2.2.16

A Thiarna, is peacach mé. Tar le do thrócaire.


D'fhogair an Pápa Iubhaile Speisialta - Iubhaile na Trócaire - i mbliana agus chum sé paidir le rá i rith na mbliana. D'athnaigh go mbeadh sé beagáinín fadálach agus mar sin mhol sé ceannín beag a rá:

"A Thiarna, is peacach mé. Tar le do thrócaire." 

Nach deas é?

Seo an ceann oifigiúil - fuarthas ar shuíomh Easpag na hÉireann (Béarla - Bhi an paidir féin deacair é a aimsiu áfach!)

A Thiarna Íosa Críost,

Mhúin tú dúinn conas a bheith trócaireach ar nós Dia ar Neamh, agus go bhfeiceann an té a bhreathnaíonn orainne aghaidh Dé.
Nocht d’aghaidh dúinn, agus sábhálfar sinn. 
Bhreathnaigh tú go grámhar ar Zacháias agus ar Mhatha agus shaor tú ó bhraighdeanas na bpinginí iad; 
shaor tú Máire Mhaigdiléana ó bheith ag baint sásaimh as rudaí ábhartha amháin; 
chuir Peadar ag teilgean deor tar éis dó tusa a shéanadh, 
agus gheall tú áit sna Flaithis don ghadaí aithríoch. 
Éistfimis, amhail is dá mbeifeá ag labhairt linne, leis na focail a labhair tú leis an mbean Samárach: ‘Dá dtuigfeá tabhartas Dé!’

Is tusa aghaidh sofheicthe an Athar dofheicthe,
Dia a chuireann a chuid cumhachta in iúl thar aon rud eile, trína thrócaire agus trína mhaithiúnas a bhronnadh orainn:
Bíodh an Eaglais mar aghaidh sofheicthe Dé ar domhan, an Tiarna aiséirithe agus glóirithe. 
Theastaigh uaitse gur daoine laga amach is amach a bheadh i do chuid ministir, ionas go mbeadh comhbhá acu leis na daoine bochta a mhair in aineolas agus iad san earráid:
Deonaigh go bhfaighidh gach duine a dhéanann teagmháil leo tearmann, grá De agus maithiúnas Dé ina measc. 

Chuir do Spiorad anuas orainn agus déan muid a ungadh lena ghrásta, 
ionas gur bliain bheannaithe ón Tiarna a bheidh in Iubhaile na Trócaire, 
agus go mbeidh fuinneamh agus spreagadh nua san Eaglais, a chabhróidh léi an soiscéal a fhógairt do
na bochtáin, an tsaoirse a fhógairt do na braighdeanaigh agus don dream atá faoi chois, agus go mbeidh radharc ar fáil arís do dhaill.

Iarraimid é seo ort trí idirghuí Mhuire, Máthair na Trócaire, tusa a mhaireann agus a rialaíonn leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh trí shaol na saol.

Amen.

An paidir seo i Laidin agus i dteangacha eile ar shúiomh na Vatacáine!


 @pontifex @CatholicBishops

1 comment:

  1. GRMA as Gaeilge a chur ar an bpaidir agus ar an bpaidreog.


    Fearn

    ReplyDelete