5.9.16

Fós ann! @TimireFS

Níl sé éasca teacht ar irisí Gaeilge sa lá atá inniú ann. Tá sléacht uafásach deanta ag na Rialtaisí (tré chiorraithe pionósach ar Fhoras na Gaeilge). Muna bhfuil seirbhís idirlín maith ag duine ní féidir nuacht domhain nó tuairimí suimiúla a fháil go h-éasca. Ar ndóigh tá leath leathannach ar an Luain ag an Irish Times agus bíonn nuachtáin tanaí, Seachtain, istigh san Indo ar an gcéadaoin.

Eagrán an Fhomhair!
Tharais sin níl sé chomh héasca sin teacht ar ábhar scríobhnóireachta in aon áit - go mór mór sa Ghaeltacht. Níl dul as agat ach iris a ordú trén bpost. (Tá iris agam féin agus chuirim sa phost é agus tá an costas seachadta ag éirí dochreidthe daoir - tá sé níos saoire m'iris fhéin a clóbhualadh ná coipeanna dí a chuir sa phost!)

Bíodh sin mar atá, tá iris amháin á fháil agam-sa sa phoist. Sé an iris is sine sa tír é - An Timire, atá á fhoilsiú ag na hÍosánaigh ó 1907 i leith. Go dtí bliain nó dhó ó sin fuaireadar deontas an bheag ón Rialtas ach ar ndóigh stop síad é agus anois is ar shíntiúis agus dead-mhéin na nIosánach atá sé ag maireachtáil. Tagann sé amach gach ráithe agus bím ag súil go mór leis.

Tá na haltanna gearr gur féidir iad a léamh i gcúpla neomad. Fuair mé eagrán an Fhomhair le déanaí agus arís bhí neart leitheoireachta ann. Cé gur ó stábla Chumann Íosa a thagann sé ní"iris naofa" sa sean bhrí atá inti cé go bhfuil altanna faoi cúrsaí spioradálta nó eaglasta istig inti. Mar shampla sa chéad alt tá an Poiliteoir Sóisialach, Joe Higgins ag caint faoin ghnáth duine, agus an neamhchothromaíocht idir an 1% de dhaonra an Domhain a bhfuil saibhreas níos mó acu ná an 99% eile. Tá alt eile ar Dídeannaithe. Tá dhá alt faoin dteanga ag Eoghain Mac Cormac (Glór na nGael). Tá píosaí staire ann. Tá píosa faoi caghdeán iriseoireachta sna meáin, agus alt faoin foréigin in aghaidh sa Mhaláiv. Tá mír inti do na daoine óga - le scéal le Gabriel Rosenstock.

Tá alt ro-ghearr ar an ileolaí Alan Titley agus ba bhreá liom níos mó a fhoghlaim faoin a shaol san Aifric agus an tionchar a bhí aige ar a shaol agus ar a chuid tuairimí.

Tá alt spéisiúil scríofa ag an Dr Michael Jackson, Ard Easpag Eaglais na hÉireann ar an Íosánach John Sullivan. Ba shuimiúl é tuairimí duine ó chreideamh éile ar an bhfear naofa seo.

Bhí Léirmheasanna an ar leabhair ann lesi, Dílis le Réaltán Ní Leannáin ina measc; Léirmheas ar an scannán "Demolition"; Oideas - Brioscarán le huachtair agus caora;  Alt faoin ré nua san eaglais le ganntanas chléire.

Tá scéal mistéireach Arthur Kingsley Porter a insint ag Dónall Ó Cnáimhsí. Is ar Inis Bó Finne idir Thír Chonaill agus Tóraigh. Chuaigh sé amach ag siúl lá amháin de réir tuairiscí agus ní fhachthas ó shin é. Tá neart ceisteanna faoin gcás ach tá ganntanas fhreagraí.

Taitheann sé liom agus tá mé ag súil leis an gcéad eagrán eile sa phost. Má maith leat é a fháil ní mór duit ach foirm a líonadh agus €20 a íoch anseo.

Bain taitneamh as!

No comments:

Post a Comment