29.5.13

Forbairt Naoínraí Teo ar chlár Primetime RTÉ

Is fada ó chonaic mé an méid tuíteanna nó tráchtanna ar facebook is a bhí ar an clár ar pháistí i naíolanna a bhí ar sheirbhís Béarla RTÉ Primetime aréir. Ar maidin d'éisigh Forbairt Naoínraí Teoranta ráiteas ag éirí as an gclár. Tá an ráiteas féin le fáil i bhfoirm pdf ar suíomh na heagraíochta féin!

"Is ábhar buartha d’earnáil luathbhlianta na hÉireann an méid a bhí le feiceáil ar chlár Primetime 28 Bealtaine 2013. Níl na droch-chleachtais a bhí le feiceáil ar chlár na hoíche anocht inghlactha i suíomh luathbhlianta ar bith. Ardaíodh neart ceisteanna gur gá tabhairt fúthu sa tréimhse amach romhainn agus é sin a dhéanamh i gcomhpháirt le chuile geallshealbhóir san earnáil, idir eagrais stáit, eagrais dheonacha, thuismitheoirí agus seirbhísí luathbhlianta.


Bíonn Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag obair le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag tabhairt tacaíochta, cúnaimh agus scileanna do na naíonraí sin chun caighdeán an chúraim agus luathoideachais sna seirbhísí luathbhlianta a ardú. Tugann FNT chuile tacaíocht do na naíonraí ionas gur féidir leo cloí leis na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile), 2006, agus dul i ngleic le hAistear, Creatchuraclam na Luath-Óige, agus le Síolta, an Chreatlach Náisúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige. Cuirtear an tacaíocht seo ar fáil trí chuairteanna comhairliúcháin ó Oifigigh Forbartha FNT, féilire oiliúna leathan agus cuimsitheach agus trí bholscaireacht agus ionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na luathbhlianta Gaeilge.

Molann FNT do gach naíonra eolas a roinnt go rialta agus go fial le tuismitheoirí, ar mhaithe na trédhearcachta agus an dea-chleachtais. Fáiltíonn Forbairt Naíonraí Teoranta féin roimh theagmháil agus fhiosrúcháin ó thuismitheoirí ar ábhar ar bith a bhaineann le seirbhísí naíonraí.

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag obair leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le páirtnéirí uile na hearnála chun ardchaighdeáin a chur chun cinn i ngach ghné d’obair sheirbhísí luathbhlianta na tíre. Tá ról lárnach á ghlacadh ag FNT i ndréachtadh, i bhforbairt agus i seachadadh an chur chuige nuabheartaithe do Chosaint Leanaí, i gcomhthéacs an Bhille Tús Áite do Leanaí, 2012. Is den riachtanas é go ndéanfaí infheistíocht in oiliúint agus san oideachas réamhsheirbhíse agus san fhoghlaim insheirbhíse d’oibrithe luathbhlianta, móide aitheantas cuí a chruthú don obair thábhachtach seo le leanaí óga.

Cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Foras na Gaeilge agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta."

No comments:

Post a Comment