Casement agus na hairm agus ordú Eoghan Mhic Néil, "ní mar sin a 'ceapadh" é ag cinnairí na comhcheilige." Agus tugann sé foláireamh dúinn chomh maith agus muid ag lorg eolais faoin "duine casta" seo, Pádraig Mac Piarais. "Ní mór a chuid scríbhinní a léamh ina iomláine (gan sleachta a bhaint as comhthéacs), agus ní mór a raibh ar bun aige (agus an fhianaise shabhir atá ar fáil ina chomhfhreagras) a chur san áireamhagus na ráiteas (an reitric) apacailipteacha á meas againn."

Ag an deireadh tá léarmheas agus cúntas ar cháil an Phiarsaigh i ndiadh a bháis scríofa dúinn ag Gearóid Ó Tuathaigh. Bhí sin an suimiúil mar théann sé tré an ré-naomhsheanchais suas go dtí tús na seascaidí. Ansin bhí meath agus fiú dí-mheas, aimsir na trioblóidí ó thuaidh a chuir eagla agus míchompóird ar scoláirí áirithe agus lucht polataíochta - ach mar a deireann sé níor "tugadh droim láimhe ar fad don bPiarsach. Lean an nós i measc náisiúnaithe áirithe (Gaeilgeoirí go háirithe) scoileanna, cumainn, clubanna agus a leithéid a ainmniú i gcuimhne air." Anois tá "fuaraigeantacht le tabhairt faoi dear níos mó agus níos mó" sa scríobhnóireacht faoi. Ach ag an deireadh an foláireamh, mar a dúirt Joe Lee,  an taifead staire a iniúcadh go cúramach. "Ní ceart aon chuid de a fhágaint ar lár."

Ma tá éinne ag iarraidh teacht ar mheoin agus ar phearsain an Phiarsaigh a thuiscint cabhródh an bailiúcháin seo leis nó leithi gan aon amhras.

14.3.17

Éist leis an gairdeas agus an t-áthas...


Tá cuid den bíobla go h-álainn. Go mór mór an filíocht atá ann. Cé gur aistriúcháin atá ann ón Eabhrais nó ón sean-Gréigis - nó aistriúcháin ó astriúcháin eile tá cuid den áileacht fós le feiscint ionta.

Agus an Carghas linn seo ceann a thatníonn liom.

Léirítear aithrí agus croíbhrú an pheacaigh ann. Deirtear go ndúirt Dáiví rí é nuair a tháinig Nátán fáidh chuige tar éis do luí le Baitseaba, bean Uriah tár éis dó Uriah a chuir chun catha agus chuig bás cinnte!

Éist lena ghlór agus é ag guibhe, "Lig dom an gairdeas agus an t-áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú."

Déan trócaire orm, a Dhia, de réir do bhuanghrá:
cealaigh mo choir as iomad do thrua.

Nigh go huile mé ó mo chion,
agus déan mo pheaca a ghlanadh díom.

Óir aithním mo chionta go maith
agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.

Is ortsa amháin a pheacaigh mé;
an ní is olc i do láthair a rinne mé.
Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith
agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.

Ach féach gur rugadh faoi chion mé
agus gur gineadh i mbroinn mo mháthar faoi pheaca mé.

Féach, is geal leat an croí dílis,
agus i mo lár istigh múineann tú eagna dom.

Croith orm hiosóip agus glanfar mé;
nigh mé agus is gile mé ná an sneachta.

Lig dom an gairdeas agus an t-áthas a chloisteáil,
agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.

Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí
agus cealaigh mo chionta go léir.

Cruthaigh ionam croí glan, a Dhia,
agus cruthaigh spiorad daingean as an nua ionam.

Ná díbir amach as do radharc mé
agus ná beir do naomhspiorad uaim.

Tabhair ar ais dom áthas do shlánaithe
agus tabhair spiorad na díograise mar thaca dom.

Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide
agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.

Saor mé ó choir na fola,
a Dhia, a Dhia mo shlánaitheoir,
agus mórfaidh mé le mo theanga do cheartas.

A Thiarna, oscail mo bheola,
agus fógróidh mo bhéal do mholadh.

Óir ní bhfaigheann tú taitneamh in íobairt
agus an loiscíobairt a dhéanfainn ní ghlacfá.

M’íobairtse, a Dhia, an croí aithríoch;
ní eiteoidh tú, a Dhia, croí brúite uiríseal.

Bí fial le Síón, as ucht do mhaitheasa, a Thiarna,
ionas go dtógfaí ballaí Iarúsailéim as an nua.

Glacfaidh tú ansin le híobairtí na fíréantachta,
le hofrálacha agus le híobairtí uileloiscthe:
ansin ofrálfar mairt chugat ar d’altóir.

Salm 50 (51)



10.3.17

Laochra!

Is i bPáirc an Chrócaigh, ionad go leor de na héachtaí atá á gceiliúradh sa tsraith, a sheol Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail an séasúr nua Laochra Gael tráthnóna. Tá meas agus gean ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha ar fad ar an tsraith seo ina dtugtar cuntas ar éachtaí imeartha mór-imreoirí peile agus iomána le leathchéad bliain anuas.

Craolfar na cláracha sa séasúr nua Laochra Gael TG4 gach Céadaoin ag 9:30pm ó 15 Márta agus gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA BEO.

Cuirfear suim ar leith sna cláir sa tsraith nua mar go dtugtar chun cuimhne roinnt imreoirí a thuill cáil agus meas ar leith lena linn:

  • Dónal Óg Cusack, cúlbáire cróga iomána Chorcaí, 15/3/17 10pm (athchraoladh 19/3/17 5.55pm).
  • Cliodhna O’Connor, bean a sheas an fód ar feadh i bhfad sa gcúl le peileadóirí Áth Cliath, 19/4/17 9.30pm (athchraoladh 23/4/17 5.55pm).
  • Tommy Walsh, crann taca agus foinse inspioráide le hiománaithe Chill Chainnigh ina ré órga ag tús an chéid seo, 12/4/17 9.30pm (athchraoladh 16/4/17 5.55pm)
  • Dara Ó Cinnéide, naoscaire cruinn peile agus craoltóir cumasach Ciarraíoch, 22/3/17 9.30pm (athchraoladh 26/3/17 6.15pm).
  • Na deartháracha cáiliúla Lowry as Uíbh Fhailí, 3/5/17 9.30pm (athchraoladh 7/5/17 5.55pm).
  • Éamonn O’Hara, fathach lár páirce pheileadóirí Shligigh, 5/4/17 10pm (athchraoladh 9/4/17 5.55pm)
  • Pete Finnerty cosantóir crua sciliúil iomána as Gaillimh, 29/3/17 9.30pm (athchraoladh 2/4/17 5.55pm).
  • Seánie McMahon, crann taca stuama cruinn le hiománaithe an Chláir, 10/5/17 9.30pm (athchraoladh 14/5/17 5.55pm).
  • Owen Mulligan, naoscaire lúfar le peileadóirí Thír Eoghain,17/5/17 9.30pm (athchraoladh 21/5/17 5.55pm).
  • Pat Fox, tosach a bhris croíthe an fhreasúra go mion minic lena chruinneas. 26/4/17 9.30pm (athchraoladh 30/4/17 5.55pm).
Ag labhairt dó ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go bhfuil meas ar leith ag a eagraíocht ar an tsraith fhad-bhunaithe seo. “Cuireann na cláir seo lenár dtuiscint ar shár-scil na mór-imreoirí ó na blianta atá caite, agus tugann chun cuimhne na cluichí inar thugadar sár-thaispeántais. Beidh fonn ar éinne a chonaic iad an dara deis seo a thapú iad a fheiceáil an athuair.” 

Dheimhnigh an tUachtarán gur léiriú follasach é an séasúr nua seo ar an dlúthpháirtíocht idir CLG agus TG4 agus ghabh buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach sa togra.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil an cainéal thar a bheith bródúil as an tsraith agus as an séasúr nua seo, an cúigiú ceann déag ag Laochra Gael. “Is cuid lárnach de chlúdach ilghnéitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha í an tsraith seo,” a dúirt sé, “agus tá a fhios againn go bhfuil gean ar leith ag lucht leanta na gcluichí uirthi. Tugann sí chun cuimhne cumas agus scil na réalta seo agus iad i mbarr a maitheasa agus tugann ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Is é an comhlacht aitheanta neamhspleách NemetonTV (Béarla) a léiríonn an tsraith seo do TG4, comhlacht a sholáthraíonn go leor de chlúdach spóirt an chainéil.

@TG4 @sporttg4 @nemetontv @officialgaa @beo_clg

"Den cuid is lú de na bhraithre..."


Agus scéal ó Thuama á bhriseadh nach mbeadh sé deachair gan aontú leis an dochtúir san Irish Times anseo. Agus nach ait an rud é gur dúradh seo beagnach céad bliain ó shin agus nár tugadh aon aird uirthi? Cá raibh an stáit? Cá raibh an Eaglais? Cá raibh an pobal?
“A great many people are always asking what is the good of keeping these children alive? I quite agree that it would be a great deal kinder to strangle these children at birth than to put them out to nurse.” 
An Dochtúir Ella Webb san Irish Times, 18 Meitheamh 1924.

Cén saghas daoine muid nár éistíodh leithí? Nach rabhamar sásta stáid na daoine óga neamhurchóideacha seo a chuir i bhfolach.?

Cén saghas daoine iad, a bhí in ainm is a bheith coisricthe don Dia seo - "Dia an Grá" ? Nach bhfuil sé do-mhínithe? Cá raibh an grá anseo?

Conas ar léigh siad a dúirt Eoin sa Bíobla, "A chairde cléibh, tugaimis grá dá chéile mar gur ó Dhia an grá agus an té a thugann grá is ó Dhia a rugadh é, agus aithníonn sé Dia." Nach ag diúltú Dia a bhí ar siúl sna háiteanna seo? "An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá."

Dúirt an Pápa Benedict XVI tráth, "'Sí ifreann  an áit nach bhfuil Dia ann!" Agus sa chás seo is sé Dia féin a bhí curtha in ifreann. I bhfocail an Mháistir "... mar is domsa a rinne sibh é!"

Liosta ó thaighde Chatherine Corless
de na na páistí mar a foilsíodh san
Galway Advertiser
Táthar siúd ag rá gur seo chuid den droch-thionchar a bhí ag teagasc na Eaglaise ar saol na tíre é seo. Ach tá sé sin ró-shimplí mar bhreithiúnas. Má bhí an Dr Webb ag rá rud mar sin go h-oscailte cén fáth go raibh a stáit sásta seasamh siar, agus ní hamháin seasamh siar ach sásta na páistí, na leanaí seo a fágáil sna hifreanntaí seo. Ní raibh ortha ach breathnú ar an liosta atá (agus a bhí) le fáil go poiblí le feiscint go raibh rud éigin gur chóir a iniúcadh. Sa deireadh bhí ar staraí cróga na h-áite, Catherine Corless, na taifead a iniúcadh agus a fhoilsiú as a stuaim féin lena a cuid airgead féin. Nach ionann an meon seo agus an meon a bhí ann i dtaobh na neachtlann Magdaláine?

Níor éistíodh leis an Dr Webb sa bhliain 1924 agus níos deanaí sa bhliain 1946*, níor éistíodh agus fiú ionsaíodh ag lucht na heaglaise agus Airí Rialtais, Fr Flanagan of Boystown - "the world’s most foremost expert on boys’ training and youth care” -  nuair a dúirt sé go neamh balbh:  "You are the people who permit your children and the children of your communities to go into these institutions of punishment. You can do something about it." 

Bhí na daoine a bhí i i bhfeighil sna tithe seo glán in aghaidh marú páistí sa bhruinne.  Dá mba rud é go raibh cead ghinmhilleadh ann an mbeadh sé sin sásúil? Má athraítear focail an dochtúra - "It would be a great kinder to abort these children before birth!" an mbeadh sé sin pioc níos fearr?

Agus an é an eaglais faoi dearadh é seo go léir? Nach bhfuil rudaí fós ag tárlú nach bhfuil - go bhfios dom - aon baint ag an eaglais leo. Scéal Grace bhocht mar shampla? Mar a dúirt an tAth Flanagan. "I wonder what God's judgment will be with reference to those who hold the deposit of faith and who fail in their God-given stewardship of little children."

Tá fhios agam go bhfuil feachtas ar siúl faoi Alt 8 faoi láthair. Ar bhealach tá sé éasca a deireadh a chuir leis an alt sin agus cead a thabhairt do na dochtúirí deireadh a chur le saol sa mbroinn más sin toil an máthar. Ach an duine é nó í atá sa bhroinn? Dár liomsa is duine atá ann i gcónaí. Tá fhios agam nach aontaíonn gach éinne liom sa dearcadh sin ach go dtí seo ní fhaca mise aon cruthú ina coinne (ná ar a son). Mar sin is cosúil go bhfuil amhras ann.

Cá raibh na fir?
Sna díospóireachtaí seo tá an chuid cainte faoi na mná agus a cearta. Agus is ceart go mbeadh mar iompraíonn bean an taisce míorúilteach seo ar feadh trí ráithe. Ach tá duine eile sa phictiúr leis. An athair. Nach bhfuil dualgas nó/agus ceart aigesean sna cúrsaí seo. Ach go ró mhinic fágtar an bhean leithí féin, fiú ag a muintir féin. Fós!

Fiú muna gcreideann muid i nDia na gCríostaithe nach fíor go bhfuil beagáinín den ceart sa mhéid a dúirt a Máistir:  ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é...sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’  Seans go bhfuil sé ráite níos fearr ag an bhfealsúnaí Sasanach John Donne (1571-1631):


"No man is an iland, intire of it selfe;
every man is a peece of the Continent, a part of the maine;
if a clod bee washed away by the Sea, Europe is the lesse, as well as if a Promontorie were,
as well as if a Mannor of thy friends or of thine owne were;
any mans death diminishes me, because I am involved in Mankinde;
And therefore never send to know for whom the bell tolls;
It tolls for thee...."

Bíodh eagla orainn ach ag an am céanna bíodh dóchas againn mar anois tá an scéal againn, an fhirinne againn, agus saorfaidh an fhírinne muid - má ligimíd di!

Only Father Flanagan of Boys Town shouted stop to child abuse in Ireland (Irish Central 10/3/2017)

2.3.17

Meon na mBan!

Meon na mBan is teideal do chlár bríomhar úr do mhná a chraolfar gach Céadaoin ar Raidió na Life idir 18:00 - 18.30, a thosaigh aréir, an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2017.

Tá an clár ag díriú ar shaol na mban timpeall na cruinne, mná atá ar gach aois agus ó gach aicme agus cine. Beimid ag iniúchadh saol na mban in Éirinn agus timpeall na cruinne: céard atá ar siúl acu, cad atá á bhaint amach acu agus cad ‘tá á mhothú acu sa chlár nua seo.

Is í Ciara Ní Éanacháin atá ina príomhláithreoir ar an gclár agus bíonn an comhrá agus díospóireacht ar an gclár faoi stiúir aici lena stíl chainteach bhríomhar fuinniúil. Ó sheachtain go seachtain, beidh aíonna éagsúla ó mheitheal ban Raidió na Life sa stiúideo ag plé na gceisteanna is mó atá á gcur ag mná in Éirinn inniu.

Is file agus scríbhneoir iomráiteach í Ciara Ní Éanacháin. Sa bhliain 2012, chuir sí tús leis an leathanach Memes na Gaeilge ar Facebook. Bíonn sí ag scríobh go rialta don iris Nós agus bhunaigh sí an oíche filíochta mhíosúil i mBaile Átha Cliath ‘Reic’(@reic ar twitter), ina mbíonn filíocht, amhráin agus rapcheol trí mheán na Gaeilge.

Ar an gcéad chlár pléadh na scéalta nuachta is mó a bhain le saol na mban in Éirinn le seachtain anuas. Don chéad chlár, bé Angela Seoighe a bheidh mar chomh-láithreoir le Ciara. Chaith Judy-Meg Ní Chinnéide súil siar ar stair agus éachtaí Beatrice Grimshaw, scríbhneoir ó Bhaile Átha Cliath a thaisteal i bhfad agus i gcéin ag tús an chéid seo caite. Tugadh léargas freisin ar shaol an fhuirseora le “Julie Jay”, Julie Johnson agus Bláithín de Búrca. Cuireadh an cheist: an bhfuil mná greannmhar? Agus pléadh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na mná a bhíonn i mbun fuirseoireachta in Éirinn.

Tá an clár léirithe ag Clár Reachtaire Raidió na Life Niamh Ní Shúilleabháin agus tá meitheal ban sa stáisiún ag tacú leis an gclár. Tá spriocanna na craoltóireachta raidió pobail i gceist go smior sa chlár seo agus é mar sprioc ag Raidió na Life go mbeidh rochtain níos mó ag mná ar na meáin agus ar ábhar cainte a bhaineann go sainiúil leo, sa chlár nua spéisiúil seo.

Tá Raidió na Life le fáil ar mhinicíocht 106.4 san Ard Chathair, agus bíonn an clár nua seo ar siúl gach Céadaoin idir 18:00-18:30. Is féidir teacht ar chláracha Raidío na life ar line ag www.raidionalife.ie nó ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Más maith le héinne teagmháil a dhéanamh leis an gclár seol ríomhphost chuig beo@raidionalife.ie nó glac páirt sa chomhrá ar Twitter agus Facebook leis an haischlib #Meon.

@raidionalife #Meon @reic @MiseCiara @memesnag @nosmag #SnaG17