21.12.15

Fear ionraic, cantalach, feargach, ildánach, lách, séimh!


Ní raibh ach súil aithne agam ar Noel Browne. Nuair a bhíos óg dúradh liom gur fear a throid in aghaidgh na heaglaise a bhí ann agus mar sin nár mhaith an fear é. Droch fhear fiú! Mar a chuireann Shakespeare i mbéal Chaesair b'fhear é le "..a lean and hungry look. He thinks too much. Such men are dangerous...."

Níos déanai agus mé beagáinín fásta(?) chuala mé faoin dian-obair a rinne sé sa troid i gcoinne na h-eitinne agus thuig mé níos fearr an polataíocht agus an chaimiléireacht agus an fuath a ruaigh amach as oifig é. Baicle eaglaisaigh, dochtúirí, politeoirí le leasa dílsithe an status quo a choimeád mar a bhí

Ach i rith na blianta sin ba dhuine a bhí curtha i "mála ceirteacha" na gluaiseachtaí immealacha soisialta polataíochta agam. Beagáinín níos fearr na na cummanaigh b'fhéidir!  Agus b'shin an íomhá a bhí agam air, má bhí aon smaoineamh agam air, go dtí na h-ochtóidí. Tá daoine eile in ndán scríobh faoi, ar a saol polataíochta, agus ansin nuar a shocraigh sé faoi dheireadh ar an gCloch Mór ar thaobh na fairrige i gConamara. Ar an dearcadh a bhí ar muintir na h-áite ar an bhfear ildánach seo. (féach ar James Dean na Cloiche Móire!).

Bhí na páistí againn ag fás aníos agus bhí sé de nós againn saoire samhradh a bheith againn i nGaeltacht Chonamara. Bhí teach ar chíos againn ar an gCaorán agus nuair a bhí an aimsir go maith caitheamar a lá ar fad ar an dtrá in aice le Reilig Mhuighrois ar an mBánrach. Is ansin a chonaiceamar an Noel Brown eile. Bhíodh sé ina shuí ar an bhféir is a droim go ball na sean-reilige ag léamh go ciúin. Ach an rud a thugamar faoi deara na an nós séimh uasal tuisceannach lena bhean Phyllis. Ní raibh rian den cantalachas nó crostachas úd ann.

Níor labhramar ríamh lena chéile seachas dea-focal beannachta éigin agus miongháire eadrainn faoi éacht éigin ag na bpáistí.

Is mar sin a smaoiním ar Noel Browne anois. Duine daonna a rinne iarracht ar son na bhoicht agus na heasláin.

Is maith an rud an comóradh ag an Reilig úd ina bhfuil sé féin agus Phyllis, a ghrá, curtha. Mar Íosa féin ní na huaisle, ná na polateoirí a chuir ansin é ach a cháirde agus iad siúd a bhí grá aige dóibh - muintir daonna na Cloiche Móire agus an ceantair máguaird agus a chomráidí a chreid fós. Thárla sé d'fhear eile fadó, d'fhear a rinne iarracht dea-scéala a bhreith leis chuig na dearóile, agus cóir leighis a chur ar chroíthe brúite!

Bíodh síochán agige in do rogha áit, máirceáilte go símplí, le Phyllis ar bhruach na fairrige.

No comments:

Post a Comment