21.11.15

Tá sé tagtha!


Tá sé de nós agam tiomáint chuig Tí Dick gach maidin Sathairn thár timpeall a h-ocht leis an nuachtán a fháil. Bíonn an-chuid le léamh ar an bpáipéar ar an Sathairn idir altanna agus iris breise. Is maith linn iad a leamh go mall agus an bricfeasta á ithe againn go mall.

Léim mé isteach sa charr mar is gnáth agus chuir mé an inneal ar siúl agus ansin thug mé faoi deara go raibh gaothscáth clúdaithe le ceo agus nuair a dúsaigh mé na cuimilteoirí gaothscátha níor éirigh leo feabhas a chuir ar chúrsaí. Bhí sé reoite - oighear a bhí ann agus bhí orm é a scríobadh don gcéad uair ó thosaigh an geimhridh i mbliana.

Sea tá sé tagtha!

N'fheadair cén saghas geimhridh a bheidh againn? Fuar nó measartha!

Brr!

9.11.15

Réalta na Mara as Máigh Cuileann ag dul soir go Sofia!

Amhrán na hÉireann roghnaithe do Chomórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse ar TG4.

Thug cailín óg as Maigh Cuilinn i gConamar, an chraobh náisiúnta léi aréir. Seasfaidh sí an fód don tír seo nuair a ghlacfaimid páirt, den chéad uair riamh, sa gComórtas Amhránaíochta Sóisearach Eorafíse (Béarla) i Sofia na Bulgáire faoi cheann coicíse.

Aimee Banks (Pic TG4)
Is í Aimee Banks, 13 bliain, an t-amhránaí a roghnaigh na moltóirí aitheanta, Niamh Kavanagh, Brian Kennedy agus Stiofán Ó Fearaíl ag deireadh sraithe teilifíse inar ghlac 32 amhránaí páirt sa gcraobh náisiúnta. Réalta na Mara is teideal don amhrán buacach a chum Aimee i bpáirt le Niall Mooney, Jonas Gladnikoff agus Brendan McCarthy.

Bhí iomaitheoirí ann as gach ceard den oileán agus amhráin nua-chumtha Gaeilge acu, féachaint leis an gcraobh Éireannach a bhuachan ar dtús agus ansin dul chuig na babhtaí ceannais Eorpacha.

Leath-chúpla í Aimee, dalta sa dara bliain i gColáiste na Coiribe, Gaillimh. Is amhránaí cáiliúil í cheana féin agus gan í ach ag tús a ré.

Aimee Banks (Pic: America Protégé)
Bhuaigh sí an duais ab airde ón gcomórtas American Protégé le gairid agus beidh sí ar an ardán i Halla Carnegie i Nua Eabhrac, ceann de mhór ionaid ceoil an domhain, faoi cheann míosa, 19 Nollaig. Thug sí ocht gcraobh clasaiceach léi ón bhFeis Ceoil 2015, príomh-chomórtas ceoil clasaiceach na tíre agus tá duaiseanna, Amhránaí is Fearr agus sparánacht buaite aici freisin ó Fheis Cheoil Lártíre 2015.

Tá dlúthdhiosca eisithe aici, My Classical Spirit agus is d’Oispís Laura Lynn a thiomnaigh sí uaidh. Anois agus Craobh na hÉireann sa Junior Eurovision buaite aice, an chéad duine riamh a rinne an éacht seo, tá tuilleadh taistil roimpi mar go mbeadh sí ag glacadh páirt sa gCraobh Eorpach a bheidh ar bun san Armeec Arena i Sofia na Bulgáire agus a bheo-chraolfar ar TG4 ar an Satharn 21 Samhain ag 6.30pm. Tá an Chraobh seo ar bun le trí bliana déag agus glacfaidh 17 páirt i gcomórtas na bliana seo.