8.7.15

Peil na mBan go 2018.

Ag labhairt dó i bPáirc an Chrócaigh ag Seoladh Chraobh TG4 2015 i bPeil na mBan, d’fhógair Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil síneadh trí bliana aontaithe don chonradh urraíochta agus cearta craolta idir TG4 agus Cumann Peil Gael na mBan. Mairfidh an comhaontú nua go deireadh an tséasúir 2018. Le linn na tréimhse sin, beochraolfaidh TG4 suas le 60 cluiche Craoibhe gach Samhraidh, sa mbreis ar roinnt cluichí i gcomórtais eile de chuid an Chumainn.

Tosóidh clúdach teilifíse na Craoibhe 2015 ar an Satharn 25 Iúil. 17 cluiche craoibhe ar fad a bheochraolfar le linn an tséasúir sna grádanna Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear. Is iad Cluichí Ceannais na hÉireann 2015 i bPáirc an Chrócaigh, 27 Meán Fómhair, buaic na craoibhe agus beidh an t-iomlán á bheochraoladh, mar is gnách, go heisiach ar TG4 agus ar fud an domhain ar an Seinnteoir.

Thréaslaigh Marie Hickey, Uachtarán, Cumann Peil Gael na mBan na forbairtí seo leis an Uasal Ó Gallchóir agus mhol an síneadh ama leis an gconradh. “Tá TG4 luaite le Peil na mBan in intinn an phobail le fada an lá anois,” a dúirt sí agus thug sí moladh ar leith don chlúdach domhanda a sholáthraíonn TG4 ar an gCraobh ar an Seinnteoir.

Thagair an tUachtarán freisin don fhloscadh a bhaineann le tús an tséasúir craoibhe. “Is ag an tráth seo bliana a ghéaraíonn an tsuim againn ar fad,” a dúirt sí, “idir imreoirí, lucht bainistíochta, oifigigh agus lucht leanta. Táthar ag ullmhú don Chraobh ón Nollaig agus seo anois muid ag a tús. Cá bhfios cad a tharlóidh? Go n-éirí go geal linn ar fad.”

No comments:

Post a Comment