29.4.16

Céad bliain is an lá inniú! - 1 #Éire2016

Cá raibh tusa in 1916?

Mo Dhaideo ag tús
an 20ú Chéid
Is cuimhin liom an cheist sin a chur ar mo shean athair agus cé nach raibh sé páirteach (go bhfios dom) sna h-imeachtaí is cuimhin liom é ag caint faoi dhó Teach an Chustaim - a thárla níos déanaí.

Rugadh mo Sheanathair in Inis Cóirthe sa bhliain is a rugadh Pádraigh Mac Phiarais fhéin, 1879. Faoin 1916 seo bhí Teach Tabhairne aige ag cúinne Sr Prionnsias agus Sr Thomáis agus chualathas gur úsáideach an díon ansin ag fórsaí an tSaor Stáit le bombardú a dhéanamh ar na Ceithre Chuairteanna i rith an Chogaidh Chathardha.

Ach ar ámhairi an tsaoil tá fhios againn cad a bhí ar siúl ag clann m'athair i rith éirí amach na Cásca. Ní cuimhin liom é ag caint faoi (bhí mé 11 bliain d'aois nuar a fuair sé bás).

Ach nuair a fuair m'athair féin bás fhuair me seilbh ar shean-bhosca tae a chuala mé trácht air agus mé óg. Thugamar "Johnny Fox" ar an mbosca! Nach aisteach na nósanna a bhíonn ag clainnte agus ainmneacha aisteacha nó ráitaisí aisteachta a théann ó ghlún go glún.

Istigh sa bhosca tá sean-pháipéirí, teastais breithe, nótaí eile ach ina measc tá roinnt stuif ó 1916 atá stairiúil agus spéisiúl don chlann s'againne.

Seo an céad rud a shiníodh céad bliain is an lá inniú - 29 Aibreán 1916. Léiríonn sé cé chomh trína chéile a bhí chúrsaí mar tá an t-iarratas seo scríofa ar phíosa páipéar atá an-chosúil le leabhair nóta. Seo atá scríofa air:

Brú ar an bpic len é a mhéadú!
To Major Billson
Sir,
Will you please grant bearer a pass to leave this place for Dublin.
(Major Bains (?) to send him to you)
L P Sherwood,
Sgt (?)
10.30 am 29/4/16

Agus faoi i scríobhnóireachta eile

To/ A.P.M. 59 Div
Passed to you, please (action ?)
A Billson Major.

Níl fhios agam cén eolas a bhí ortha faoin Éirí Amach agus is ar an lá sin a ghéill an Piarsach ar Sr Pharnell ach níl fhios agam caithin sa lá inar thárla san. Cinnte bhí an-chuid ráflaí ag dul thár timpeall na tíre faoi.

Níl fhios againn an scéal faoi conas a bhí sé de mhisneach ag mo shean athair an pás a lorg ach is cinnte gur theastaigh uaidh dul thár n-ais chuig a chuid ghnó. Ait go leor ní deireann sé ar an píosa pháipéar seo cá bhfuil "this place." Bheadh air fanacht don pás féin.

20.4.16

Tús buachach i nDún Garbhán!


Tús buacach do TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2016


Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag tús Fhéile na Meán Ceilteach i nDún Garbhán. Bronnadh an Torc don Chlár Siamsaíochta is Fearr ar an tsraith Pioc do Ride, togra a ghin go leor poiblíochta agus beagán conpsóide freisin nuair a craoladh é.

Deir Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. “Bíonn dian-iomaíocht ann don duais sa rannóg seo gach bliain,” a dúirt sé “agus muid in iomaíocht le cláracha agus formáidí siamsaíochta ó chraoltóirí eile a bhfuil airgead níos mó agus acmhainní suntasacha ar fáíl dóibh”.

Formáid éadrom úrnua, 13 clár atá sa mbuaiteoir, ina mbíonn bean ag iarraidh a rogha fir a dhéanamh, bunaithe ar na leidí faoina phearsantacht óna ghluaisteáin agus a chumas mar thiománaí. Bíonn triúr iarrthóirí fir i ngach clár agus tar éis don bhean duine acu a roghnú, castar ar a chéile iad den chéad uair. Is ag an bpointe sin a thugtar rogha shuimiúil don fhear - dearbhán an bhuaiteora a chaitheamh ar bhéile don bheirt acu nó an t-airgead a chaitheamh ar ghluaisteán ionúin agus gan bacadh le béile, bean ná rómánsaíocht. Is í Áine Goggins an láithreoir agus David Clarke ón gcomhlacht neamhspleách El Zorrero Films a léirigh do TG4.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha faoi bhráid ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun i nDún Garbhán 20-22 Aibreán.

@TG4TV @CelticMediaFest

15.4.16

Reibiliún reibhléiseach beartaithe ar TG4.


Deir an seanfhocal linn nach bhfeicfidh ach an té a shiúlfaidh agus is mó fós a fheicfidh an té a bheadh in ann dul ar ais siar sa stair agus imeachtaí móra cinniúnacha ag tarlú. Sin go díreach mar atá sa sraithdhráma ar Éirí Amach na Cásca a chraolfaidh TG4 faoi cheann seachtaine.

Seo féinín eile a thóg muid le taobh an Fhir Mhóir!
Is beag atá ag tarlú sa saol ag triúr fear i mBaile Átha Cliath an lae inniu. Níl de spórt agus de chaitheamh aimsire acu ach a bheith ag déanamh athchruthú ar imeachtaí stairiúla 1916. Agus iad ag ullmhú do chleachtadh feistis, tugann bosca rúndiamhracht ar aistear ama iad, siar san am a caitheadh, go 1916, díreach roimh an Éirí Amach.

Ní túisce ann iad ná a dhéanann siad dearmad mór a chuireann athrú ó bhun ar an saol. Agus fios acu go bhfuil Éirí Amach na Cásca millte acu agus gan é tosaithe fiú amháin, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil.

Dátaí Craolta
Mír 1 – SATHARN 23 AIBREÁN 9.30PM
Mír 2 – DOMHNACH 24 AIBREÁN 9.30PM
Mír 3 – LUAN 25 AIBREÁN 9.30PM
Cé go bhfuil faitíos agus imní orthu caithfidh siad féin anois an gaisce a dhéanamh.....agus go tapa. Ní foláir dóibh freisin filleadh ar ais ón stair agus go saol an lae inniu – ach cén sórt saoil a bheidh ann rompu, fiú má éiríonn leo san iarracht sin?

Is é an comhlacht aitheanta Tile Films (Béarla) a léirigh an tsraith seo do TG4 agus craolfar an trí chlár ar an gcainéal trí lá i ndiaidh a chéile, céad bliain díreach ó dháta an Éirí Amach féin. Fuair an togra maoiniú ó TG4, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó scéim tacaíochta atá bunaithe an Rialtais do thograí scannán teilifíse (Alt 481).

Chruthaigh cliar aisteoirí agus foireann léiriúcháin den chéad-scoth an saothar seo, bunaithe ar scéal a scríobh James Phelan, duaiseoir as a shaothar roimhe seo do TG4 (Rásaí na Gaillimhe). Ar na haisteoirí atá páirteach, tá Peter Coonan (Love/Hate), Owen McDonnell (Singlehanded), Sean T. Ó Meallaigh (Rásaí na Gaillimhe, Charlie), Jeanne O’Connor (Sineater), Enda Oates (Moone Boy), Eva Jane Gaffney (What Richard Did) agus Olga Wehrly (Dark Touch).

Is é Stephen Rooke, Tile Films, an Léiritheoir Feidhmeannach, Ruán Magan a stiúraigh, Anna Maria O’Flanagan a chuir in eagar agus Colm Whelan a bhí i mbun na gceamaraí.

Deir Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4 faoin togra “Bhí a fhos againn go mbeadh tograí teilifíse go leor á gcraoladh i mbliana a d’inseodh scéal an Éirí Amach i dtéarmaí na lom-staire agus is maith ann iad. Ach theastaigh uainn fosta casadh beag a bhaint as agus greann freisin, mar chuid amháin dár gcraolta iomadúla féin ar an gComóradh. Bíonn cúpla insint ar aon scéal agus ní mar mhagadh ná le mailís a thugamar tacaíocht don insint mhalartach seo ina gcuirtear an cheist ‘Céard a tharlódh dá mbeadh an cor áirithe seo sa scéal?’ Is fada bua na samhlaíochta agus an ghrinn ag an scéalaí Gaeilge agus seo súil eile ar imeachtaí cinniúnacha na linne sin.”

@TG4TV @tilefilms #Éire16

14.4.16

Sa bhaile: Dank je wel Brussels! Merci Bruxelles!

Tá mé thár n-ais.

Scríobh mé breis is seachtain ó shin na deachtaireachtaí a bhí agam (agus ar ndóigh ag gach paisinéir ar a bhealach go dtí an mBruiséal) cinntiú cad ba cheart a dhéanamh agus an cabhair a bhfuair mé ó Aer Lingus.

D'éirigh go maith leis an turas. Chuaig me go hAmstedam ar dtús agus ansin ar traen díreach ó Schippoll go dtí croí lar na Bruiséile - turas a thóg thart ar trí uair a chloig. Mar sin d'éirigh liom bheith in am don gcruinniú ann le lucht úsáidte threallamh na cumhluchta Domhanda Emerson (Béarla) - #Emrex.

Tá mé ag freastail ar na cruinnithe le blianta ach i mbliana bhí dian-slándáil ann agus deineadh cuardach pearsanta ar gach duine a chuaigh isteach in ionad na cruinnithe. Chuir sé siopadóireachta i mBéal Feiriste sna droch laethanta i gcuimhne dom!
Teachtaireachtaí chomh bhrón ar ballaí tholglann imeachta sealadach ag an aerphort.
Nuair a bhí mé críochnaithe ar an gCéadaoin bhí orm mo bhealach a dhéanamh chuig Aerphort na Bruiséile (Pléiminéis). Duradh gur ceart a bheith ann ar a laghad trí uair roimh an eitilt. Tá stáisiún iarnród ag an Aerphort ach de bharr na tubaiste ní raibh sé oscailte go fóill. Mar sin moladh do bpaisinéir dul ar traen chomh fada leis an stáisiúin is giorra don aerphort - Zavantum Drup (Sraidbhaile) agus go raibh bus ag le muid a thógaint chuig áit na n-eitiltí amach.

Is san áit sin a bhí na buamaí ar an 22ú Lá Márta ina ar maraíodh breis is 30 daoine. Is cosúil gur deaineadh an chuid damáiste agus bhí ortha ionad sealadah a cruthú an fhaid is a bhiodar ag chuir chaoi athuair ar an áit. Is ollpoball mór, cosúil leis na cinn a bhíonn á úsáid ag teaspeáintais atá tógtha acu.

Bhí an áit an mhí chompordach, te agus plútach, agus go raibh dian, dian slándáil i bhfeidhm. Sular chuamar istigh san áit curdaíodh gach éinne uair amhain le treallamh x-gathú. Ansin níos faide istigh deineadh imscrudú ar ár bpasanna agus ticéidí - ni raibh cead ag éinne nach raibh ag taisteal dule isteach san áit. Istigh sa phoball bhí na slúaite agus bhí binsí sealadach ag glacadh bagáiste agus ag clárú na paisinéirí. Ansin agus muid ag dul chuig na geataí bhi scrúdú eile ann - an gnáth scrudú a bhíonn i ngach aerphort.

Cé go raibh rudaí go dona, míchompórdach bhí chuile duine cúirtéiseach idir oifigí agus paisnéirí. Ní fhaca mé duine ar bith cantalach, feargach mar a thárlíonn ró-mhinic. Ghlac gach éinne le cúrsaí mar a bhí gan cheist. Ansin nuair a chuamar isteach san áit taobh eitilte bhí gach rud i gceart.

Bhí an eitileán in am agus bhí sé go deas teacht abhaile.

Ag smaoineamh siar ar an turas áfach is ar na bláthanna agus na nótaí a bhí scríofa ag sean-bhourse na Bruiséile. Ba thubaist uafásach a bhí agus ní deintear dearmad air.

Beannach Dé le hanmnacha na marbh.
Seo mar atá Bourse na Bruiséile le bláthanna, bratacha & coinnle i gcuimhne na marbh.

6.4.16

A Votre Sante! Aer Lingus!

Tá orm dul chuig an mBruiséal - turas ghnó - an seactain seo chugainn. Rinne mé eitilt a chuir in airithint míosa ó shin le hAer Lingus.

Ansin thárla na bpléasc in Aerphort na Bruiséile! Ós rud é gur thárla se trí seachtaine roimh m'eitilt féin ní raibh mórán imní orm. Ach mar a lean cúrsaí ar aghaidh agus an tAerphort gan ar oscailt d'éirigh mé beagáinín amhrasach. Thosaigh mé ag breathnú ar na suíomhanna Aerphort na Bruiséile agus Aer Lingus ag lorg eolais ar an stáid is dearanaí.

Osclaíodh an Bhruiséal ar deireadh ar an nDomhnach seo caite ach ní raibh cead eitilte isteach ann ag gach aer líne, Aer Lingus san áireamh. Fuaireadra an cead sin ar an Máirt ach níl cead acu ach eitilt amháin gach lá agus eitiltí sa tráthnóna. Dúradar go raibh na heitiltí ar maidin go léir curtha ar ceal go dtí an gcéad lá Bealtaine. B'shin fadhb domsa mar is eitiltí ar maidin a bhí airithe agamsa.

Luadh ar shíomh Aer Lingus teangabháil a dhéanamh leo i gcás faidhbe. Bhí agamsa agus mar sin glaogh mé ar an uimhir gan mórán dóchas mar de gnáth nuair a glaoghtear ar uimhir fóin sna laethanta seo bíonn ort dul tré céimeanna "Má tá seo uait brú uimhir a h-aon, nó siúd Uimh 2 " agus mar sin de ad secula saeculorum. Ach sa chás seo freagraíodh é beagnach ar an bpoinnte ag duine daonna. Mhínigh mé mo chás ag rá go raibh orm bheith ann le haghaidh cruinniú tráthnóna.

Bhí beagáinín taighde agus fuair mé amach go raibh sé indéanta dul go hAmsterdam san Ísiltír agus ar traen nó bus go dti an mBruiséal taobh istigh de trí uair a chloig. An raibh sé indéanta mo eitilt a athrú? Bhí a dúirt sé bhí spás ar an eitilt sin agus go raibh sé éasca m'áirithint a athrú. Agus ansin bhí orm eitilt abhaile agus bhí sé chomh éasca an eitilt sin a athrú chomh maith. Agus ní raibh aon chostas breise air (cé go raibh costas an árd ar an táille dá mba rud é go raibh orm eitilt ar fad nua a fháil!). Tá costas so-bhreis ar an dtraen áfach (níos lú ná €50) ach tá mé ag ceapadh gur féidir é sin a fháil ar ais mar bhí polasaí árachas faighte agam. Ach sin cath eile romham!

Rinne mé sin agus taobh istigh de cúig neomad bhí sé go léir déanta, gan aon trioblóid.

Mar sin beidh mé i ndán Beoir na Beilge agus Waffles na Bruiséile a bhlasadh ina dtír dhúchasach.

Sláinte nó, mar is ceart sa Bheilg, Prosit!/A Votre Sante!/Prost! (Tír trí theangach í an Bheilg!)