16.2.16

Seachtar laoch?


Bhíos ag an gcruinniú d'iarratheoirí don Dáil Cheantair áitiúil (Gaillimh Thiar/Muigheó Theas) sa Sean Scoil aréir. Bhí slua mór - níos mó ná céad i láthair - ann chun éisteachta leo agus ceisteanna a chuir. As an 19 atá ag dul san iomaíocht bhí seachtar i láthair ar an oíche.

Liosta Iomatheoirí

Charity James ( NS )
Clochartaigh Trevor Ó ( NS )
Connolly Catherine ( NS )
Connolly John ( FF )
Cubbard Mike ( NS )
Cuív Éamon Ó ( FF )
Davoron Nicola ( R )
Patrick Feeney( NS )
Grealish Noel ( NS )
Healy Eames Fidelma ( NS )
Hoade Mary ( FF )
Holohan Tommy ( NS )
Kyne Seán ( NS )
Naughton Hildegarde ( NS )
Nolan Derek ( NS )
O'Mahony John ( NS )
O'Neill Ruairí ( DDI )
Roddy Thomas ( NS )
Sheridan Séamus ( NS )
Tuathail Niall Ó ( NS )
B'iad Éamon Ó Cuív agus Seán Kyne ag iarraidh a suíochán féin a choimeád agus ar a sáile bhí Séamus Sheridan (Glasaigh), Niall Ó Tuathail (Soc Daon), Ruairí O'Neill (NS), Catherine Connolly (NS) agus Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF).

Bhí an chuid cainte faoi chúrsaí bhóithre agus pleanála a d'éirigh teasaí ar uairibh. Cúrsaí sláinte ag déanamh imní chomh maith. Bhí an-chaint faoin oideachas agus easpa tacaíochta do na scoileanna sna áiteanna "iargualta' mar Áran agus go raibh daoine tinn ag scríobh éilimh agus acainí chuid an Rialtas agus na teachtaí gan móra toradh. Agus ná bí ag caint faoi sheirbhís idirlín....

Ní raibh cumas sa Gaeilge ag Séamus Sheridan agus labhair sé beagnach ar fad i mBéarla ach a buíochas leis an gcathaoirleach, Gormfhlaith Ní Thuairisg (Adhmhaidin, RnaG) níor shleamhnaigh an cruinniú isteach sa Bhéarla cé gur cuireadh íontas orm gur labhair Niall Ó Tuathail, a bhfhuil togha na Gaeilge aige, cúpla uair i mBearla gan leithscéal a glachadh. Ba cosúil gur cheap sé go raibh pointe tabhachtach le déanamh aige a bhí chomh tabhachtach sin narbh fhéidir iad a rá ach i mBéarla.

Bhí cineál trua agam don gCadhanach a bhí ina aonar ag cosaint chuinne an Rialtais. Mar sin féin níor ligeadh an Rialtas roimhe gan cháin ón lucht fhéacana. I ndairíre bhí chuid den cáineadh ar ionadaí Fhianna Fáil teasaí go leor.

Níl fhios agam ar éirigh le h-éinne dul i bhfeidhm orm thár éinne eile cé go raibh dúthracht Catherine Connolly ag taitneamh go soiléir i measc na polataíochta go léir. Níl mé ag rá nach raibh dútharacht ag an hiomatheoirí eile ach gur mhothaigh an scríobhnóir seo é uaithí thár aon duine eile.

Ach ar ndóigh is cróga gach duine atá sásta a ainm nó a hainm a chuir ós comhair an "daoscair slua" i dtoghchán. Ar bhealach nach laoch iad ar fad atá sásta a chuid tuairimí agus a chuid smaointe a roinnt linn go poiblí. Cé chomh maith is atá an tuarastal a faigheann siad má éiríonn leo a bheith tofa, ní beag san.
Pic le Trevor Ó Clochartaigh den slua
#GaelVóta #GE16 

No comments:

Post a Comment