31.7.13

Ag dul siar...


Tá an-taithí agam bheith ag léamh faoi Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ar facebook. Tá sé siar siar i Leitir Mealláin i gCeantair na n-Oileán ach go dtí an deireadh seachtaine níor thug mé chuairt air.

Tá an foirgneamh féin suite ar bhóithrín caol casta cam Chonamarach, beagnach chomh faide siar agus is féidir le duine tiomáint ó dheas sa cheantair. Ach is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an ionad! B'fhiú páistí scoile a thabhairt ann le fháil amach faoin saol agsu stair a sinsir.

Is i sean teach atá deisithe go deas atá an ionad féin. Agus tá sé lán de hábair a bhaineann, ní h-amháin leis an gceantair féin, ach leis an saol tuaithe in aon áit in Éirinn. Thuas staighre tá bailiúchán tabhachtach de nuachtáin, leabhair agus foilseacháin i nGaeilge le feiscint.

Seoid atá ann, agus is mór an creidiúint atá le dul do mhuintir na h-áite as tógra mar seo a eagrú. Tá sé tabhachtach go mbeadh achmhainn mar seo suite, mar atá sé seo, i gcroí-lár a ceantair féin.

Tháinig Coiste Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna le chéile chun Teanga, Cultúr agus Oidhreacht Cheantar na nOileán a chaomhnú agus a chur i láthair an phobail in ionad buan agus muintir na háite/turasóirí a mhealladh chuig an ionad seo. Mar chuid den tionscnamh d’oscail an tIonad Oidhreachta a dhoirse i Meitheamh na bliana 2009 agus an áit ar oscailt cúig lá na seachtaine ó shin i leith.

Tá tograí éagsúla idir lámha ag foireann oibre an Ionaid Oidhreachta le linn na bliana, lena n-áirítear togra ainmniú na ngarrantaí ar oileán Gharumna i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe, Turais Scoile faoi Threoir, ord agus eagar á chur ar stair an cheantair agus í á tabhairt cothrom le dáta, chun roinnt a lua.

Is tabhachtach go mór an obair atá idir lámh acu. Is íontach an obair atá ar siúl acu gan mórán maoine ó na hÚdaráis Stáit atá in ainm is a bheith a thabhairt cabhair do thionscnamh mar seo. Tionscnamh a fás aníos ón bpobal féin.

1 comment:

  1. Míle buíochas as an moladh breá a Eoin. Mar a deir tú tá muid suite chomh fada siar agus' atá an bia sa bhfaocha'ach is fiú go mór dul chomh fada linn chun an bailiúchán a fheiceáil duit féin

    ReplyDelete