21.1.15

Crosfhocal ar an sean-nós!

Caint An Roth: Láthair: 22 Br. Cluaidhe, BÁC 4; Am/dáta: 19:30, Déardaoin, 5ú Feabhra 2015

Tá caint míosúil de chuid an Roth, Cumann na n-Innealtóirí i mí Feabhra le bheith an suimiúil más duine thú a deanann cros-fhocail ó am go h-am. Sé an Dr. Gearóid Ó Catháin as Chathair Phort Láirge leis an caint a thbhirt uaidh. Bhain sé amach céimeanna sa Mhatamaitic agus sa Staitistic i gColáiste na hOllsoile, Corcaigh sna seachtóidí. Tá Ph.D. (Staitistic) (2002) aige ó Ollscoil Luimní agus Díoplóma sa Ghaeilge Fheidhmeanach ó Choláiste na hOllscoile, BÁC (2012). Ar phinsean anois agus d’oibrigh se sa Phríomh Oifig Staidrimh, sa Roinn Sláinte agus i gCóras Iomapir Éireann.

Foilsíodh an chéad chrosfhocal thart is céad bliain ó shin i 1913. Ó shin i leith is iomaí uair a chloig a chaitheadh go suaimhneach agus go tubaisteach ag iarraidh teacht ar a réiteach.

Sa léacht shuimiúil seo tabhairfaidh an t-údar léargas  ar an taobh eile den scéal— conas a chruthaítear an crosfhocal. Pléfidh sé leis na mórchéimeanna – leagadh amach na heangaí, líonadh na heangaí le focail, noda a chumadh, agus an córas tagartha idir na noda agus an eangach. Mar chasadh beag, fileann an t-údar ar an tseanchló leis na consain bhuailte (in ionad an consan + ‘h’ mar atá sa lá inniu). Míneoidh sé cén fáth go ndearna sé é sin agus conas mar a rinne sé é. Bhaist sé crosfhocal ar an sean-nós ar thoradh seo a chuid oibre (sampla thíos a d’fhoilsigh sé faoin ainm cleite Déise Abú).

Tá ríomhchláir le fáil anois chun crosfhocal a chruthú – cuid acu saor in aisce agus na cinn proifisiúnta ar phraghas. Scríobh Gearóid a chuid ríomhchláir féin a léiríonn an tuiscint faoi leith atá aige faoin ábhar seo. D’úsáid sé tairgí saora (Perl, SQLite,TeX) chun é seo a chur i gcrích. Roinnfidh sé a chuid eolais linn le cabhair sleamhnáin.


No comments:

Post a Comment