28.11.13

Drámaí an Phiarsaigh á gcur faoi bhráid glúine nua!

Is go ró déanach a fuair mé eolas faoin siomposiam seo atá le bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath amárach.

Tá sé i gceist go spreagfaidh an siompoisiam idirnáisiúnta faoi dhrámaí Phádraic Mhic Phiarais léirithe nua ar a shaothar. 

Beidh scoláirí ag triall ó áiteanna ar fud na hÉireann, ón bhFrainc, ó Phoblacht na Seice agus ó Shasana chun aghaidh a thabhairt ar leáchtaí agus imeachtaí cultúrtha Pádraic Mac Piarais agus an Amharclannaíocht’, siompóisiam dátheangach a thabharfaidh aghaidh ar shaothar drámata an réabhlóidí cháiliúil agus a  bheidh ar siúl i gColáiste Phádraig , Droim Conrach an deireadh seachtaine beag seo (29-30 Samhain 2013).

Tá súil ag lucht eagraithe an tsiompóisiaim go spreagfar complachtaí drámaíochta gairmiúla agus aimitéaracha chun  tabhairt faoi léirithe ar dhrámaí an Phiarsaigh, drámaí a chuaigh i bhfeidhm ar lucht éisteachta fairsing céad uair a léirithe. 

Chuige sin, anuas ar an bplé scolártha, beidh  toise praiticiúil ag baint leis an gclár.  I meac imeachtaí na hAoine, beidh ceardlann le haghaidh aisteoirí agus léiritheoirí a stiúrú ag Colm Hefferon agus ceolchoirm speisialta ann le ceol agus amhráin ó na drámaí faoi stiúir Shíle Denvir, arna tionlacan ag íomhánna atá cóirithe ag Ciarán Ó Súilleabháin

Agus céiliúradh céad bliain an Éirí Amach na Cásca ag teannadh linn go tapaidh tabharfaidh an siompóisiam deis do scoláirí agus lucht ealaíne machnamh as an nua a dhéanamh ar an ngné dearmadta seo de shaothar an Phiarsaigh. Bhí an Piarsach sáite sa drámaíocht sna blianta beaga roimh an Éirí Amach. Chum sé agus chóirigh sé dramaí agus glór-réimeanna a leíríodh ina scoil féin, Scoil Éanna agus in ionaid mhórghradaim mar Theach an Ard-Mhéara, Páirc an Chrócaigh, (Jones Road mar a bhí) agus in Amharclann na Mainistreach. 

Bhíodh maithe agus móruaisle shaol an chultúir agus an náisiúnachais i láthair ag na léirithe, léithéid Yeats, Bulmer Hobson agus na deartháireacha Morrow agus thug go leor daoine a bhí chun tosaigh i saol cultúrtha agus polaitríochta na linne cabhair agus na drámaí á réiteach – ina measc seo bhí James Larkin (a chaith dúthracht mhór le poibliú glór-réimeanna Scoil Éanna an samhradh roimh an Lockout)  agus an banaisteoir cáiliúil Máire Nic Shiubhlaigh

Is féidir fís pholaitiúil an Phiarsaigh a rianadh ina chuid drámaí. Ach ní raibh an scéal ina dhubh agus ina bhán; thug dráma deiridh an Phiarsaigh The Singer, a bhí á chleachtadh sna seachtainí beaga roimh an Éirí Amach aghaidh ar mhoráltacht na reabhlóidíochta ach caitheadh in aer an dráma nuair a tháinig cúrsaí míleata chun tosaigh.

Deireann Róisín Ní Ghairbhí, atá  ag co-eagrú an tsiompóisiam i dteannta a chomhghleacaí Eugene McNulty:

“Táimid ar bís faoin gclár, a bhfuil idir scoláirí agus drámadóirí i gceist ann. Tá súil againn léárgais nua a aimsiú maidir leis na drámaí seo, a ligeadh i ndearmad ar feadh i bhfad. Cuirfidh lucht staire agus lucht litríochta araon suim sa siompóisiam agus beidh deis ag na daoine iomadúla a chuireann spéis sa drámaíocht agus sa chuid seo den stair idirphlé a dhéanamh le chéile.”

Is iad Brian Crowley,  Musaem na bPiarsach/OPW, údar Patrick Pearse: A Life In Pictures; Dr Elaine Sisson, IADT, údar Pearse's Patriots, St Enda's and the Cult of Boyhood; agus  Dr James Moran, University of Nottingham, údar Four Irish Rebel Plays na haoichainteoirí.



• Foilsíodh Patrick Pearse; Drámaí/Collected Plays, eagrán nua dátheangach  de dhrámaí an Phiarsaigh in eagar ag Róisín Ní Ghairbhí and Eugene McNulty ag Irish Academic Press (Béarla) níos luaithe i mbliana.  

• Tá tacaíocht ag an siompóisiam ó Fhoras na Gaeilge agus ó Choláiste Phádraig.


21.11.13

Lá na Toirbhearta!

Séala Br na Toirbhearta
Mar iar-dhalta de chuid Bhráithre na Toirbharta (Béarla) is lá faoi leith an lá seo (21 Samhain) i gcónaí dom, Toirbheart na Maighdine Mhuire sa Teampall.

Is traidúsiún áras atá ann gur thóg tuismitheoirí Mhuire í go dti an Teampall agus gur chónaigh sí ann mar ullmhúcháin di don pleán mór a bhí beartaithe ag Dia dí. Tá an scéal ann ón 5ú aois ar a laghad agus tá an féole aá chéiliúradh le níos mó an míle bliain. Tá an scéal luaite i sean-scribhín agus tá na píosa faoi luaite anseo (Béarla).
Má tá tú riamh sa Veinéis tá Séipéal Ársa, Madonna dell Orte (Iodáilis), ina bhfuil an pictiúir seo den Toirbheart ag Tinterreto le feiceál
Ta tabhacht faoi leis sa scéal seo in Éirinn mar sa seachtú aois déag bhunaigh Nano Nagle Siúracha na Toirbhearta (Béarla) i gCorcaigh. Is uaithí siúd a fuair Éamonn Iognáid de Rís an ionsparáid Bráthaire na Toirbhearta a bhunú sa bhliain 1803 i bPort Lairge. (agus is uatha sin a d'fhás na Bráithre Chríostaí (Béarla) i 1820).

Nuair a bhíomr ar scoil bhíodh lá saoire againn ar an lá seo. Whoopie!

Níos deanaí inár shaol bhí brontannas eile ó Dhia ag mé fhéin agus mo bhean mar is ar Lá na Toirbhearta a rugadh iníon dúinn.

Ní nach íonadh gur lá faoi leith í an lá seo.

5.11.13

Idir lúibíní!

Tá Oireachtas na Samhna 2013 thart agus Gael na tíre imithe abhaile go ceithre cúigí agus níos faide i gcéin faoi seo.

Ach chuala muid scéal faoi féile nua atá le bheith ann roimh deireadh na míosa agus an uair seo tá sé i lár na Gaeltachta, ar an gCeathrú Rua. Is dócha gur féidir "Oireachtas idir lúibíní!" a thabhairt ar Féile Beal mar tá an fothideal "Comhdháil na Lúibíní" tugtha ag na heagreoirí air!
Oireachtas TV

Cuireann Breandán Ó hEadhra, ó Meas Media, atá mar Stiúrthóir ar a bhFéile, ceisteanna atá simplí ach bunúsach. "Céard is agallamh beirte ann?  Cé as a dtáinig an lúibín?  An bhfuil traidisiún na scéalaíochta seanchaite nó an féidir beocht nua a thabhairt do sheancheird an tseanchaí?"

Is cuimhin liom an chéad uair a chuala mise céard an agallaimh beirte ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 1966. Níor chuala mé fiú faoin gcineál sin ealaíon sin, agus tá mé ag ceapadh go bhfuil sé mar sin fós i measc an chuid de mhuintir na hÉireann.

Seo seans againn raidhse cainte idir agalaimh beirte, scéaltaí agus lúibíní a cloisint i áiteanna éagsúla thár timpeal an bhaile, siopaí, sa labharlann, san Acadamh agus sa bialann. Agus beidh an oscailt oifigiúil, (agus déarfainn an-chuid nach mbeidh chomh oifigiúil), istig sa Chistin.

Tomás Mac Eoin
Beidh cainteanna ann, scéalaíocht do pháistí agus don sean-dream agus tá mé ag ceapadh go bhfuil baol ann go mbeadh beagáinín craic ann leis!

Tosaíonn gach rud ansin, An Chistin, ar an Aoine 22 Samhain ar a h-ocht sa tráthnóna. Bronnfar Gradam Béil ar laoch na Ceathrún Rua, Tomás Mac Eoin, i ngeall ar a chuid oibre le lúibíní agus agallaimh bheirte le blianta fada. Is ag an Oireachtas céanna, 1966, i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath a chéad chuala mé Tomás leis.

Má thaithn Oireachtas na Samhna leat i gCill Áirne tá fhios agam go dtathnódh Comhdháil na Lúibíní, Féile Béal na nGael, leat.

Bí ann gan teip!



Má tá éinne ag iarraidh lóistín i gcóir Féile Béal: Comhdháil na Lúibíní , féile agallaimh beirte, lúibíní agus scéalaíochta a bheas ar siúl ar an gCeathrú Rua idir 22-24 Samhain, cuir scairt ar Breandán Ó hEadhra ag measmediacommunications@gmail.com agus déanfaidh seisean iarracht lascaine a fháil daoibh...

• Bhí an-oíche ag an oscailt sa Chistin ar an 22ú lá Samhain. Roinnt pictiúirí le fáil anseo ar facebook:

4.11.13

Comórtas Scríbhneoireachta Nua-Ealaín!


Tá an moltóir fógartha do chomórtas scríbhneoireachta Nua-Ealaín! Tá áthas orainn a rá gur é an t-údar agus foilsitheoir Darach ó Scolaí a bhéas ag déanamh scrúdú ar na h-iontrálachaí. Tá trí seachtaine fágtha le bheith ag scríobh!

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana 2008'.

Léiríodh ceithre dhráma leis, Coinneáil Orainn (2004), An Braon Aníos (2005), Craos (2007), agus An tSeanbhróg (2008), chomh maith le drámaí raidió, na gearrscannáin Cosa Nite agus An Leabhar, agus an tsraith teilifíse Na Cloigne (TG4, 2010). Is stiúrthóir é ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac. Tá cónaí air i gConamara.

Faoin gComórtas
Tá Nua-Ealaín ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí na Gaeilge páirt a ghlacadh i gcomórtas scríbhneoireacta nua! Má tá spéis agat a bheith i do Chriticeoir Ealaíne, seo é do dheis.

Tá siad ag lorg léirmheas gearr (400 focal ar a mhéid) ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn roimh an spriocdháta. Tá an comórtas seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.
Tá €150 le fáil ag an mbuaiteoir, €50 don dara háit, agus foilseofar na hiontrálaí is fearr ar an suíomh idirlíne Nua-Ealaín. Tá na rialacha simplí agus níl aon chostas iontrála i gceist!


Spriocdháta: 5pm 24 Samhain 2013.