5.12.12

Maidin fuair!

"Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil...."
Ní raibh mé i ndán codladh agus ag an am ceanna níor léigh mé mo uaireadóir i gceart. Mar sin d'éirigh me go luath, ró luath, ar maidin.

Bhí sioch ann ach ós rud é go bhfuil m'oifig sa teach agam ní raibh fhios agam gur chuala mé Gráinne Ní Dhomhnaill á rá ar Nead na Fuiseoige. Shúil mé amach faoin aer ansin agus b'fhíor dí. Bhí sé fuair, an-fhuair.

Is beag scamall a bhí sa spéir. Bhí réalt san oirthear, plainéad éigin, níl mé cinnte cén ceann, Iúpatar i bhfad uainn nó Véineas níos congaraí dúinn. Bhi solas buí oráisteach dearg mar cineál bóna ag bun na spéire agsu a griain ag iarraidh éirí ag tús an lae.

Smaoiníos ar fhocail an amhrán:

...Ag éirí dom féin ar maidin an lae ghil 
'S mé gabhail fá'n choill chraobhaigh 's mé seoladh bó
Tharla dhom an spéirbhean 'na suí ar an léana
'S a fallaing léithe 's í lán de ghnó....


Ghlach mé pictiúir! An maith leat é?


3 comments:

  1. Ní "blimey" mar a chanas an Sasanach, a dúirt mé, ach "Bladhm na maidne -- cheap tú é!"


    Molann an grianghraf an lámh a bhrúigh an cnap!


    Fearn

    ReplyDelete