15.7.13

An bán ina dhubh!

Le seachtain anuas tá an aimsir go hálainn ar fad. Tá an ghrian "ag scoilteadh na chlocha" mar a deirtear thart anseo. In aimsir mar seo tá firinne i bhfocal an amhráin an grúpa Aerach, Siar go Chonamara, "...an áit a mbíonn an chraic 'san spraoi, an áit a mbíonn na mná sínte ar an dtrá, 'sna fir is breachta in Éirinn.."

Tá na bláthanna sa fál sceach, ar thaobh na boithre á theaspáint iad fhéin dúinn. Boladh álainn ag teacht chugainn ó chuid acu, agus crónán na mbeach ag bailiú meala agus corr féileacán ag caochaíl thart, ag dul ó planda go planda ag baint sult as an aimsir bhreá, solas agus teas na gréine.

Agus mé ag siúlóid ó dheas ón teach inné thug mé faoi deara go raibh na bláthanna go tiubh ar driseacha. Comhartha maith don fhomhair nuair a bheidh na bláthanna céanna ina sméara dúbha lonnrach milis. Fomhair nár chuireamar mar a glaogh mé ar cheana!

Mé ag súil go mór leis na píoga sméara dúbha agus subh deas amach anseo.

No comments:

Post a Comment