7.6.16

Scannán fáisnéise ar "Éagóir!"

Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna

Tá rún ag an gcomhlacht léirithe teilifíse ROSG Teoranta fadscannán faisnéise a fhorbairt do TG4 bunaithe ar Éagóir, leabhar nua Sheáin Uí Chuirreáin faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna, a seoladh le gairid.

An leabhair bunaigh!
Tá socrú déanta ag ROSG Teoranta, atá lonnaithe sa Spidéal agus a bhfuil Ciaran Ó Cofaigh i gceannas air, le foilsitheoirí an leabhair, Cois Life, leis an saothar a fhorbairt don teilifís agus tá maoiniú ceadaithe don tionscadal ag TG4. Tá iarratas ar mhaoiniú breise curtha i láthair ÚdarásCraolacháin na hÉireann.

Tá taithí mhór ag ROSG Teoranta ar scannáin agus ar chláracha teilifíse a léiriú i nGaeilge agus is é an comhlacht sin a rinne Cré na Cille, Na Cloigne agus An Bronntanas do TG4.

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh gur
tionscadal fíorthábhachtach a bhí i gceist anseo agus gurcúis bhróid” don chomhlacht ROSG a bheith ag plé leis. Dúirt sé gur cheap sé roimhe seo go raibh scéal Mhám Trasna ar eolas aige ach nár thuig sé “doimhneacht agus scála an scéil go dtí gur léigh sé an leabhar nua, Éagóir Spreag sé mothúcháin láidre ionam féin, agus an fhearg an ceann ba mhó a bhí i gceist, a dúirt sé.

Cé gur scéal Gaeltachta atá anseo, tá gnéithe láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis freisin, agus mar léiritheoir tá mé ar bís le hé a chur ar an scáileán,a dúirt Ó Cofaigh.

Maolra Seoighe
Dúirt an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín ó Chois Life gur spreagadh mór dóibh an tsuim atá ag ROSG sa leabhar nua seo mar ábhar scannáin. Cuirfidh sé sin fuil agus feoil ar na pearsana úd i Mám Trasna ar imríodh feall orthu sa tseanaimsir,a dúirt sí. Agus í ag tréaslú a shaothar leis an údar Seán Ó Cuirreáin, dúirt sí go raibh pobal fada fairsing dlite dó mar scéal.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin gur cinnte go bhfuil an-ábhar teilifíse sa scéal tragóideach faoi mharú teaghlaigh i Mám Trasna sa bhliain 1882 agus sa dóigh ar ciontaíodh san éagóir daoine nach raibh baint ná páirt acu leis an uafás a tharla ann.

• Bhí píosa againn ar chomóradh ar Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil i nGaillimh beagnach ceithre bhliain ó shin. Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn i láthair ag an gcomóradh sin.

@ROSGtv @CoisLife #mám1882

No comments:

Post a Comment