14.11.12

Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle!

Tá Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle, ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, le foilsiú i mí na Samhna 2012.

Feileann leabhar mór do Chathal Ó Háinle, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá sé aitheanta mar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge ón am a d’fhoilsigh sé a chéad alt acadúil leathchéad bliain ó shin. Ceiliúradh is ea an leabhar seo ar a bhfuil déanta aige do léann na Gaeilge ón am sin i leith.

Tá breis is míle leathanach ann agus breis is daichead alt ardchaighdeáin le saineolaithe ar mhórán chuile ghné de shaíocht na Gaeilge, ó ré na Sean-Ghaeilge anuas go béaloideas ár sinsear agus go litríocht an lae inniu. Tá na hailt go léir as Gaeilge, le péire acu as Gaeilge na hAlban.

Beirt léachtóirí i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide – Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich – a chuir an leabhar in eagar. Tá sé á fhoilsiú ag An Clóchomhar / Cló Iar-Chonnacht.

Deir Damian McManus, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, “Táim thar a bheith sásta go bhfuil an leabhar breá seo á fhoilsiú. Léiríonn sé an t-ardmheas atá ag lucht léinn na Gaeilge ar an Ollamh Ó Háinle. Is maith atá an t-aitheantas seo tuillte aige.”
Bhí slua mór de phobal na Gaeilge i láthair i gColáiste na Tríonóide Déardaoin 22 Samhain nuair a seoladh ceann de na leabhair Ghaeilge is mó riamh, Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle.

3 comments:

  1. +1000 leathnach?

    Sin ceapaire eolais mór!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Neart feoil istig ann leis ;-)

    ReplyDelete
  3. Beish orm na géaga agam a neartú roimh féachaint á léamh!


    Fearn

    ReplyDelete