1.12.12

Foirceannadh toirchis nó ginmhilleadh!

Tá an scéal brónach, truamhéileach, faoi chlann Shavita i nGaillimh a chaill a céad ghin agus beatha an máthar in oispidéal na Gaillimhe i mbéal an phobail le coicís anuas. Tá se deachair a shamhlú cé chomh chroí bhriste is atá a fear agus tuigfeá a fhearg agus é ag lorg freagra ar a chuid ceisteanna.

Lus míonla goirt
Tá meoin nó aigne na hudarais, idir an FSS agus an Roinn Sláinte, deachair le tuiscint nuair nach ndearna siad teangabháil leis an fear agus an teangabháil leis a leanúint go dtí go raibh pé fhiosrú a bhí le déanamh déanta. Bhí sé scannalach go raibh air dul chuig na nuachtáin chun go dtosódh aon fhiosrú!

Dár liom tá an-mhíthuiscint ar an gcás fhéin agus má tá firinne ar bith sa tuairisc a thug a fear, tá an-cheist le freagairt. Cén fáth gur diúltaíodh cóir leighis ceart a thabhairt don bhean seo agus a leanbh?

Tá sé easca orainn, nach raibh ann, breithiúnas a thabhairt ach sílim go bhfuil "Lucht an ginmhilte" agus "Lucht Frith-Ghinmhilleadh," ag dul thár fóir leis. Tá an-chuid ag déanamh ceangal leis an gcás cáiliúil "X". Ní dóigh liom go bhfuil ceangal ar bith leis sin. Tá an ceangal sin ag ceapadh gur ginmhilleadh a bhí ón gclann, agus bfhéidir gur usáid siad an focal Béarla "abortion" ach tá mé ag ceapadh gur focal eile a úsáid siad, an focal "terminate the pregnancy." Sa Ghaeilge áfach is féidir an difir a fheiscint go soiléar. Rud a thug síciatraí le fios ar chlár ar Raidío na Gaeltachta cupla lá ó shin. Bhí alt maith (Béarla) ag Breda O'Brian in Irish Times ar an Sathairn a mhínigh an pointe seo go beacht soiléar.
Dom fháisceadh idir dhá bhró mhuileann (Alan Titley, Irish Times 5/12/2012)
Dár liom fhéin níl an rud ar a dtugtar "Ginmhilleadh" dlithúil nó fiú ceart. Is milleadh atá i gceist, sé sin deireadh a chur leis an leanbhín istigh i mbruinne d'aon ghnó. Ach más "Foirceannadh Toirchis" atá i gceist is scéal eile atá i gceist. Ón méid atá ar eolas againn go dtí seo níl aon rud sa dlí nó sa Bhunracht (ná i dteagasc na hEaglaise Chaitlicí) i gcoinne "foirceannadh toirchis," i gcás Shavita.

Tá áfach fadhb sa dlí maidir le cás X nach ndearnadh rud ar bith faoi ón gcás cúirte truamhéalach sin. Tá ar an Rialtas dlí a rith a déanfadh soiléar cás mar sin, go mór mór i gcás bagairt féin-mharú an máthar i gceist.

Sílim féin gur ceart dóibh, mar a mholann Breda O'Brien, dlí, ní chun deireadh a chur le saoil an pháiste, ach chun saol an mhathar a shabháil.

Ach thár aon rud eile ní mór dúinn smaoineamh agus gan dearmad a dhéanamh ar bhrón agus ar bhriseadh chroí atá ar Phraveen, chéile Shavita. Pé rud a thárla, tré mhí-thuiscint ar an dlí, nó diognóis mícheart, is ag caint faoi clann, daoine daonna atá scriosta in ár dtír féin agus iad i bhfad óna dtír fhéin.

2 comments:

  1. An áit a bhfuil fadhb ann ná nach gá do dhaoine nach gcreideann go bhfuil ginmhilleadh ceart ná cóir aon ghinmhilleadh bheith acu, agus ní shárófar a gcuid cearta. Ach daoine a chreideann gur gá an rogha bheith ann, níl aon rogha acu. Tá siad beo i dtír le dearcadh meánaoiseach, frithbhan. Agus chonaic muid an deireadh loighiciúil leeis an dearcadh sin le Savita H.

    ReplyDelete
  2. Ní chreidim fhéin gur ceart ná cóir ginmhilleadh a bheith ann. Tá ceart an bheatha ag gach éinne ó chruthaíodh iad, bíodh sé nó sí sa bhroinn nó beirthe.

    Ón méid a chuala mé agus atá léite agam faoin gcás trúimhéileach seo ní bheadh ginmhilleadh i gcéist.

    Ní aontaím go bhfuil gach duine atá "i gcoinneadh ghinmhilleadh" sna meán aoise nó "frithbhan."

    ReplyDelete