9.1.13

16 ar ghearrliosta ag TG4

Tá sé ainmniúchán déag faighte ag cláracha agus pearsain de chuid TG4 sa nGearrliosta do Ghradaim IFTA 2013 (Béarla) a fógraíodh le deanaí. I measc na n-ainmniúchán, tá Carrie Crowley molta do dhuais an bhan-aisteora teilifíse dá páirt sa sraithdhráma Rásaí na Gaillimhe II. Beidh an tsraith sin san iomaíocht don Duais Ghaeilge freisin mar aon leis an scannán faisnéise Lón sa Spéir agus an saothar staire Scéal na Gaeilge.

Tá an clár faisnéise Faoi Gheasa ag an Quiet Man gearrliostáilte freisin mar aon le Ó Tholg go Tolg, Congo 1961 agus trí shaothar le cúlraí spóirt Jockey Eile, agus Jump Boys (rásaíocht) agus The West’s Awake (rugbaí). (Tá liosta iomlán ainmniúchán IFTA TG4 ar fáil thíos.

Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóir éagsúla. Foilsítear an gearrliosta ag tús na bliana agus fógraítear agus bronntar na duaiseanna IFTA féin ag ócáid ghalánta i mí Feabhra (9 Feabhra i mbliana).

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Pól Ó Gallchóir, a gcuid ainmniúchán ar fad leis na léiriúcháin le TG4 atá ar an nGearrliosta IFTA. Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo. “Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo,” a dúirt sé.

“Táimid an bhródúil as an uimhir ainmniúchán a fuaireamar ar ghearrliosta na bliana seo, go háirithe i réimse na faisnéise agus an spóirt. Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú.”

1 comment: