28.12.15

Dreoilín bocht!


Tháinig cailín óg chuig an teach ar Lá 'leStiofáin i mbliana.  Bhí prócha ina lámh aici ina raibh dreoilín bocht.  Bhí sé ag guairdeall go bríomhar an t-am ar fad.

Troglodytes troglodytes
Is i bpriosúin a bhí sí. Bhí cineál brón orm gur gabhadh an créituírín beag seo. Go raibh gá é a iompair ar chuairt ó theach go teach.

Tuigim ar ndóigh gur sean-traidisiún atá ann, nós atá ann leis na cianta - tá cúntas cáiliúil ar bheith ag seilg dreoilín i leabhair Kickham - Knocknagow.

Tá súil agam gur ligeadh amach an dreoilín bocht seo nuair a bhí an cuairtaíocht thart. Go mbeadh saol fada aige.

1 comment:

  1. Ó, mo chreach!

    Nach ndearna tú tairiscint ar á fhuascailt, mar dreoilín ? Cá bhfuil an páiste nach bhfuil craosach? Milseáin, airgead, 7rl?

    Nó an ea nach dtugann tú isteach do sceimhlitheoirí? :-)

    Athbhliain fá sheán is fá mhaise agat, a Eoin.

    Fearn

    ReplyDelete