1.10.16

An sealgaire go luath!


D'éirigh mé go moc ar maidin agus bhí sé fós dorcha. Amuigh bhí an spéir glan lán réaltach. Ó dheas bhí an  réaltbhuíon mór an sealgaire Óiríon le feiscint go soiléir ann.

Bhi cion faoi leith agam ar Óiríon, nó Orion na Gréigise agus an Bhéarla, ó bhí mé óg.  Tá a ainm an chosúil leis an sloinne s'againne agus mar bhuachail óg tá rudaí mar sin an tabhachtach. Glach mé cineál seilbh ar Óiríon bocht.

Tá buntáiste leis chomh maith ós rud é go bhfuil sé chomh éasca é a aimsiú sa spéir, go mór mór i ndorachadas na hoíche sa bhfomhair agus sa Gheimhreadh, go mór mór ar oícheanta fuair gan scamall sa spéir.
Brú ar an bpic len é a fheiscint níos fearr

Sa Bhéarla tá aimneacha ar chodanna den réaltbhuíon áirithe seo. Ina lár tá "Crios Orion" mar shampla agus ar a thaobh ta claíomh a iompar aige. Ach sa Gaeilge tá ainmneacha eile, ceann acu nach nglachtar i bpárlúis lucht na galántachta! Thug na Gael "Buaile an Bhodaigh" ar "Crios Orion" na Sasanach. Ní claoimh atá aige dár linne ach "Slat an Rí!"

Réaltnéal Óiríon
Tá dhá cheann de na réaltanna í láidre sa spéir ann leis.  Betelgeuse (Alpha Orionis) ar a bharr ar chlé agus Rigel (Beta Orionis). Sé Betelgeuse an naoiú réalt is gile sa spéir agus dath dearg air. Ach tá Rige níos gile mar an seachtú réalt is gile sa spéir. Tá dath gorm air. Uaireanta áfach bíonn Betelgeuse, a athríonn ó am go chéile, níos gile ná Rigel.

Má fhéacann tú go cúramach faoin trí réalt a deineann Buaile an Bhodaigh (nó an Crios) tá ceann de na rudaí is suimiúla sa spéir - réaltnéal Óiríon. Sé ceann de na rudaí sa spéir atá staidear deanta air ag na réalteolaí agus tá an-chuid eolais faighte amach ar chonas a deintear réaltaí agus córas plainéidí.

Nach aistean na rudaí a thagann chun cuimhne ag éirí dom ar maidin?

Seans go mbeadh spéis sna haltanna seo chomh maith agat!
Trasdul Véinéis 2012 (6/6/2012)
Mars Álainn (7/1/2016)





No comments:

Post a Comment