14.9.16

Oireachtas Chois Fharraige - 16-15 Meán Fomhair 2016!


An deireadh seachtaine seo chugainn a bheas an fhéile chultúrtha, Oireachtas Chois Fharraige 2016, ar siúl agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnach, 25 Meán Fómhair. Thart ar Indreabhán agus An Spidéal a bheas formhór na n-imeachtaí ar bun. Ar an gclár tá meascán de Cheol, Amhránaíocht, Damhsa ar an Sean-Nós, Drámaíocht agus Amhránaíocht.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17/18 Meán Fómhair, léireofar in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) don chéad uair ‘Éirí Amach Chois Fharraige’, seó ilmheánach atá scríofa go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain le comóradh a dhéanamh ar Chois Fharraige agus 1916, agus chomh maith leis sin, le ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin i 1966 agus ar an méid a baineadh amach ó shin.

Tuilleadh Eolais agus an Clár Iomlán Anseo.

Tá bileogaí leis an gclár iomlán ar fáil anois le piocadh suas i siopaí agus áiteanna poiblí i nGaeltacht Chonamara nó tré scéal a chur ag comoradh40@gmail.com, nó téacs ag 083 8649519. Agus is féidir an clár iomlán a íoslódail mar PDF Anseo.


Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé thart ar €25,000 é a chur ar bun. Tá urraíocht flaithiúil fáighte ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille aríst i mbliana, chomh maith le roinnt ó Údarás na Gaeltachta, ó TG4, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá beagán le tíocht ó Ealaín na Gaeltachta

Aisteach go leor, dhiúltaigh Oireachtas na Gaeilge aon urraíocht a chur ar fáil i mbliana, cé go bhfuil sé mar chúram ar an eagraíocht (faoin leagan amach nua ar na heagraíochtaí Gaeilge) a bheith ag tacú le féilte cultúrtha den chineál seo. Is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine atá an coiste. 

Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid don deireadh seachtaine a cheannacht roimhré, ar an bpraghas €25. Tá na ticéid ar fáil ó oifigí an Chomhar Creidmheasa ar an gCnoc agus ar an gCeathrú Rua, ó oifig Chomharchumann Sailearna sa tSeanscoil agus ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil. Is maith an luach airgid na ticéid chéanna mar go dtabharfaidh sé cead isteach saor in aisce do na himeachtaí uilig ar an gclár.

9.9.16

An Flying Enterprise fíor!

Tá an Flying Enterprise go mór i mbéal an phobail sna laethanta seo.  Ach chuir an tainm sin siar ar bhoithre na smaointe mé.

An scéal a chuir ar Bhoithre na Smaointe mé. (Béarla)
Agus mé óg agus ag dul ar scoil thárla eachtra ar an bhfarraige a chuigh go mór i bhfeidhm ar an mbuachaill óg seacht mbliana d'aois.

Is cuimhín liom ag rith abhaile ón scoil ag am lón le fháil amach conas mar a bhí ag éirí leis an gCaptain Carlsen ar a long a bhí i dtrioblóid - The Flying Enterprise. Laoch a bhí ann don buachaill óg sin agus is cuimhin liom bheith ag éisteacht leis na tuairiscí ar an sean raidio - an craolachán nó "wireless" a bhí san aimsir sin. Tháinig and d'imigh an fhuaim mar bhí sé i bhfad ón dtír seo.

An Geimhridh a bhí ann agus nuair a fógraíodh go raibh an bád i dtrioblóid togadh gach éinne ón mbád ach d'fhán an Captain Carlsen ar bórd. Tháinig tuga taobh leis ach níorbh fhéidir leis an bád mór a tharraingt. Chuaigh duine ón dtuga ar bhóird leis an gCaiptain Carlsen ach tár éis beagnach trí seachtaine chuaigh an Flying Enterprise go tóin poill agus longa tarthála ag breathnú air.

D'éirigh le Carlsen agus an fear eile éalú sular báthadh an long.

Ibhfad níos deanaí is cuimhin liom an eactra seo agus anois ar ndóigh tá an scéal níos cruinne scríofa síos ag Carlsen féin agus ar wikipedia Béarla anseo.

Seo scannán a bhí a thaispeáint ag an am sna pictiúlanna.


5.9.16

Fós ann! @TimireFS

Níl sé éasca teacht ar irisí Gaeilge sa lá atá inniú ann. Tá sléacht uafásach deanta ag na Rialtaisí (tré chiorraithe pionósach ar Fhoras na Gaeilge). Muna bhfuil seirbhís idirlín maith ag duine ní féidir nuacht domhain nó tuairimí suimiúla a fháil go h-éasca. Ar ndóigh tá leath leathannach ar an Luain ag an Irish Times agus bíonn nuachtáin tanaí, Seachtain, istigh san Indo ar an gcéadaoin.

Eagrán an Fhomhair!
Tharais sin níl sé chomh héasca sin teacht ar ábhar scríobhnóireachta in aon áit - go mór mór sa Ghaeltacht. Níl dul as agat ach iris a ordú trén bpost. (Tá iris agam féin agus chuirim sa phost é agus tá an costas seachadta ag éirí dochreidthe daoir - tá sé níos saoire m'iris fhéin a clóbhualadh ná coipeanna dí a chuir sa phost!)

Bíodh sin mar atá, tá iris amháin á fháil agam-sa sa phoist. Sé an iris is sine sa tír é - An Timire, atá á fhoilsiú ag na hÍosánaigh ó 1907 i leith. Go dtí bliain nó dhó ó sin fuaireadar deontas an bheag ón Rialtas ach ar ndóigh stop síad é agus anois is ar shíntiúis agus dead-mhéin na nIosánach atá sé ag maireachtáil. Tagann sé amach gach ráithe agus bím ag súil go mór leis.

Tá na haltanna gearr gur féidir iad a léamh i gcúpla neomad. Fuair mé eagrán an Fhomhair le déanaí agus arís bhí neart leitheoireachta ann. Cé gur ó stábla Chumann Íosa a thagann sé ní"iris naofa" sa sean bhrí atá inti cé go bhfuil altanna faoi cúrsaí spioradálta nó eaglasta istig inti. Mar shampla sa chéad alt tá an Poiliteoir Sóisialach, Joe Higgins ag caint faoin ghnáth duine, agus an neamhchothromaíocht idir an 1% de dhaonra an Domhain a bhfuil saibhreas níos mó acu ná an 99% eile. Tá alt eile ar Dídeannaithe. Tá dhá alt faoin dteanga ag Eoghain Mac Cormac (Glór na nGael). Tá píosaí staire ann. Tá píosa faoi caghdeán iriseoireachta sna meáin, agus alt faoin foréigin in aghaidh sa Mhaláiv. Tá mír inti do na daoine óga - le scéal le Gabriel Rosenstock.

Tá alt ro-ghearr ar an ileolaí Alan Titley agus ba bhreá liom níos mó a fhoghlaim faoin a shaol san Aifric agus an tionchar a bhí aige ar a shaol agus ar a chuid tuairimí.

Tá alt spéisiúil scríofa ag an Dr Michael Jackson, Ard Easpag Eaglais na hÉireann ar an Íosánach John Sullivan. Ba shuimiúl é tuairimí duine ó chreideamh éile ar an bhfear naofa seo.

Bhí Léirmheasanna an ar leabhair ann lesi, Dílis le Réaltán Ní Leannáin ina measc; Léirmheas ar an scannán "Demolition"; Oideas - Brioscarán le huachtair agus caora;  Alt faoin ré nua san eaglais le ganntanas chléire.

Tá scéal mistéireach Arthur Kingsley Porter a insint ag Dónall Ó Cnáimhsí. Is ar Inis Bó Finne idir Thír Chonaill agus Tóraigh. Chuaigh sé amach ag siúl lá amháin de réir tuairiscí agus ní fhachthas ó shin é. Tá neart ceisteanna faoin gcás ach tá ganntanas fhreagraí.

Taitheann sé liom agus tá mé ag súil leis an gcéad eagrán eile sa phost. Má maith leat é a fháil ní mór duit ach foirm a líonadh agus €20 a íoch anseo.

Bain taitneamh as!