16.11.16

Ró ró luath?

Fuair mé é seo sa phost leichtreoineach anseo ó Tuismitheoirí na Gaeltachta ar maidin! Tá sé ró luath - nó an bhfuil?

"A Chairde,

Bhí drogall orainn é seo a fhógairt chomh luath seo – ach bhí daoine ag fiosrú faoi (tá sibh an-eagraithe go deo!!) mar sin rinne muid an cinneadh an scéal a scaipeadh!

Sea, beidh muid ag tabhairt cúnaimh d’fhear na féasóige arís i mbliana…bí ag scríobh!!

Tuilleadh eolais thíos. Beidh bileoga á scaipeadh ar scoileanna Chonamara agus ceantar Gaeltachta Thír Chonaill an tseachtain seo chugainn. Déan teagmháil linn más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh go gcuirfeadh muid billeoga nó postaeir sa bposta chugaibh. Is maith le Santaí na litreacha Gaeilge!

Le buíochas

Sorcha agus an coiste."


Litir chuig San Níoclás


Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta le cúnamh a thabhairt d’fhear na féasóige arís i mbliana agus na litreacha uilig ó ghasúir Chonamara (agus áiteanna eile ar fud na hÉireann agus na cruinne) a chruinniú le chéile agus a chur chuige, le go mbeidh sé in ann iad a fhreagairt i nGaeilge!

Ní gá do na gasúir ach a gcuid litreacha a chur sa bposta chuig an seoladh seo:

Litir chuig Santaí
F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe.

Bí cinnte Tuismitheoirí na Gaeltachta a scríobh ar an gclúdach litreach agus stampa a chur air lena chinntiú nach rachaidh an litir amú. Scríobh ainm agus seoladh na ngasúr ar an litir freisin nó beidh mearbhall ar an bhFear Mór!

Moltar go láidir na litreacha a bheith sa bposta roimh Dé hAoine, an 9 Nollaig.



Bímís ag scríobh agus bí go maith!

1 comment:

  1. Ní shílfinn go bhfuil sé ró-luath in aon chor a Eoin. Tá beirt sa tigh seo atá "ró-shean" don chéad uair i mbliana, agus tá a n-ordú tugtha acu cheana féin dom.

    ReplyDelete