18.9.13

An Róimh sroichte...

Dáta:10/9/2012

Tiománaithe na h-Iodáile! Bhuel sin scéal eile. Bhí cineál rás ar siúil ba chosúil thár timpeal ar Genoa agus ar maidin bhí pianta i mo ghéaga leis an stíreáil neamh gnáthach a bhí ar siúil agam ar na castái agus an “snaoímháil” a bhí ar siúl idir na tiománaithe díográsach. Dian tiomáint d’fhéadfá a rá.

Shríochamar cathair ársa na Róimhe i lár an lae agus bhí lón deas ullamhaithe romhainn.

Rinneamar turas ansin chuig Eaglais Naomh Pól (San Paulo fuoro del Mura {Iodáilis} ="taobh amuigh de na ballaí!"). Dóadh an sean eaglais i 1825, agus tógadh é i lár na 18í ar an sean déanamh. Deirtear go bhfuil uaigh Phóil féin faoin bpríomh Altóir, ach ní féidir a bheith cinnte de. Sa pictúir thuas tá an mósáic ar áirse ós cionn na príomh altóra a sabháladh ón dtine úd.

Rud spéisiúil faon eaglais seo ná pictiúirí na pápaí ó Naomh Peadair thuas go dtí Benedict XVI thár timpeal ballaí na eaglaise. Níl Prionsias ann go fóil!

4 comments:

  1. Go raibh tú slán ó chontúirt na mbóithre, a chara..:-)

    ReplyDelete
  2. @Rud spéisiúil faon eaglais seo ná pictiúirí na pápaí ó Naomh Peadair thuas go dtí Benedict XVI thár timpeal ballaí na eaglaise

    Ní mé an raibh an Pápa Joan (Síobhán?)ann, dá mb'ann di, más fíor na ráflaí!


    Fearn

    ReplyDelete
    Replies
    1. Ní dóigh liom go bhfuil firinne scéal sin mar is cosúil go bhfuil an scéal sin bunaithe ar litriú mícheart i sean scríbhín éigin.

      Delete
    2. Tá fhios agam, a Eoin, mar a dúirt an fear sa scannán, nuair a tá an scéal ag teacht salach ar an bhfinscéal, cuir suas an finscéal.

      ACH, cogar, an bhfaca tú Prionsias ag tiomáint timpeall ina Renault 4 go fóill?

      Fearn

      Delete