28.12.15

Scéal na blaoisce - léiriú ar mhór-imircí isteach go hÉirinn!

Seiceamhú déanta den chéad uair ag eolaithe ar Ghéanóim ó Dhaoine as Éirinn Ársa

Tá seiceamhú déanta den chéad uair ag foireann géineolaithe as Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus ag seandálaithe ó Ollscoil na Banríona Béal Feirste ar ghéanóim ó Éireannaigh ársa. Tugann an fhaisnéis ó na géanóim freagra ar cheisteanna ríthábhachtacha maidir le bunús mhuintir na hÉireann agus a gcultúr. 

Blaoisc Bhallynahatty
Fuarthas an bhlaoisc (cloigeann) seo i dochaltán in aice le Béal Feiriste sa bhliain 1855. Bhí sí faoin gcré le 5000 bliain agus anois tá sí in Olscoil na Ríona ann. (Daniel Bradley, Trinity College Dublin).
Athdhéanamha ar an mblaoisc le hÉlizabeth Black. Tá fhios óna cuid géinte go raibh gruaig dubh uirthi agus súile donn aicí. (Pic: Barrie Hartwell)
Rinne an fhoireann seiceamhú ar ghéanóm ó bhean ón ré luathfheirmeoireachta a chónaigh gar do Bhéal Feirste thart ar 5,200 bliain ó shin agus ar ghéanóim ó thriúr fear a mhair i ré níos déanaí, thart ar 4,000 bliain ó shin sa Chré-umhaois, tráth a raibh miotalóireacht ar bun. Déanfar torthaí an staidéir a fhoilsiú inniu san irisleabhar idirnáisiúnta Proceedings of the National Academy of Sciences, USA (Béarla)

Tá géinitic mhuintir na hÉireann fíor-spéisiúil.  Tá ceangal ag géinitic mhuintir na hÉireann le go leor grádán géiniteach san Eoraip agus inti tá an líon is airde ar domhan de na hathraithigh is cúis le hacmhainn lachtóis, an crómasóm den chineál Y ón Eoraip thiar chomh maith le roinnt galar géiniteach tábhachtach lena n-áirítear haemacrómatóis, a bhaineann leis an iomarca iarainn a bheith coinnithe sa chorp. 

Níl a fhios, áfach, cén bunús atá leis an oidhreacht seo.  An t-aon bhealach le heolas a chur ar ár stair ghéiniteach ná géanóim ó dhaoine ársa a sheicheamhú agus dul ar thuras ama géiniteach, más maith leat.

Is ábhar díospóireachta í an imirce i gcúrsaí seandálaíochta le fada an lá.   Níltear ar aon intinn an nósanna nua a glacadh go háitiúil nó an tionchar ó mhór-imircí isteach ba chúis leis na mór-athruithe in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór inar imíodh ó bhealach saoil a mbítí ag fiach agus ag cnuasach go dtí slí mhaireachtála bunaithe ar thalmhaíocht agus níos déanaí an t-athrú ó úsáid cloiche go húsáid miotail.  

Léiríonn na géanóim ó na hÉireannaigh ársa seo gur tharla imirce ollmhór isteach sa tír. Is as an Meánoirthear, san áit ar thosaigh talmhaíocht, a tháinig formhór shinsear an luathfheirmeora. Tá na géanóim ón gCré-umhaois éagsúil arís. Is ó Steip na Mara Duibhe thart ar aon trian do shinsear na bhfear. 

Dúirt Dan Bradley, Ollamh le Géinitic Daonra i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, a bhí i gceannas ar an staidéar, gur tháinig athrú mór ar ghéanóim san Eoraip sa Chré-umhaois mar thoradh ar imirce ó cheantar ó thuaidh den Mhuir Dhubh chun na hEorpa agus go raibh a shliocht fiú ar an oileán is faide siar san Eoraip. Dúirt sé freisin go mb’fhéidir gur tharla athruithe gaolmhara eile dá bharr agus go mb'fhéidir gur ar theanga a tháinig isteach atá na teangacha Ceilteacha bunaithe. 

Dúirt an Dr Eileen Murphy, Léachtóir Sinsearach le Seandálaíocht Chnámh in Ollscoil na Banríona Béal Feirste, go léiríonn an tionscadal seo an tábhacht atá le hanailís ar DNA ársa chun freagraí a thabhairt ar na ceisteanna ar ábhar spéise iad don lucht acadúil le fada, maidir le bunús na nÉireannach.

Gruaig dhubh a bhí ar an luathfheirmeoir agus bhí súile donna inti agus bhí sí níos cosúla le daoine ó dheisceart na hEorpa ach ba é a bhí sna hathraithigh ghéiniteacha sa triúr fear ón gCré-umhaois as Reachlainn ná crómasóm den chineál Y, an ceann is coitianta in Éireannaigh, ailléilí súl gorm agus an t-athraitheach is tábhachtaí maidir leis an ngalar géiniteach  haemacrómatóis. 

Tá an sóchán C282Y sin chomh coitianta i ndaoine de bhunadh na hÉireann gur 'an galar Ceilteach' a thugtar air uaireanta. Seo é an chéad uair ar sainaithníodh athraitheach tábhachtach galair sa réamhstair.


Dúirt Lara Cassidy, Taighdeoir PhD sa Ghéinitic i gColáiste na Tríonóide gur cosúla géanóim mhuintir na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige an lae inniu le géanóim na bhfear ón gCré-umhaois rud a thugann le tuiscint gur thart ar 4,000 bliain ó shin a tháinig tréithe lárnacha an ghéanóim Cheiltigh oileánda chun cinn.

Dreoilín bocht!


Tháinig cailín óg chuig an teach ar Lá 'leStiofáin i mbliana.  Bhí prócha ina lámh aici ina raibh dreoilín bocht.  Bhí sé ag guairdeall go bríomhar an t-am ar fad.

Troglodytes troglodytes
Is i bpriosúin a bhí sí. Bhí cineál brón orm gur gabhadh an créituírín beag seo. Go raibh gá é a iompair ar chuairt ó theach go teach.

Tuigim ar ndóigh gur sean-traidisiún atá ann, nós atá ann leis na cianta - tá cúntas cáiliúil ar bheith ag seilg dreoilín i leabhair Kickham - Knocknagow.

Tá súil agam gur ligeadh amach an dreoilín bocht seo nuair a bhí an cuairtaíocht thart. Go mbeadh saol fada aige.

21.12.15

Fear ionraic, cantalach, feargach, ildánach, lách, séimh!


Ní raibh ach súil aithne agam ar Noel Browne. Nuair a bhíos óg dúradh liom gur fear a throid in aghaidgh na heaglaise a bhí ann agus mar sin nár mhaith an fear é. Droch fhear fiú! Mar a chuireann Shakespeare i mbéal Chaesair b'fhear é le "..a lean and hungry look. He thinks too much. Such men are dangerous...."

Níos déanai agus mé beagáinín fásta(?) chuala mé faoin dian-obair a rinne sé sa troid i gcoinne na h-eitinne agus thuig mé níos fearr an polataíocht agus an chaimiléireacht agus an fuath a ruaigh amach as oifig é. Baicle eaglaisaigh, dochtúirí, politeoirí le leasa dílsithe an status quo a choimeád mar a bhí

Ach i rith na blianta sin ba dhuine a bhí curtha i "mála ceirteacha" na gluaiseachtaí immealacha soisialta polataíochta agam. Beagáinín níos fearr na na cummanaigh b'fhéidir!  Agus b'shin an íomhá a bhí agam air, má bhí aon smaoineamh agam air, go dtí na h-ochtóidí. Tá daoine eile in ndán scríobh faoi, ar a saol polataíochta, agus ansin nuar a shocraigh sé faoi dheireadh ar an gCloch Mór ar thaobh na fairrige i gConamara. Ar an dearcadh a bhí ar muintir na h-áite ar an bhfear ildánach seo. (féach ar James Dean na Cloiche Móire!).

Bhí na páistí againn ag fás aníos agus bhí sé de nós againn saoire samhradh a bheith againn i nGaeltacht Chonamara. Bhí teach ar chíos againn ar an gCaorán agus nuair a bhí an aimsir go maith caitheamar a lá ar fad ar an dtrá in aice le Reilig Mhuighrois ar an mBánrach. Is ansin a chonaiceamar an Noel Brown eile. Bhíodh sé ina shuí ar an bhféir is a droim go ball na sean-reilige ag léamh go ciúin. Ach an rud a thugamar faoi deara na an nós séimh uasal tuisceannach lena bhean Phyllis. Ní raibh rian den cantalachas nó crostachas úd ann.

Níor labhramar ríamh lena chéile seachas dea-focal beannachta éigin agus miongháire eadrainn faoi éacht éigin ag na bpáistí.

Is mar sin a smaoiním ar Noel Browne anois. Duine daonna a rinne iarracht ar son na bhoicht agus na heasláin.

Is maith an rud an comóradh ag an Reilig úd ina bhfuil sé féin agus Phyllis, a ghrá, curtha. Mar Íosa féin ní na huaisle, ná na polateoirí a chuir ansin é ach a cháirde agus iad siúd a bhí grá aige dóibh - muintir daonna na Cloiche Móire agus an ceantair máguaird agus a chomráidí a chreid fós. Thárla sé d'fhear eile fadó, d'fhear a rinne iarracht dea-scéala a bhreith leis chuig na dearóile, agus cóir leighis a chur ar chroíthe brúite!

Bíodh síochán agige in do rogha áit, máirceáilte go símplí, le Phyllis ar bhruach na fairrige.

8.12.15

Lasc ar na soilse!

Tárlaíonn sé gach bliain! Na *&@£# soilse!

Is san ailéar atá siad ó mí eanáir seo caite agus tá an áit sin an-fhuair agus dá bharr san tagann comhdhlúthú ortha chomh luath is a tógtar anuas. Mar sin ní ceart iad a thriál go dtí go mbeidh siad taghta go teocht an tseomra - cosúil le fíon dearg maith! Ach ar ndóig idir an dá linn is manglam téada agus bolgáin iad agsu ní mór iad a dhíriú amach.

Nuair a bhíomar níos óige bhí fhis ag cuile duine sa taighlach gan dul in aice le Daid an fhaid is a bhí sé ag obair ar seo!

I mbliana bhí an obair déanta istigh de leath uair a chloigh agus míorúilt na míorúilte bhíodar go léir ag obair agus ní raibh gá ag Daid gan ach cupla focail dána bog a rá!

Ta siad lasta anois, Tá an crann gléasta agus neart spás le San Níoclás a chuid fheiríní a fhágáil faoi.

Anois an mainséar a thógáil d'Iosagán.