10.8.14

Mar a labhair Joe Steve i 1974! #OnaG74

Chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge é a bhogadh amach as an nGalltacht cuireadh Oireachtas Na nGael ar bun i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas Na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara). Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.
Joe Steve i 1974 agus 2014
Joe Steve Ó Neachtain a rinne aitheasc na h-oscailte ag Oireachtas na Gaeilge 1974, sa bPoitín Stil ar an Aoine, 6 Meán Fómhair 1974. Agus ar shuíomh  Chumainn Forbairt Chois Fharraige tugann sé cuireadh don saol Fodhla teacht go Chois Fharraige ag comóradh na h-ocáide.

Seo mar a labhair sé ina a aitheasc oscailte sa bhliain 1974. (Is féidir éisteacht leis ar chraoladh de chuid Raidío na Gaeltachta ar an suíomh chomh maith.)

"Céad míle milliún fáilte roimh gach mac is iníon máthar agaibh as cheithre airde na tíre.

Fáilte go Cois Fharraige, go Cois Caoláire, go Cois Carraige, go cois aibhne, go cois locha, go cois sléibhe, go ceartlár na Gaeltachta, go dtí rútaí aibí na teanga Gaeilge, go dté bhur dturas chun sochair agus chun tairbhe daoibh. Go mba seacht fearr a théas bhur dturas chun tairbhe do mhuintir an cheantair seo. Beidh sibh ar feadh seachtaine i measc muintir atá cúthail, umhal agus ar bheagán onóra. Muintir atá lách, fáilteach, fial, flaithiúil agus gáireach. Seanmhuintir a d’fhulaing cruatan agus a changail cír ar bhochtanas, óg mhuintir a dhúisigh.

Scór bliain ó shin b’í an iothlainn, an tom, nó cró na mbéithígh a bhí mar leithreas ag 95% de mhuintir an cheantair seo. Ba é an buicéad nó an ceaintín a thógadh isteach uisce te agus uisce níocháin. Ba é an faocha, an báirneach, an scadán goirt, an fata agus braon leamhnachta a t-anlann ab fhairsinge. Ba í an imirce a bhí mar aidhm ag gach malrach scoile. Bhí an ceantar cosúil le monarcha mór amháin ag togáil clainnne le h-ollmharú thar sáile. An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain? Muintir a chuir deireadh le goirteanas as súl na ndeorachtaí, tré mhonarchain a éileamh agus a fháil. Muintir nach raibh sásta le geallúíntí ach a chuir uisce reatha ar fáil lena gcuid allais féin. Muintir atá anois ríméadach as a bheith ábalta an fhéile mhór seo a reáchtáil ina gcenatar féin. Muintir nach bhfuil ach ag tosnú ag borradh agus nach staonfaidh dá n-iarracht nó go mbíonn siad féin go h-iomlán ina máistrí ar a ngnóthaí.

Tá muid faoi chomaoin ag an gCumann Forbartha, tá muid faoi chomaoin ag an gComharchumann agus tá an ceantar faoi chomaoin ag lárchoiste an Oireachtais i mBleá Cliath a thug chuile chabhair agus chuile chúnamh go fonnmhar.

onagbad1aTá seachtain mhór anois romhainn, seachtain ghaelach spóirtiúl. Níl de chumhacht agam é a chur de gheasa oraibh ach cuirim parúl oraibh, coinnigh an tseachtain gaelach spóirtiúil. Le ceol nó le hól ná cloisim buille ná bagairt, sciolladh ná feannadh a bheith mar ábhar náire go brách ag ceachtar agaibh.

Sé samhail an Oireachtais seo ach crann a bhí ag fás i mBleá Cliath le leathchéad bliain. I ndeireadh na bliana seo caite, tosnaíodh ag bogadh rútaí an chrainn de réir a chéile. Ó fhréamh go fréamh is ó chraobh go craobh hardaíodh an crann ollmhór trasna na tíre. Faoi láthair tá rútaí an chrainn ag baint greim amach i nDúrabán Gaelach Chois Fharraige. Is beag an siota a leagfadh é.

Sibhse gur meas libh an Ghaeilge, sibhse gur meas libh an Ghaeltacht, sibhse gur meas libh an fhéile seo, cruinnigí timpeall an chrainn, cuirigí bhur ndroim mar thaca is spreacadh leis. Cosnaigí géagáin na mblianta agus craobha úra na bliana seo ar an gcuaifeach gallda is ar an stoirm aineolais a d’fhág is atá ag fágáil na Gaeltachta chomh cúng is atá sí…

Os ar mo chrann a tháinig leac oighre na mblianta a bhriseadh, santaím uair na hachainí. Guím dea-chomharsanacht agus fáilte chun féile, a mhuintir uile na hÉireann.

Fógraím go bhfuil an chéad mhaidhm de rabharta stairiúil Oireachtas ’74 tar éis briseadh ar Chois Fharraige."

Tá comóradh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige le bheith ar siúil 24 - 28 Meán Fomhair 2014.

2 comments: