19.8.14

Clisteacht ó Bhaile na hAbhann le feiscint ar fud na cruinne!

D’fhógair TG4 le déanaí go bhfuil trí thogra nuálach curtha i gcrích agus seolta aige a thugann straitéis dhigiteach na seirbhíse go suntasach chun cinn.
Tá Aip nua seolta aige do theilifíseán chliste agus ar fáil beo feasta ar theilifíseáin de dhéantús Samsung, Philips, Opera TV, Foxxum, Toshiba agus ar fáil ar Google TV freisin. Tá siad curtha faoi bhráid agus á meas freisin ag na mór-dhéantúsóirí eile, LG agus Panasonic.

Deir Stiúrthóir Teicniúil TG4, Neil Keaveney go léiríonn Aip nua TG4 do theilifíseáin chliste na mór-dhéantúsóirí go bhfuil an tseirbhís ag coinneáil bord ar bhord leis an nua-theicneolaíocht agus ag cinntiú go bhfuil ábhar an chainéil ar fáil don lucht féachana ar na hardáin ar fad is ansa leo.

Togra mór eile atá curtha i gcríche is ea an leagan nua-chóirithe, feabhsaithe de Sheinnteoir TG4 atá ar fáil anois ar an mbrabhsálaí ar aon ghaireas. Ba ag TG4 is túisce a bhí Seinnteoir teilifíse in Éirinn (2002) agus is í foireann TG4 féin sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a dhear agus a chruthaigh an Seinnteoir. Cuireann an nua-chóiriú is deireanaí ar chumas an úsáideora a sheinnliosta féin a chruthú. Cor nua eile is ea go mbeidh sruth leanúnach ábhair ar fáil ón Seinnteoir feasta aon áit ar domhan (ach cuirfear ábhar malartach ar fáil in aon áit go bhfuil srianta cearta ceangailte ar TG4 a choscann ábhar áirithe a sholáthar d’úsáideoirí nach bhfuil in Éirinn).

Leagan feabhsaithe, nua-chóirithe de Aip TG4 don iPad é an tríú togra atá curtha i gcrích le gairid. Beidh seo ar fáil ón App Store le híoslódáil, saor in aisce ar fud an domhain. Cuardaigh “TG4” san App Store nó pé áit óna bhfaigheann tú Aipeanna. Cuireann an Aip nua ar chumas úsáideora iPad féachaint ar bheo-chraoladh TG4 agus ar an gcartlann clár ón Seinnteoir freisin. Seo an Aip is deireanaí ó TG4, sa mbreis ar an 7 Aip Gaeilge do pháistí (agus foghlaimeoirí) tá forbartha agus eisithe go dtí seo. Fágann seo go bhfuil TG4 ar an bhforbróir Aipeanna Gaeilge is forásaí ar fad.

Deir Stiúrthóir Aschur TG4 gur céimeanna tábhachtacha chun cinn iad na forbairtí seo ar an gconair dhigiteach. “Is ar ghairis chliste atá go leor den lucht féachana ar fud an domhain ag triall, agus ní foláir do TG4 a bheith ar fáil ar an hardáin is mó a bhfuil éileamh orthu, más áil linn bheith i lár na hiomaíochta sa ré nua dhigiteach seo. Tig le gach duine, aon áit, uair ar bith ábhar den scoth a fháil ó TG4 anois, agus táimid cinnte go mbeadh tairbhe leis na nascanna nádúrtha seo idir an teanga agus an teicneolaíocht.”

No comments:

Post a Comment