14.8.15

Cá bhfuaireadar m'ainm go mícheart?

Tár éis dom an píosa, "Sonraí á chosaint!" a scríobh anseo le déanaí chuireas litir chuig an GeoDirectory (gur leis AnPost iad.) Is mar seo a scríobh mé:

    "Fuair mé fógra sa teach seo le déanaí ó Eircode agus bhí m’ainm agus seoladh mícheart ann. Dúradh liom gur sibhse faoi deara é sin. Bheinn buíoch díot ach iad a athrú láithreach go dtí an leagan ceart.... 
    "...Bheinn buíoch díot leis gan m’ainm agus seoladh a roinnt arís le h-éinne gan cead agamsa i scribhinn."

Inniú a fuar me freagra uatha:


Scríobh mé anois cuchu ag moladh go ndéarfadh siad é sin don Coimisinéir Chosanta Sonraí.

Anois tá litir curtha ar aghaidh chuig Eircode agam!

• Féach leis ar Cód ar strae!


3 comments:

  1. Maidir cinéal!? Stailceann Praistriúchán Google athuair....

    ReplyDelete
    Replies
    1. Is dócha! B'shin an fáth go ndearna mé jpeg de, seachas gearr is greamú. Seans gur cuireadh isteach ar Google é agus ansin cuireadh snas air?

      Delete
  2. Maidir cinéal!? Sea, bhí orm mo mhachnamh a dhéanamh ar sin. Ach i dtaca le holc, tá corp na litreach glan ó thaobh na Gaeilge de, cé gur meamraiméis líofa gan tathag é.

    Treise leat as ucht do scirmisí leis an mhaorlathas béarla.
    Ní binn béal ina thost.

    Maidir cinéal( :-) )

    Fearn

    ReplyDelete