7.3.16

Ceiliúr éan agus espresso foirfe!


Mí bealtaine soa caite bhí mé ag cruinniú léitheoireachta i gClub Aras na nGael in nGaillimh. Bhi Alex Hijmans ag léamh as a chuid saothair ann agus scríobh mé píosa faoi ag an am. Dúirt mé gur cheannaigh mé cóip dá gcéad úrscéal, "Aiséirí"* agus mé ag an seisiún léithoireachta sin.

Ar amharaí an tsaoil níor éirigh liom tabhairt faoi go dtí an seachtain seo caite. Bhí mé díreach tár éis dírbheathfhaisnéis Earnáin de Blaghad, "Slán le hUltaibh" a chríochnú. D'fhéadfá a rá go bhfuil sé sin beagáinín borrtha agus dairíre - mar an fear féin. B'íontach an faoiseamh a thug leabhar an Isiltírigh dom.

An scéal
Espresso foirfe!
Ach céard tá sa scéal seo. Saighdiúr de chuid na cúise í Rebekka Vogelzang, bean óg as an Ísiltír a d’fhoghlaim Gaeilge agus í ag obair i dteach caife Gaelach i gcathair na Gaillimhe. Cuireann sí a croí agus a h-anam isteach i ngach uile bhonnóg dá mbácáileann sí agus i ngach uile chupán espresso dá ndéanann sí, espresso foirfe, toisc go dtuigeann sí go bhfuil slánú na teanga ag brath air. Ach cé a shlánóidh Rebekka?

Chuirean sé leis an scéal má tá cúlra an údair ar eolas ag an léitheoir. Is ón Ísealtír é féin a tháinig go Gaillimh agus a d'fhoghlaim ár dteanga agus gur raibh a chaife Gaelach féin aige sa chathair.

Ar ndóigh an rud is tabhachtaí in úrscéal ná an scéal agus na daoine atá istigh ann. An fíor daoine iad? An cuma leat iad ann nó as? Sa scéal seo ba daoine daonna iad, léirithe go simplí agus bhí fonn orm a fháil amach cad a tharlódh dó. Uair nó dhó is beag ná gur mhothaigh mé mothúchánach, má tá a leithéad de focal ann.

Go luaith agus Rebekka tár éis tosú sa caife, tháinig uinéar an Chaife istigh agus bhí fhios acu go léir go raibh rud éigin uafásach tár éis tarlú. Bhí an dá eitileáin tár éis dul isteach sna túir i Nua Eabhrach agus dúirt sé gur raibh an-chara leis nuair a bhí cónaí air thall, tár éis bháis ann.

"Bhreathnaigh Rebekka ar Éamonn, ar Aisling. Níor bhog ceachtair acu. Sa deireadh thóg sí féin céim chun tosaigh. Chuir sí a lámha timpeall ar Naoise agus lig dó titim as a chéile ar a hucht."

Cé go bhfuil na focail an shimplí tá an mothúcháin soiléar le feiscint ann. Agus is mar sin a théann an scéal ar aghaidh. Abairt gonta líofa a thugann an teachtaireach duit go simplí agus go beacht cruinn.

Ar ndóigh, agus eolas agat ar chúlra Alex Hijmans, tá sé éasca a rá go bhfuil raon de dhírbheathfhaisnéis ann ach bheadh sé sin ró éasca a rá. Seasann an scéal féin ar a chosa féin. Is fíor dhaoine iad na daoine ann, táid inchreidthe.

Má tá aon lucht agam air d'fheadfainn a rá go mba mhaith liom níos mó a fhoghlaim faoi na carachtairí eile ann. Cheapaim go bhfuil úscéal nó dhó eile i bhfolach ann ar shaol Naoise, agus na daoine eile a bhí ag obair sa caifé ann. Tá scéal le h-insint chomh maith faoi na "gnáth chuistiméirí" a chuir muid aithne ortha sa scéal.

Rinne mé rud leis an leabhair seo nach ndearnadh mé le fada. Níor thóg sé ach cúpla lá é a leamh mar do theastaigh uaim a fháil amach cad a tharlódh do Rebekka, Naoise, foireann an chaife agus na custiméirí.

Déan cupán caife - espresso foirfe - duit féin agus léigh an leabhair sásúil - agus b'fhéidir, b'fhéidir go mbeidh tú i ndán samhlú bheith tár n-ais i gCaife Ghaelach i gcroí lár na cathrach!

* Ta a leabhair foilsithe ag Cois Life agus feicim go bhfuil sé fós le fáil ar an suíomh acu.