11.6.14

D’imigh siad leo ina nduine is ina nduine....

Agus scéal na bpáistí agus a máithreacha a daoradh isteach san h-árais úd ar fúd na tíre smaoiníos ar an rud is ceart do gach Críostaí a dhéanamh nuair ata fadhb d'aon saghas ann.

Más Críostaí mé is ceart dom an-iarracht an meon céanna agam agus atá ag Íosa, mar a deireann an Aspal, "Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost!" (Fil 2:5). Agus conas tá fhios agam cén mheoin atá ag Críost? Is tré aithne a bheith agam air - ní eolas ach aithne. Agus conas is féidir liom aithne a bheith air? Tré bheith ag caint leis, tré bheith ag éisteacht leis, tré bheith ag léamh faoi sa Bíobla agus i scríbhinn na n-Aithreacha.

Ó na scrobhínní is sine is cosúil go raibh lucht na cumhachta ag gearán faoi hÍosa a bheith i meas na bocht, na peacaigh agus na striapaigh. (Chuireann sé sin in aigne dom an Pápa Prionsias ag caint faoi "boladh na caorach!")

"An duine agaibh atá gan pheaca..."
Tá scéal i soiscéal Eoin le scéal faoi bean óg a "rugadh uirthi in adhaltranas!" Agus seans go bhfuil ceacht le foghlaim sa scéal sin.

"Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: 

“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?” 

Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú,d’éirigh sé suas agus dúirt leo: 

“An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.” 

Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. 

Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. 

D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: 

“A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” 

“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. 

Dúirt Íosa léi: 

“Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”'

An rud atá soiléar sna h-imeachtaí seo fadó, agus fós anois b'fhéidir, nach bhfuil mé ag éisteacht le guth hÍosa mar a deirean sé in áit eile faoin Samárach maith - “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”

Nach trua nach n-éistimís leis sa lá atá inniú ann?

• Dála an scéal tá an Bíobla Naofa (Biobla Mhagh Nuad) ar líne i bhfoirm pdf anseo.

No comments:

Post a Comment