26.9.15

"Boladh na gcaorach..."


Deireann muid paidir speisialta i rith gach Aifrinn don bPápa agus don Easpag, agus deirtear a n-ainmneacha ós ard ag an sagart.

Uaireanta smaoiním ar cé h-é an duine seo an tEaspag. Téann an chuid fós ag Aifreann sa tír seo cé nach mbíonn na h-eaglaisí chomh lán don Aifreann Domhnaigh agus a bhíodh. Ach uiareanta chuirim ceist orm fhéin, "Cá bhfuil an Easpag?" 

Sea! Tá an sagart mar fear ionad do easpag sa paróiste ach, taobh amuigh de shearmanais sacraiminte Cóineartaithe, nuair a théann duine "faoi lámh easpaig," is beag seans atá ag an gnáth duine buaileadh leis an easpag.

Deireann Caiticiosma na hEaglaise Caitlici. Alt 893 (agus molaim d'éinne an caiticiosma a léamh le teagasc ceart na hEaglaise a thuiscint) faoin Easpag: "Naomhaíonn siad í (an Eaglais) lena n-eiseamláir, 'ní ag tiarnú ortha siúd atá faoin bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad' (1 Pead. 5,3). Is amhlaidh sin "a thagann siad, mar aon leis an tréad a thaobhaíodh leo chuig an bheatha shíoraí'(LG 26)" (Alt 893).

Ach sibhse a théann go rialta chuig Aifreann an Domhnaigh, caitheann a bfhaca sibh bhur n-easpag áitiúil. Nach bhfeacann muid an Pápa níos minicí ná ár n-easpag féin? Cinnte feictear easpaig áirithe ar teilifís ag caint faoi rudaí úafásacha de gnáth nó rudaí conspóideacha ach conas a "naomhaíonn" siad an tréad. Bhfuil rud ar bith níos éifeachtaí ná buaileadh le duine, duine a fheiscint nó bheith ag éisteacht leis? An leor an corr litir thréadach?
Easpag sa bhus

Bhí rud éigin spéisiúl á rá ag an bPápa faoi ról an té atá ornaithe san Eaglais dhá bhliain ó shin. "Is é seo atá á iarraidh oraibh," a dúirt sé. "Bheith mar aoirí le boladh na gcaorach."  Is ceannairí agus treorachaí agus múinteoirí iad cinnte, ach an aoirí iad dairíre muna mbíonn aithne acu ar a dtréadsa ortha agus aithne orthasan ag a dtréad? Nach ceart go mbeadh siad ag seasamh in aice linn agus muid ag fulaingt, á leathnú trócaire dúinn, ag tacú linn agus ár spreagadh?

Cinnte tá Easpaig mar sin ann, le "boladh na gcaorach," ach nach fíor é freisin gur cineál SB, stiúrthóir bainistíochta ar eagraíocht cuid eile acu? "An bainisteoir é...nach bhfuil ag chur a craiceann féin agus a chroí féin ar an líne...duine brónach, crosta... in ionad iad a bheith mar aoirí ag maireachtáil le "boladh na gcaorach", aoirí i measc na n-ealta, iascairí na bhfear,"  a dúirt Prionnsias.  (Maith dhom an aistriúchán garbh seo tá aistriú go Béarla dá chaint go léir ar fáil ar shuíomh na Vatacáine.)

Ar thug d'easpag cuairt ar do pharóiste, ar bhuail sé le na caoraigh?

1 comment:

  1. "Ar thug d'easpag cuairt ar do phharóiste, ar bhuail sé le na caoraigh? "

    Ní fios dom gur thug. Tá sé ina easpag le cúig bhliana, agus bhí sé mar shagart paróiste sa pharóiste teorainneach linn roimhe seo. Chonaic mé ann é cúpla uair ó shoin. Fear den phobail é, áfach, cé go gcaitheann sé libhré iomlán an easpaig i gceann searmanais dó.

    Ach déarfainn go bhfuil a mhórsháith oibre air le ganntanas sagart agus riaradh a fhairche go saolta is go spioradálta.

    Fearn

    ReplyDelete