23.7.14

An aimsir neamhgnáthach fáistineach foirfe!


Is maith an scéalaí an aimsir agus tá an seanfhocal sin á athnuachan go laethúil anois ag
seirbhís fheabhsaithe aimsire TG4 ina bhfuil athchóiriú tarraingteach ard-ghléine (HD) ar an ábhar físe ar fad agus roinnt láithreoirí nua ar an Aimsir Láithreach a chraoltar ar an gcainéal teilifíse.

Irial Ó Ceallaigh
Caitlín Nic Aoidh
Fiona Ní Fhlaithearta
I measc na maisíochtaí atá ar fáil san athchóiriú cuimsitheach, tá:

• Dearadh nua a chuireann cruth agus cuma úr ar scéal na haimsire ar an Suíomh Gréasáin (nasc) agus ar an gcraoladh teilifíse. Foireann ghrafaicí TG4 féin (a bhfuil duaiseanna aitheantais go leor buaite aici) a dhear agus a chruthaigh seo i gcomhar leis an soláthraí seachtrach Metra Weather. I measc na bhforbairtí nua, tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí agus pictiúir ó cheamara breise atá feistithe i nGaoth Dobhair ag soláthar pictiúr na haimsire reatha ansin. Tá a leithéid ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i gCorca Dhuibhne agus i mBaile na hAbhann.

• Láithreoirí nua aimsire agus saibhreas na gcanúintí le cloisteáil uathu: Irial Ó Ceallaigh (an Rinn), Fiona Ní Fhlaithearta (Conamara) agus Caitlín Nic Aoidh (Tír Chonaill). Roghnaíodh an triúr seo ón slua mór iarrthóirí agus tar éis tréimhse oiliúna agus ullmhúcháin, tá siad i mbun craolta anois agus an pobal ag cur aithne orthu.

Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is maith mar a chum ár sinsir téarmaíocht chruinn fhileata Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir.  Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn agus an raon canúintí atá ag na láithreoirí nua aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na Gaeilge – ach nílimid ach ina thús. Fáilteofar roimh théarmaí eile. Táimid cinnte go mbeidh fonn ar dhaoine iad a sholáthar le r-phost agus sa gcomhrá leanúnach atá bunaithe againn ar Twitter (@AimsirTG4). Tá súil againn go spreagfaidh na maisíochtaí nuálacha agus na láithreoirí breise seo aiseolas leanúnach agus go bhfeabhsóidh siad an aimsir fháistineach ó TG4.”


No comments:

Post a Comment