4.7.13

Cúram is cosaint?

Chuireann ráiteas ag smaoineamh mé - cén saghas aire a thugann muid mar stáit do mhná?

Agus a diospóireacht ar siúl faoin bille nua a bhfuil an ainm "Sabháilt beatha le linn torchais" - m'aistriúchán féin mar ní sé de chuirtéis ag lucht an Oireachtais leagan Gaeilge den bille a chuir ar fáil! - chonaic mé ráiteas ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a chuir ag smaoineamh mé!

Thug an Seanadóir dúshlán don Aire Dlí, Comhionannas & Cosanta Alan Shatter mar gheall ar na coinníollacha uafásacha ag ionad Dlí Teaghlaigh Ceantair Átha Cliath ag Teach Dolphin.

Dídean le fáil?
“Caithfidh an tAire freagracht a ghlacadh as an droch stáid seo agus ba chóir dó cur in iúl don Seanad céard atá i gceist aige a dhéanamh leis an scéal a leigheas.

“Níl sé maith go leor go gcaithfidh mná atá trína chéile agus leochaileach, atá ar chúis amháin nó ar chúis eile ag fanacht le horduithe urchoisc, fanacht i gcoinníollacha atá chomh dona.

“Tá áird tarraingthe ag Women’s Aid (Bearla) cheana féin ar an ábhar seo, go háirithe ós rud é nach bhfuil áiseanna ann le h-íospartaigh agus mí-úsáideoirí a choinneáíl óna chéile.

“Níl sé seo maith go leor. Tá mé ag impí ar an Aire gníomhú láithreach le cinntiú go dtabharfar na h-áiseanna ag Teach Dolphin suas chuig an caighdeán cui don fichiú haonú aois."

Cheap mé go bhfuil an-chuid cainte faoi chúram mná le linn torchais sa díospóireacht faoin mbille "ghinmhilleadh" úd ach má fhéacann muid ar an cúram atá a thabhairt ag an stáit do mná chean féin atá faoi bhagairt (agus, cá bhfios, faoi baol deireadh a chuir lena mbeatha fhéin!) nach cheart dúinn dul i bhfad níos doimhne isteach sa scéal.

An bhhfuil aon chúram don bhean roimhe nó i ndiaidh an "gnáthamh míochaine" a bheid ceadaithe faoin mbille seo, luaite sa bille féin?  Rud uafásach tromchúiseach deireadh a chur leis an mbeatha atá ina broinn ag bean.

An mbeidh na "coinníollacha uafásacha" rompu is atá roimh na mná bochta faoi bhagairt agus faoi dhibeart óna taighleach féin?


3 comments:

  1. @bille nua a bhfuil an ainm "Sabháilt beatha le linn torchais" - m'aistriúchán féin mar ní sé de chuirtéis ag lucht an Oireachtais leagan Gaeilge den bille a chuir ar fáil!


    De réir suíomh an Oireachtais, seo an teideal Gaeilge:

    AN BILLE UM CHOSAINT NA BEATHA LE LINN
    TOIRCHIS, 2013



    Fearn

    ReplyDelete
  2. Ach maidir le do cheist, an bhfuil sé iomarcach go bhfuil an Stát freagarach as gach místaid a réiteach?

    Sílim fhéin gur obair carthannais í seo, agus go maoinfadh an Stát iad go pointe. Lámh chúnta nuair is gá dó, ach ní foláir do gach duine éirí as a stuaim fhéin i ndiadh a thuisme.


    Fearn

    ReplyDelete