8.9.13

Slán le hÉirinn...

Tá muid ar an mbád, Oscar Wilde ag dul soir go Cherbourg na Fraince, áit éigin sa Muir nIocht. Long mór compórdach atá inti agus tá an farraige ciúin go leor buíochas le Dia.

Seo an radharc agus muid ag seoladh ó Ros Láir. "Slán le hÉirinn!" Bhfuil fhios ag éinne cén tír lena bhaineann an brát sin leithi?

Mé ag smaoineamh ar na milliúin a d'imigh i gcoinne a dtoile. mar Aodh Ó Néill, na Géanna Fiáinne, An Sairséalaigh, iad siúd a bhí ortha dul soir le h-oideachas a fháil in aimsir na Péindlithe, iad siúd ag teitheadh ó tír an Ghorta Móir agus ansin an daoine atá ortha imeacht ó shin agus anois fiú ar chúiseanna eachnamíochta.

Tá mé a smaoineamh ortha siúd a d'imig roimhe sin, Columbán, Gall, Cilliann ag dul isteach ar an mór roinn ar son Chríost agus na Críostaíochta agus a d'fhág a marcanna ann thuas go dtí an lá atá inniu ann. Agus na misiúnaithe a d'imigh thár lár ag deireadh an naoiú aois déag agus a fichiú aois go dtí an Aifric agus níos faide sa traidisiún sin, daoine mar Joseph Shanahan, Edlel Quinn nó Alphie Lambe.

Ní fios dom an mbeaidh i ndán dialann beag a dhéanmah ar an dturas, a bhuíochas go bhfuil chóras idirlín ar bhórd atá seo á scríobh agam!

Ár gcéad radharc ar Tír na Normánaigh!




2 comments:

  1. @Bhfuil fhios ag éinne cén tír lena bhaineann an brát sin leithi?


    Aon seasn gur breatach na Danmhairge atá ann agus bratach na Sualainne ina chúinne? An le comhlacht Dhanmhargeach Shualannach an bád?

    Fearn

    ReplyDelete
  2. .....is togra den scoth, é sin, a hEoin!...Bhainim sult fós as!.......bulaí fir thú!

    ReplyDelete