28.2.15

Maidhm sheicne!

Díreach thát n-ais ón oispidéal tár eis dul faoi scian. Bhí maidhm sheicne orm (agam?) agus mhol na dochtúirí dom dul isteach.

Mhothaigh mé pian aisteach i mo bhléin i lár an bliana seo caite, mar a bheadh beiriú  ar mo chuid chreacainn ach ní raibh aon marc nó gríos ann. Tharla sé níos minicí i rith na bliana agus sa deireadh chinneas ar dhul chuig an dochtúir. (I ndairíre bhí mé ag ceapadh go mbhfhéidir gur rud éigin tromchúiseach a bheadh ann!).

Rinne mé coinne agus chuas isteach chuig an dochtúir i lár mí Eanáir. Rinne an dochtúir iniúcadh orm agus tár éis priocadh, agus iarraidh orm casacht a dhéanamh dúirt sí gur  maidhm sheicne a bhí ann agus rinne sí coinne dom leis an máinlia.

Chuaigh mé chuige i lár mí Feabhra agus rinne sé iniúcadh níos déine orm agus d'aontaigh sé le mo dhuchtúir féin gur maidhm sheicne a bhí. Dúirt sé gur ceart rud éigin a dhéanamh faoi mar luath nó mall bhí chuile sean go n-éiródh sé níos measa. Chinneamar mar sin an jab a dhéanamg go luath.

Mar sin ar an gCéadaoin seo caite chuaigh mé isteach ag meánlae agus mé ag troscadh agus taobh istigh de ceithre uair a chloig bhí mé déanta agus paiste néata ar an áit ina gearradh mé. Ar ndóigh bhí mé leat i mo chodladh ach mar sin féin duradh liom gur éirigh go maith leis an obráid.

Ligeadh amch mé ar an nDéardaoin agus dúradh liom go mbeadh pian agam go ceann seachtaine nó mar sin. Agus ní bhréag a bhí ann mar tá na pianta dona go leor ach diaidh ar ndiaidh is ag laghdú atáid buíochas le Dia.

Molaim go h-árd na banaltraí, dochtúirí agus an foireann ar fad san oispidéal - an Bons i nGaillimh (Béarla).

18.2.15

Scannáin saor in aisce ag an Seanscoil!

Tá an Club Scannán agus an Cinemobile th'éis tiocht le chéile le dhá scannán saor in aisce a thaispeáint ar an Satharn seo chugainn i Seanscoil Sailearna. 

Pioneer, scannán ón Iorua ceann acu agus baineann an scéal le timpist a tharlaíonn nuair atá píopa á leagan ar ghrinneall na farraige.  Beidh an scannán sin ag 19.00. (7 i.n.)

Of Horses and Men ón Íoslainn, scannán éadrom gleoite é seo. An scannán seo ar a 21.00. (9 i.n.)


Beidh an dá scannán oscailte don phobal agus saor in aisce. Scéim Eorpach é seo atá á reachtáil ag an Cinemobile ar a thugtar Films on the Fringe. Is rud nua don Club Scannán a bheith ag cur scannán ar fáil mar seo don phobal i gcomhar le Cinemobile. 

8.2.15

Laoch dornálaíochta Chonamara & Meiriceá!


Is annamh a léim leabhar faoi chúrsaí spóirt ach tá mé díreach tár éis "Rocky Ros Muc - Seán Ó Mainnín",  le Rónán Mac Con Iomaire a críochniú.

Cén fáth ar léigh mé é?

Bhuel is cuimhin liom go mór an troid mór a bhí aige le McCallum sna h-oichtóidí agus cluas phobail na hÉireann agus go mór mór cluas phobal Chonamara leis an raidío le dóchas agus bród i nduine nár chualatah an cuid is mó againn faoi go dtí sin - Seán Ó Mainnín, mac Ros Muc i gConamara. Is cuimhin liom freisin gur caileadh an troid sin ach go raibh bród fós ag muintir a dhúthaigh féin ann. Fear a bhí dílis dá thír agus dá dhúchais. Tá an bród agus an aitheantas fós ann agus is dócha go raibh mé ag léamh an leabhair seo le eolas a fháil ar an fhear seo agus ar chúis bhróid a mhuintire cé go bhfuil a ainm agus aon chuimhne air imithe i léigh nach mór san cuid eile den tír. I Meiriceá áfach tá sé áirithe i measc dhornálaithe móra na h-ochtaidí.

Ag léimh an leabhar seo cuuireadh in aithne mé ar fhear ionrach, stuama, cróga ach thár aon rud eile nach raibh sásta dul siar ar a gcuid prionsabail riamh cuma cad a chosnódh sé.

Tá an leabhar so-léite agus is léir go bhfuil an-chuid taighde agus oibre curtha isteach air ag an údar. Thugann sé an lear eolais ar chúrsaí dornáilíochta ag an am, na daoine, an gnó agus caimiléireacht agus ar shaol san earnáil áirithe sin i Meiriceá nach raibh mórá eolas agam faoi go dtí seo. Tá saol dornálíochta Sheáin Uí Mainnín curtha ós ár gcomhair go macánta, na h-árd pointí agus dorchadas na teipeanna.

Bé an traenálaí ab ansa le Seán na Mike Flaherty i Ros Muc, ag deireadh saol dornalaíochta Sheáin,, fiú thár Angelo Dundee an traenálaí a bhí ag Muhammad Ali agus Sugar Raye Leonard.  Chinn Seán faoi dheireadh a chuid miotógaí a chuir ar leataoibh, 6 Aibreáin 1993. Bhí an cinneadh déanta nuair a chuala sé an nuacht go bhfuair Mike Flaherty bás - an fear a céad thug muinín dó agus a chreid i gcónaí ann. "Is aisteach an mac é an saol, " a deir Seán. "Thosaigh muid amach le chéile agus chriochnaigh muid le chéile!"

Cé nár éirigh leis craobh an domhain a bhaint amach ar chúiseanna ar leith, bhí agus atá luaite i measc na laochra dornálaíochta sna Státaí agus ar ndóigh ina áit dhúchais, Conamara. Mar a deireann abairt deireannach sa leabhair, "Níos mó ná sin, agus ar chuile bhealach, an fear nach bhféadfaí a leagan."

Thug an údar an chuir síos ar scríobh an leabhair agus léar eolais ar an gcúlra ag comhrá le Seán Bán Breathnach ag Seanscoil Sailearna i rith Chomóradh an Dá Scór Oireachtas Chois Fhairraige 1974.

Deineadh scannán de scéal Sheáin Uí Mhainnín sa bhliain 2017. Taispeánadh é i Ros Muc, i measc a mhuintire féin, i mí Iúil 2017.



6.2.15

Comórtas scoraíochta idir Bhailte i bParóiste an Chnoic!

Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige Comórtas Scoraíochta Idir Bailte a eagrú i bParóiste an Chnoic, sé sin na bailte idir Abhainn an Spidéil agus Abhainn Cruimlinne. Bhíodh a leithéid de chomórtas ann blianta ó shin.

Séard a bheas sa gcomórtas ná seó nó scoraíocht, thart ar 25 noiméad ar fhad, a bheadh curtha in oiriúint don stáitse ag bailte fearann sa bparóiste. Sa scoraíocht bheadh meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa, scéalaíocht, greann, drámaíocht etc. faoi théama éicint. Bheadh sé fágtha faoin mbaile an téama a roghnú.

Bheadh PríomhGhradam á thabhairt amach don léiriú is fearr, ag tógáil san áireamh na réimsí seo:

  1. ceol; 
  2. amhránaíocht; 
  3. damhsa; 
  4. daoine óga; 
  5. éagsúlacht; 
  6. cumadóireacht; 
  7. scéalaíocht/filíocht/lúibíní 
  8. aisteoireacht; 
  9. greann; 
  10. feisteas.

Bheadh sé i gceist gradaim éagsúla a bhronnadh chomh maith sna réimsí thuas.

Uasmhéid de scór duine a bheas ceadaithe le bheith páirteach sa seó ar an ardán. Beidh cead props agus soilsiú a úsáid. Beidh cead ag bailte beaga atá buailte ar a chéile tíocht le chéile nó dul i bpáirt le baile eile taobh leo.

Caithfidh gach duine atá le bheith páirteach sa scoraíocht a bheith ina chónaí sa mbaile fearann óna dtagann an seó, nó de bhunú an bhaile sin sa gcás nach bhfuil cónaí orthu sa mbaile sin anois.

Tá go dtí an Aoine an 6 Feabhra ag bailte lena chur in iúil an mbeidh siad páirteach sa gcomórtas scoraíochta. Má bhíonn níos mó ná 5 bhaile ag iarraidh a bheith páirteach sa gcomórtas beidh dhá réamhbhabhta ar bun le 4 bhaile a phiocadh amach le dul san iomaíocht sa gcraobhchomórtas ag an deireadh.

Tá an Cumann Forbartha ag súil go mbeadh an comórtas críochnaithe faoi dheireadh Mhárta.

Tá níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ach glaoch ar Mháirín Mhic Lochlainn ag an uimhir 0860888578.