30.7.15

Sonraí á chosaint!

Scríobh mé píosa faoin gCod Phoist nua seo EirCode le déanaí - Cód ar strae!  Agus cinnte is ar strae atá siad. I measc na scéalta a chuala mé le déanaí ná bean as Cladhnach (in aice le Casla) a cuireadh isteach ag an Sruthán (An Ceathrú Rua) í. Bíodh sin mar atá tá rud éigin eile a chuir mé buair éigin orm.

Dúradh sna scéalta faoin gcód seo go bhfuil siad chun liostaí de na seoltaí seo a dhíol amach anseo. Ós rud é go bhfuil ainmneacha luaite, agus go minic ainmneacha agus slointí mícheart, níor theastaigh uaimse go mbeadh mó sheoladh a dtabhairt amach, ar ais nó ar éigean, don té a bheadh sásta íoch as. Mar sin scríobh me chuig An Comisinéir Cosanta Sonraí ag miniú an faitíos atá orm.

Scríobh an Coimisinéir seo ina tuairisc anuireadh go raibh imní air faoin gcód nua: Dúirt sé: “Faoin gcóras nua, is í Éire a bheidh ar an gcéad tír ar domhan ina mbeidh bunachar sonraí poiblí d'aitheantóirí do gach maoin a chabhróidh le saoránaigh, comhlachtaí poiblí agus le gnólachtaí chun gach teaghlach aonair sa Stát a aimsiú. ” (Féach An postchód leis an dlí a bhriseadh? 12 Bealtaine 2014)

Seo cóip den chomhreagras:

Litir 22 Iúl 2015

A chara,
Fuair mé an teachtaireacht ag fógairt an uimhir chóid nua ar an teach s’againne le déanaí.
Taobh amuigh den fhiric go bhfuil mo ainm litrithe go mí cheart tá mé beagáinín imníoch go bhfuil m’ainm bainte leis an seoladh. Deirtear go mbeaidh Eircód ag díol na seoltaí seo agus níor mhaith liom mo sheoladh a bheith á dhíol ag éinne le m’ainm & seoladh nó fiú gan iad.
Bheinn buíoch do chuid tuairimí a fháil ar seo.
Mise le meas ort,
Eoin Ó Riain (agus ní Owen Ó’Riain!)

Fuair mé freagra béasach ar chasadh an phoist (más féidir sin a tharla ar líne!). D'fhéadfadh an chuid eagraíochtaí stáit - Uisce Éireann ina measc - ceacht a fhoghlaim uatha!

Admháil: 22 Iúl 2015

Admhaím go bhfuarthas do rphost chuig an Coimisinéir Cosanta Sonraí.
Má bhaineann do rphost le ceist (ar leith ó ghearán foirmiúil faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí), ba cheart fhios a bheith agat gurb í ár n-aidhm, i gcomhréir lenár gCairt um Sheirbhís do Chustaiméirí, freagra a thabhairt duit laistigh de 15 lá oibre agus de ghnáth i bhfad roimhe sin.
Agus é seo á dhéanamh againn, rachaimid i dteagmháil go soiléir leat, ag tabhairt freagra iomlán ar do cheist.
Mura bhfuilimid in ann freagra a thabhairt laistigh den tréimhse sin, cuirfimid tú ar an eolas faoina stádas.

Le meas

An Comisinéir Cosanta Sonraí

Inné a fuair mé é seo uatha.

Freagra: 30 Iúl 2015

A dhuine uasail,
Maidir le do ceist, bhí oifig an Choimisinéir Cosanta Sonraí i dteagmháil le Eircode, agus de réir mar a thuigimid é, scriosadh eolas faoi na h-ainmneacha ón bunachar sonraí. 
Mar is Geodirectory an bunús an eolas faoi do sheoladh atá faoi choinneáil ag Eircode, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Geodirectory.ie (Béarla) chun an sonraí atá faoi choinneáil ar an bhunachar sonraí a cheartú. 
Beidh ort aon iarratas a cur isteach chun an eolas a cheartú nó, más iomchuí, a scriosadh; a dheanamh faoi alt 6 ó an tAcht Um Chosaint Sonraí, 1988/2003. 
Mise le meas,

Mar sin tá mé chun scríobh chuig GeoDirectory anois ag rá leo litriú ar m'ainm & sloinne a cheartu. Agus tá mé chun a rá leo gan mo sheoladh nó m'ainm a dhíol nó a roinnt le éinne,  cuma cá bhfuair siad iad, le dream ar bith gan cead scríofa a fháil uaimse.


25.7.15

Béasa an bhroic bheith ag tocailt faoi....

Téim chuig Tí Dic gach Sathairn leis an Nuachtáin a bhailiú le léamh go mall agus mé ag ithe bricfeasta go mall gan deifir.

Agus mé ag tiomáint soir chuig an siopa ar maidin thug mé faoi deara go raibh ainmhí éigin, cat b'fhéidir, marbh ar an mbóthar romham.  Ar mo bhealach anoir abhaile chonaic mé gur broc a bhí ann. Tháinig focail ó dhán éigin a bhí againn ar scoil fadó fadó chugam!

"Béasa an bhroic bheith a tocailt faoi.." na focail ach theip orm cuimniú ar an gcuid eile den dán. Nuair a thainig mé thár n-ais rinne mé na focail a googláil agus bhí an dán ann ceart go leor.

Agus mé á léamh tháinig cuid de na smaointe aisteacha a bhí agam agus mé á fhoghlaim na bliainta fada ó shin. Mar a cheap mé mar shampla go raibh sé aistead dhá "ar" a bheith le chéile in abairt mar , "Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár!" Agus ar ndóigh "Aoir is sea an dán seo!" a dúradh linn.

"Toigh Corr a'Chait" an dán agus Séamas Dall Mac Chuarta (1647-1733), file iomráiteach Oirialla a scríobh é faoi muintir an bhaile sin in aice le hÓ Méith ar bhruach Loch Charlainne. Seo na focail mar atá siad ar shuíomh Clann Tuirc:

Uaigneach sin, toigh Chorr an Chait,
Is uaigneach a bhfir is a mná,
Is dá bhfaighdís ór is fíon
Cha dtig aon díobh i gceann cháich.

I gceann cháich cha dtig siad
Ar ar cruthaíodh thiar is thoir,
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár:
Ionann sin is béasa an bhroic.

Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi
I ndorchadas oíche is lae:
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár
I gceann cháich cha dtig sé.

Ní hionúin leis an ríbhroc aoibhneas, aiteas ná spórt:
Ní hionúin leofa saoi, draoi ná cumadóir ceoil;
Ní hionúin leofa Séamas caoch ná cuidiú Néill óig,
Is fanadh gach aon mar a mbíd, ag tochailt an phóir.

Nach aisteach na rudaí a spreagann cuimhne daoine!

13.7.15

Cód ar strae!

Chláraigh mé le dream fadó ionas go mbeadh ar daoine atá ag lorg mo theach-sa más ag úsáid satnav atá siad. Tá an córas thar a bheith éifeachtach agus oibríonn se go maith. Ní chosnaigh sé pingin rua orm.

Anois tá an Rialtas tár éis €27milliúin a caitheamh ar cód nach oibríonn ar satnav ar bith agus sheoladar é ar maidin. "Eircode" an t-ainm atá baistithe acu air. "Cuirfidh Eircode, an córas postchóid nua d’Éirinn, ar a gcumas do dhaoine agus do ghnólachtaí teacht ar gach seoladh in Éirinn, rud a dhéanfaidh an saol níos seolta réidh duit."  Nach ait an mac an saol? Deireann siad go ndéanann an rud céanna atá á dhéanamh ag LOC8 dom-sa le bliainta.

Ar ndóigh níor tugadh cead do LOC8 tairiscint a chur isteach toisc na coinníollacha a leagadh síos ag an Rialtas. Dúradh níos deanaí ag an Eoraip go raibh an proiséas tairiscintí a úsáideadh, lochtach.

Rinne mé mé fhéin a aimsiú ar an gcórás nua.

Is ceantair Gaeltachta é seo agus tá sé litrithe i gceart ar an suíomh.

Tá naoi dtithe thár timpeall ar mo theach-sa agus uimhreacha thar a bheith difriúil ag gach ceannn acu. Tá an céad trí litreacha "H91" ag gach ceann acu ach leis na ceithre tacar de dhigití ag an deireadh níl aon leanúnachas ionta.   A... atá agamsa ach tá E... ag tús trí sheoladh, P... ag dhá cheann agus ceann amháin an cód le T..., P..., V... D... agus N... . Tá H91 don gceantair ach níor éirigh liom a fháil amach cé chomh mór is atá an cheantair mar níl cead ag éinne níos mó ná 15 déag a chuardach ag aon am amháin! Tá H91 ag Baile na hAbhann agus an Tulaigh (Níos mó ná míle uainn) leis mar sin is beag cabhair atá ann d'éinne atá ag lorg mó theachsa thár an gcóras ainmneacha atá ann anois.

I ndairíre tá sé níos fearr ag éinne tiomáint chuig an baile s'againne leis an gnáth seoladh agus mapa ach ní fhéadfadh éinne dul ann gan ríomhaire de short éigin a bheith aige más ag brath ar an cód nua seo atáid.

Rud eile a thugas faoi deara ná go raibh dhá leagan d'ainm na h–áite ann. An ceann ceart agus ansin ceann i leagan trualaithe Béarla. Go bhfios dom ní cheart ach ach an ainm ceart Gaeilge a thabhairt ar logainmneacha sna ceantreacha Ghaeltachta.  Tuigtear dom go bhfuil míchruinneas ó thaobh ainmneacha Ghaeilge trí síos agus nach bhfuil siad sásta na botúin a cheartú. Ní oibríonn sé le Port Lairge (féach thuas!) mar shampla agus tá Leitir Mór aistrithe 14 km ó thuaidh acu!
Leitir Móir na Coille chois fharraige!!!





10.7.15

Ní raibh aon cheart le fáil!

Is cosúil nach bhfuil ticéad ar bith fágtha don dráma MAUM atá ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe​ i rith na seachtaine seo chugainn. Seo scéal truamhéalach éagóir dlithúil ar Maolra Seoighe a crochadh i 1882 don dúnmharú uafásach Mhám Trasna níos tuisce sa bhliain céanna.
Pic ón Dráma ag Seán Ó Mainnín
D'eagraigh an Coimisinéir Teanga ag an am, Seán Ó Cuirreáin, comóradh ar an gcás sa bhliain 2012 ag Ard Eaglais na Gaillimhe atá tógtha ar shuíomh an phríosúin. Leag Uachtarán na hÉireann bláthfhleasc ar an bplaic comórtha atá sa charr chlós ag an áit.

Is cinnte nach raibh páirt ar bith ag Maolra Seoighe san dúnmharú uafásach ach ní fhuair sé éisteacht ag an gcúirt mar ní raibh siad i ndán a chás a thuiscint gan teanga na daoine a bheith ag na huadaráis.

Scríobh James Joyce faoin gcás agus é ar deoraíocht i dTrieste:

'Ask him if he was in that neighbourhood at that hour.

The old man again began to talk, to protest, to shout, almost beside himself with the anguish of being unable to understand or to make himself understood, weeping in anger and terror. And the interpreter, again, dryly:

'He says no, "your worship".

Agus é ag eagrú na h-ocáide comórtha tháinig Seán Ó Cuireáin ar pictiúirí de na priosúnaigh, Maolra Seoighe ina measc. Insíodh ar conas ar aimsíodh na pictiúirí san píosa "Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna!" againn (Ean 2013)

8.7.15

Peil na mBan go 2018.

Ag labhairt dó i bPáirc an Chrócaigh ag Seoladh Chraobh TG4 2015 i bPeil na mBan, d’fhógair Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil síneadh trí bliana aontaithe don chonradh urraíochta agus cearta craolta idir TG4 agus Cumann Peil Gael na mBan. Mairfidh an comhaontú nua go deireadh an tséasúir 2018. Le linn na tréimhse sin, beochraolfaidh TG4 suas le 60 cluiche Craoibhe gach Samhraidh, sa mbreis ar roinnt cluichí i gcomórtais eile de chuid an Chumainn.

Tosóidh clúdach teilifíse na Craoibhe 2015 ar an Satharn 25 Iúil. 17 cluiche craoibhe ar fad a bheochraolfar le linn an tséasúir sna grádanna Sóisear, Idirmheánach agus Sinsear. Is iad Cluichí Ceannais na hÉireann 2015 i bPáirc an Chrócaigh, 27 Meán Fómhair, buaic na craoibhe agus beidh an t-iomlán á bheochraoladh, mar is gnách, go heisiach ar TG4 agus ar fud an domhain ar an Seinnteoir.

Thréaslaigh Marie Hickey, Uachtarán, Cumann Peil Gael na mBan na forbairtí seo leis an Uasal Ó Gallchóir agus mhol an síneadh ama leis an gconradh. “Tá TG4 luaite le Peil na mBan in intinn an phobail le fada an lá anois,” a dúirt sí agus thug sí moladh ar leith don chlúdach domhanda a sholáthraíonn TG4 ar an gCraobh ar an Seinnteoir.

Thagair an tUachtarán freisin don fhloscadh a bhaineann le tús an tséasúir craoibhe. “Is ag an tráth seo bliana a ghéaraíonn an tsuim againn ar fad,” a dúirt sí, “idir imreoirí, lucht bainistíochta, oifigigh agus lucht leanta. Táthar ag ullmhú don Chraobh ón Nollaig agus seo anois muid ag a tús. Cá bhfios cad a tharlóidh? Go n-éirí go geal linn ar fad.”

5.7.15

D'éirigh leo!

Slua mhaoiniú – cic sa tóin do chultúr na ndeontaisí
Le beagnach mí anuas tá pictiúir agus nasc chuig tógra Seo Linn sa chólún ar chlé againn. Bhí siad ag iarraidh €50,000 a fháil len a gcuid ceol agus beochta a leathnú amach. Ni raibh ach 30 lá acu leis an t-airgead a bhailiú agus uaireanta bhí sé mall go leo ar teacht isteach ach diaidh ar ndiaidh, lá in ndiaidh lae,  tháinig fás ar an méid a bhí geallta. Ar deireadh ar an 30 lá (B'shin Sathairn 4 IuL 2015) bhí 350 sásta €51,475 a chuir isteach sa bhosca. Agus tá an pictiúir athraithe dá bharr!

Is beagnach mí ó shin d'fhoilsíodar a scéim len a ngrúpa cheoil Seo Linn a thógaint isteach sa saol mór proifisiúnta. "Tá bhur gcabhair ag teastáil go mór uainn an mhí seo! Beagnach dhá bhliain i ndiaidh do Avicii vs Lurgan, agus na mílte uaireanta a chloig curtha isteach, tá an deis againn anois Seo Linn a thógáil don chéad chéim eile agus an Ghaeilge a chur ar fáil do chuile dhuine go lán aimsirthea i mbealach spraíul agus taitneamhach trí mheán an cheoil!!" 

Thug siad a dúshlán dúinn go gcabhródh muid leo go praiticiúil! "SEO Í ÁR nDEIS!
LIKEÁILIGÍ, ROINNIGÍ, SCAIPIGÍ agus TACAGAÍ linn lenár gcúis anseo ar Kickstarter!"

Agus d'éirigh leo.

Is dócha an rud is íontaí faoi seo ná an rud a dúirt blag Conchubhair Uí Liatháin faoi: "An rud atá spreagúil faoi mar smaoineamh ná go dtugann sé cúl don ghnath chosán atá gearrtha ag eagrais Ghaeilge suas fánaí géara sléibhte an mhaorláithis agus sinn ag lorg maoinithe chun tabhairt faoi thograí.  An toradh a bhionn ar sin, má bhionn an t-adh leat, go bhfaigheann tú do mhaoiniú ach go mbionn sé chomh ceangailte le coinníollacha nach mbainfear an tairbhe céanna as.  Mura mbionn an t-adh leat, sin dea smaoineamh eile curtha ó mhaith."

Níl mórán dreamanna anseo a rinne triáil as an saghas seo maoiniú, ach na dreamanna a rinne é, d'éirigh cuíosach maith leo. Agus mar a deireáin an Lithánach "Idir an dhá linn, má fheiceann tú togra fiúntach Gaelach ar fundit nó Kickstarter, tabhair tacaíocht do.   Gheobhaidh tú do chraiceann agus a luach as…"

Idir an dá linn ní gá ach brethnú ar an bpictiúir thuas le riméad ar Seo Linn, ar Stiofán Ó Fearail, Keith Ó Briain, Daithí Ó Ruaidh, Cathal Ó Ruaidh, Kevin Shortall agus Conor Moore a fheiscint. Go bhfeicfimíd iad ag scaipeadh a gcuid cheoil agus a ngliondar croí i measc pobal na tire agus ar fud na cruinne!

• Tá suíomh bríomhar facebook ag Seo Linn agus níos mó ná 11,000 á leanúint.