27.12.13

Ean bán i ndiaidh stoirme...


Bhí stoirm ann aréir agus thit neart báisteach anseo orainn i gCaorán na gCearc. Mar is gnáth anseo bíonn tuilte sa garraí ó dheas ón dteach againne aon uair atá báisteach traom ann.

Ar maidin bhí an t-uisce ann arís agus timpeall 11.00 ar tugadh faoi dearadh go raibh éan bán, an-bhán san uisce. Ní fios dúinn an raibh aon rud le n-ithe ann ach bhí sé ag tocailt agus ag cuardú san uisce. Cineál corr-réisc a bhí ann ach níos lú agus an-bhán ar fad.

Bhí fhios againn gur Éigrit bheag a bhí ann ón dáth. Seans gurbe a é an éan is báine sa tír é. Ní raibhadar le feiscint so tír roimh na nocaidí nuair a chéad thosaigh siad mar éan goir in oir deisceart na tíre agus uaidh san méadaigh sé ar fud na chontaeithe mara. Tá níos mó eolas faoi le fáil ar shuíomh Chairde Éanlaith Éireann (Béarla)

Conacthas ceann le roinnt bliain anuas i gceantair Ros a' Mhíl ach de gnáth is ar an gcladach a fhanann siad. Is cosúil go raibh an cladach garbh go leor i rith na stoirme agus cinn ár n-éan teacht begáinín níos faide isteach sa tír.

D'fhán sé ann ar feadh ceathrú uair a chloig ach d'éirigh liom pictiúir nó dhó a fháil. Bhí sé go deas ceann a fheiscint chomh gearr don teach! Chuir sé i gcuimhne dúinn ar an gcuairt a thug scata cuirliúin ar ár ngarraí ag tús 2010.

13.12.13

Gás anois ansin uisce faoi thalamh?

Chuala mé an nuacht ar Cormac ag a Cúig. Tá Bórd Gáis díolta ag an Rialtas ar bhreis is €1.12 billiúin le comhlacht Shasanach gur leo British Gas.

Bhí íontas orm mar dúradh mí ó shin nach rabhadar len é a dhíol.  Mar a deinim go minic nocht mé mo chuid tuairimí ar an chóras giolcaireachta twitter.
Tá an comhlacht á dhíol le cuibhreanas nó grúpa na chomhluchtaí, Centrica (British Gas), Brookfield Renewables and iCON Infrastructure.

Is cosúil nach bhfuiltear leis an ngréasáin píobaí leis an gás a iompair go dtí na custaiméirí a díol. B'fhéidir go bhfuil ceacht foghlaimtha ó Éircom nuair a díoladh chuile rud agus atá fós ag chur bach le chúrsaí cumarsáide go mór mór faoin dtuath agus leathnú an bhánda leathan ann.

Níl mise ró chinnte gur ceart tionscnaíocht chomh bunúsach mar an aibhléis, uisce, gás, córas phoist agus telecumarsáide, agus iompair inmheánach a díol isteach sa chóras tionscailíochta.

Is cosúil go bhfuil an gníomh nach mór déanta anois áfach. Bhfuil fhios ag éinne céard a dhíolfar amach anseo?

Mar íar nóta  tugaim faoi deara go ndéarna an teachta dála áitiúil anseo tuít ar an ábhar níos deanaí sa tráthnóna agus luaigh sé focail an Phiarsaigh chomh maith!




9.12.13

Ceisteanna ón bPápa!

Tá chóras chomhairliúcháin curtha ar siúl ag an Eaglais agus an Pápa Prionsias le hullmhú a dhéanamh do Shionad Speisialta na nEaspag atá le bheith ar siúl sa Vaticáin Deireadh Fomhair 2014.

Is cosúil go mbeaidh timpeall 150 "Aithreacha Sionad" le páirt a ghlacadh sa chruinniú seo leis an "dúshláin tréadach ar an teaghlach i gcomhthéacs fhógairt an soiscéil!" Táid ag iarraidh lárnacht phósadh, láidriú an chreidimh sa bhaile agus beannaitheacht an duine sa lá atá inniú ann.

Tá ceistneoir mór curtha amach chuig chuile easpag sa domhain mór le moltaí a thabhairt ar an ábhar seo. Tá cóip de le fáil ar roinnt suíomhanna deoisí mar Árd Macha agus Tuama. (Ait go leor go bhfios dom is i mBéarla amháin atá sé le fáil sa tír seo fiú sna Deoisí ina bhfuil pobal Gaeltachta!. Is cosúil go bhfuil an Eaglais chomh aireach ar Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta is atá Rialtas na hÉireann! Tá ráiteas ó Easpaig na hÉireann le fáil anseo! (Béarla)

Tá ceisteann cuíosach chasta air agus bheadh ar an té a fhreagráinn siad eolas a bheith aige nó aici ar an mBiobla agus docuiméidí na h-eaglaise mar Gaudium et Spes, Familiaris Consortio 7rl. cé mhéid againn a chuala futha siúd nó má chuala a léigh iad?

Sílim go mbeadh sé níos fearr dá ndeanfadh na deoisí beagáinín eagarthóireacht ar an gceistneor len é a scaipeadh mar tá ceisteanna atá tabhachtach ann i dtaobh conas déileáil le colscaradh, daoine ina chónaí le chéile agus caidreamh idir daoine leis an inscine céanna. Céard é dearcadh na hEaglaise áitiúil ar na chúrsaí sin?

Cúrsaí oideachas, pósadh oscailte, frithginiúint, agus coimhlint, mar tá, idir teagasc na hEaglaise agus dlithe na tíre nó meon an phobal.

Ceisteanna tabhachtach iad siúd áfach, sa tír seo faoi láthair, agus ar ndóigh ar fúd an domhain!